YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 40

40
An Dara Cuid -- Leabhar Shólás Iosrael
Gairm an Fháidh
1“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,”
a deir bhur nDia.
2“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di
go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,
go bhfuil a peaca maite,
go bhfuair sí ó láimh an Tiarna
pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
3Tá glór ag fógairt:
“Réitigí cosán san fhásach
le haghaidh an Tiarna.
Déanaigí díreach thar an machaire
bealach mór dár nDia.
4Líontar isteach gach gleann,
agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc;
déantar achréidh de na hailteanna
agus míntír den gharbhchríoch.
5Ansin foilseofar glóir an Tiarna
agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht.
Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”
6Deir glór: “Glaoigh!”
agus deirimse ar ais: “Cad a ghlaofaidh mé?”
- “Tá an uile fheoil mar an féar
agus a scéimh ar fad mar bhláth an mhachaire.
7Feonn an féar, tréigeann an bláth,
nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu.
(Is ea, is é an pobal an féar.)
8Feonn an féar, tréigeann an bláth,
ach seasann briathar ár nDé go deo.”
Foilsiú Dé á Fhógairt
9Suas leat ar shliabh ard,
a challaire an dea-scéala chuig Síón.
Ardaigh do ghlór go láidir,
a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.
Ardaigh do ghlór gan eagla,
abair le bailte Iúdá:
“Seo é bhur nDia.”
10Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,
agus a lámh ag smachtú roimhe!
Tá a luach saothair leis ina sheilbh,
agus a éadáil ag dul roimhe amach.
11Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,
ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn,
á n‑iompar ar chlár a uchta
agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Mórgacht Dé
12Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige
agus a leag amach na spéartha lena réise?
a chruinnigh cré na talún i miosúr,
a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí
agus na cnocáin in ainsiléad?
13Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarna
nó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó?
14Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas,
chun eolas a chur ar bhealach na córach,
chun slí na tuisceana a aimsiú?
15Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige!
níl iontu ach deannach ar an ainsiléad.
Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.
16Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh,
ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.
17Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair;
is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.
18Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht?
Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?
19Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla,
a gcuireann gabha screamh óir air,
agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.
20Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó,
adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.
21An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh?
An ea nár insíodh daoibh é ón tús?
An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?
22Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne,
agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh.
Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu,
spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe. 23Cuireann sé na huachtaráin ó chrích,
agus breithiúna na talún ar neamhní.
24Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh,
ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas
ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt
agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
25“Cé leis a shamhlóidh sibh mé,
nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.
26Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí:
Cé a chruthaigh na réanna úd
murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad
agus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm?
Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir
nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.
Uilechumhacht Dé
27Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib,
agus a maíonn tú, a Iosrael:
“Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarna
agus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia”?
28An ea nach bhfuil fhios agat?
An ea nach eol duit é?
Dia síoraí is ea an Tiarna,
is é a chruthaigh críocha na talún.
Ní thagann tuirse air ná traochadh
agus níl léamh ar a eagna.
29Tugann sé neart don té atá tuirseach,
cuireann fuinneamh arís sa té atá lag.
30Fiú an t‑aos óg, bíonn siad tuirseash traochta,
agus baintear tuisliú as fir óga chomh maith.
31Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu,
éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair.
Ritheann siad gan a bheith cortha,
siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.

Currently Selected:

Íseáia 40: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in