Íseáia 4
4
1Agus béarfaidh seachtar ban greim
ar aon fhear amháin, an lá sin:
“Gheobhaimid bia dúinn féin,” a déarfaidh siad,
“agus cuirfimid éadaí orainn féin;
ach lig dúinn d'ainm a thabhairt orainn féin,
tóg dínn cúis ár náire.”
Fuíoll Áir Iarúsailéim
2Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna
faoi loinnir agus faoi mhaise,
agus toradh na talún
mar ghlóir agus mar scéimh
ag iarmhar Iosrael.
3An dream a mhairfidh de Shíón,
fuíoll áir Iarúsailéim
tabharfar naoimh orthu uile
agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.
An Foras Nua le Teacht
4Truailliú iníon Shíón,
nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna,
agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh
le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,
5tiocfaidh an Tiarna a chónaí
i ngach uile chuid de Shliabh Shíón
agus orthu siúd a thagann le chéile ann,
ina néal agus ina dheatach de lá,
agus d'oíche, ina chaor thine luisneach.
Óir os a chionn ar fad, beidh glóir an Tiarna
ina léibheann 6agus ina both
chun scáth a thabhairt sa lá in aghaidh an teasa,
agus chun bheith ina tearmann agus ina dídean in éadan báistí agus stoirme.
Currently Selected:
Íseáia 4: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.