YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 43

43
Saoirse Iosrael
1Anois, seo mar a deir an Tiarna,
do Chruthaitheoirse, a Iacóib,
agus fear do dhealfa, a Iosrael:
“Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam;
ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.
2Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat;
má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú.
Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin,
ná ní loiscfidh an lasair thú.
3Óir is mise an Tiarna, do Dhia,
Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir.
Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte,
Cúis agus Saba mar éiric ionat.
4Mar is luachmhar thú i mo shúile,
is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.
Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad,
agus ciníocha in éiric d'anama.
5Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat.
As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliocht
agus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.
6Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’
agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’
Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéin
agus m'iníonacha ó chríocha na talún,
7cách a nglaoitear dó m'ainmse,
óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad,
is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”
An Tiarna amháin is Dia ann
8Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu,
an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.
9Bailíodh na náisiúin go léir le chéile
agus cruinníodh na ciníocha.
Cé ina measc a d'fhoilsigh sin
nó a d'fhógair é anallód?
Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh,
cloistear iad chun gur féidir á rá: “Tá sin fíor!”
10Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna -
agus mo ghiollaí atá tofa agam,
ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé
agus go dtuigfidh sibh gur mise é.
Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia,
ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
11Mise, is mise an Tiarna,
agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.
12Is mise a rinne foilsiú agus slánú agus fógairt.
Ní bheidh dia eachtrannach ar bith in bhur measc!
Is sibhse mo chuid finnéithe - briathar an Tiarna -
agus is mise Dia;
13ó gheal an lá is mise é.
Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim;
déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?
Cuirfear an Bhablóin ar Ceal
14Is mar seo a deir an Tiarna,
bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael:
“Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin;
leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh
agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.
15Is mise an Tiarna, bhur Neach Naofa,
bhur gCruthaitheoir, a Iosrael, agus bhur Rí.”
Éachtaí an Eaxodus Nua
16Is mar seo a deir an Tiarna,
a rinne bealach mór tríd an bhfarraige,
cosán thar an mbóchna thréamanta;
17a sheol carbaid agus capaill chun catha
agus slua ollmhór lena gcois;
luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh,
múchadh iad mar bheadh barrach dóite:
18“Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla,
ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.
19Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam,
tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?
Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach
agus cosáin san uaigneas.
20Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom,
na mic tíre agus na hulchabháin,
óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach,
aibhneacha sa dúiche fhiáin,
chun tart mo phobail thofa a chosc.
21An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin,
déanfaidh siad mo mholadh a aithris!
Míbhuíochas Iosrael
22A Iacóib, ní tusa a ghlaoigh ormsa,
ná [níor chuir tú aon stró ort féin] ar mo shonsa, a Iosrael!
23Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada,
níor thug tú onóir dom le híobairtí.
Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort,
níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.
24Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid,
níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí.
Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm,
thuirsigh tú mé le do choireanna.
25Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal
agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.
26Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile,
déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion.
27Rinne do chéad sinsear peaca,
agus do theangacha labhartha, d'éirigh siad amach i mo choinne.
28Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir.
Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smola
agus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán.

Currently Selected:

Íseáia 43: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in