YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 5

5
Amhrán na Fíniúna
1Canaim thar ceann mo chara
duan a ghrá dá fhíonghort.
Bhí fíonghort ag mo chara
ar chnocán torthúil.
2Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha,
agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann,
thóg sé túr faire ina lár,
agus thochail cantaoir ann leis.
Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh,
ach thug sé fiachaora dó.
3Agus anois, a phobal Iarúsailéim
agus a mhuintir Iúdá,
tugaigí breithiúnas
idir mé féin agus an fíonghort seo liom.
4Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirt
nach bhfuil déanta agam?
Bhí mé ag dréim le caora fíona.
Cén fáth na fiachaora amháin?
5Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois
cad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort:
an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach,
an balla a leagan chun go satlófar air.
6Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú,
agus sceacha agus driseacha ag fás air.
Crosfaidh mé ar na néalta
an fhearthainn a fhearadh air.
7Óir, fíonghort Thiarna na slua,
is é teaghlach Iosrael é,
agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann.
Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart,
le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.
Na Mallachtaí
8Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach,
agus a chuireann páirc i gcionn páirce,
go dtí go dtógann suas an láthair ar fad
agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.
9Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa:
“Is iomaí teach a leagfar!
Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;
10deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin,
agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”
11Is mairg dóibh siúd a mbíonn tóir acu
ó mhaidin moch ar an bpóit,
agus a shuíonn déanach san oíche
ag súmaireacht fíona.
12Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol,
bodhráin agus feadóga,
agus fíon a gcuid meisceoireachta.
Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi,
agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.
13Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíocht
de cheal tuisceana,
a n‑uaisle stiúgtha ag an ocras,
agus an slua spalptha le tart.
14Sea, leathfaidh Seól a chraos,
osclóidh sé a bhéal as miosúr,
agus síos ann leis an gcólp ghalánta,
agus iad ag liúireach le lúcháir!
15Ísleofar an duine, agus an daonnaí, tabharfar céim síos dó
agus beidh ceann faoi ar lucht díomais.
16Ardófar Tiarna na Slua as ucht ceart a bhreithiúnais,
agus foilseofar naofacht an Dé Naofa trína fhíréantacht.
17Beidh uain ag iníor mar bheadh siad ar thalamh féaraigh,
beithígh bheathaithe agus mionnáin ag innilt i measc na bhfothracha.
18Is mairg dóibh siúd a tharraingíonn creach orthu féin le teaghrán eallaigh,
agus an peaca
mar bheadh tarraingeáil chairte orthu!
19Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh
ionas go bhfeicfimid é;
bearta Neach Naofa Iosrael,
tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad,
chun gurb eol dúinn iad.”
20Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith,
a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas,
a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!
21Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin,
agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!
22Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta,
agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!
23Is mairg a scaoileann saor an ciontach ar bhreab,
ach a bhaineann a cheart den duine cóir!
24Mar alpann na lasracha an coinleach
agus mar a chailltear an cháith sa tine,
is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo
agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach,
as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua
agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
Fearg an Tiarna
25Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal
agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh;
tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí
mar bheadh dramhaíl sna sráideanna.
Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin,
tá a lámh ag bagairt go fóill.
Ionradh na nAsaíreach
26Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin,
ligfidh fead air ó imeall an domhain,
agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.
27Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach,
ná duine atá ceanntrom ná codlatach;
a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acu
ná iall a chuid cuarán briste.
28Tá faobhar i gceart ar a shaigheada
agus tá na boghanna uile rite aige;
is crua ná scileach crúba a chuid capall,
agus rothaí a charbad ar nós guairneán gaoithe.
29Búirthíl leoin bhaininn atá aige,
agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann;
ligeann sé glam agus beireann ar a chreach,
ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.
30Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin
mar bheadh búiríl na farraige ann.
Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis,
agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.

Currently Selected:

Íseáia 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in