YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 41

41
An Rí Cíoras á Ghairm
1Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige,
déanadh na ciníocha a neart a athnuachan;
tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad.
Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad.
2“Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear,
a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé?
Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó
agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair?
Déanann a chlaíomh deannach díobh
agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.
3Cuireann sé an ruaig orthu agus ar aghaidh leis san sábháilte
is ar éigean má bhaineann a chosa leis an mbealach.
4Cé hé a rinne an gníomh seo,
murarb é an té a ghlaonn ar na glúine ó thosach?
Mise, an Tiarna, atá i dtús ann
agus a bheidh ar deireadh; is mise é!”
5Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad,
tá an talamh ar crith ó cheann ceann;
tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.
6[Cuidíonn duine lena chomharsa,
agus deir lena bhráthair: “Misneach!”
7Spreagann an ceardaí an gabha óir;
gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona.
Deir sé faoin phlátáil: “Tá sé déanta go maith.”
Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.]
Tá Dia i bhFochair Iosrael
8Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla;
tusa, a Iacóib, atá tofa agam,
síol Abrahám, mo chara.
9Tusa a thug mé ó chríocha na talún
agus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne;
tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla,
tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”
10Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair;
ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia.
Cuirimse neart ionat agus cuidím leat,
coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
11Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu,
iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne.
Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal,
an dream a bhí ag iomaíocht leat.
12Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu,
na céilí comhraic seo agat;
dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad,
an dream atá ag cur catha ort.
13Óir mise, an Tiarna, do Dhia,
tá greim agam ar do láimh dheas;
deirim leat: “Ná bíodh eagla ort,
táimse ag teacht i gcabhair ort.”
14Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín,
a fhrídín, a Iosrael.
Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna -
is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
15Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot,
é úrnua agus dhá chíor fiacal ann.
Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte,
déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.
16Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad,
cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu.
Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna,
beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.
Éachta an Eaxodus Nua
17Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann.
Tá an teanga spallta iontu le tart.
Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh,
mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.
18Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneacha
agus fuaráin uisce i lár na ngleannta.
Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlach
agus toibreacha den talamh tirim.
19San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais,
crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige.
Sa díthreabh cuirfidh mé an t‑aiteal,
crann plána agus cufróg le hais a chéile.
20Chun go bhfeice daoine agus go n‑aithní siad,
chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéile
gurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin,
gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.
Is é an Tiarna an t‑aon Dia amháin
21“Tugaigí bhur gcúis i láthair,” a deir an Tiarna;
“déanaigí bhur bpléadáil,” a deir rí Iacóib.
22“Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo,
agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach.
Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thart
go dtabharfaimis aird ar bith orthu?
Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadh
chun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.
23Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo,
chun go bhfeice muid an déithe sibh.
Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona,
chun go n‑airí muid agus go bhfeice muid go léir é.
24Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar,
is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”
Bua Chíorais sa Tairngreacht
25Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé,
ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm.
Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu,
mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.
26Cé a d'fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn?
fadó riamh, chun go ndéarfaí: “Tá sé ceart”?
Ach ní raibh duine ar bith ann a d'fhoilsigh é,
duine ar bith a d'fhógair é,
duine ar bith a chuala focal uait.
27Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: “Seo chugainn iad”;
bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim.
28Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann,
ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc
go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.
29Ní dada iad agus iad a chur le chéile;
neamhní is ea a n‑oibreacha,
níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois.

Currently Selected:

Íseáia 41: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in