Íseáia 6
6
Leabhar Ímeánuéil
Gairm Íseáia
1An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine: 2bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d'eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte. 3Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile:
“Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua.
Tá an talamh lán dá ghlóir.”
4Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach. 5Arsa mise:
Is mairg dom, tá mé caillte,
óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan,
tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan
agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
6Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir. 7Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:
“Seo, cuimleadh í seo le do bheola,
tá do pheaca scriosta,
tá d'urchóid clúdaithe.”
8Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá:
“Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?”
D'fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!” 9Dúirt sé liom:
“Imigh agus abair leis an bpobal seo:
‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint,
breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.
10Déan croí an phobail seo trom,
déan a gcluasa bodhar,
dall a gcuid súl,
ar eagla go bhfeicfeadh a súile,
go gcloisfeadh a gcluasa,
go dtuigfeadh a gcroí,
go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”
11Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé:
“Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad,
na tithe gan duine daonna,
an tuath tréigthe,
12agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as.
Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,
13agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán,
is é an scrios atá i ndán dóibh freisin,
ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán.
Síol naofa is ea an grágán sin.”
Currently Selected:
Íseáia 6: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.