Íseáia 3
3
Ainriail in Iarúsailéim
1Sea, féach, tá an Tiarna Dia na Slua,
ag dul an uile chrann taca a bhaint
de Iarúsailéim agus de Iúdá,
(taca aráin agus taca uisce);
2gaiscíoch, ceithearnach, breitheamh agus fáidh,
fear feasa, seanóir, 3ceann feadhna, ceannasaí,
comhairleoir, draoi agus ceard.
4“Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh,
agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.”
5Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéile
agus sin idir comharsana;
an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine,
agus an daoscar leis an uasal,
6ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar:
“Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn,
agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.”
7Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin:
“Ní fear leighis mise,
níl arán ná brat i mo theach;
ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.”
8Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht,
tá Iúdá ag titim i bhfothracha,
óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna,
is masla iad ar a ghlóir.
9A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é,
déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom.
Is trua a gcás,
mar rinne siad a gcreachadh féin.
10Abraigí: “Is méanar don fhíréan,
mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;
11Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air,
caithfear leis de réir saothar a lámh.”
12A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra
agus faoi anfhorlann ag mná.
A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán
agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.
13Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais,
tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú.
14Tá an Tiarna ag daoradh
seanóirí agus prionsaí a phobail.
“Is sibhse a chreachann an fíonghort
agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe.
15Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh,
agus aghaidh na mbochtán a bhrú?”
Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.
Aitheasc do na Mná
16Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomais
iníonacha Shíón,
mar go siúlann siad lena gceann suas
agus iad ag caitheamh catsúile,
mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim,
ag baint ceoil as a bhfáinní coise,
17Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbach
agus a náire tarnocht.”
18Sa lá sin, tabharfaidh an Tiarna chun siúil fáinní múrnáin, corráin, síogairlíní, 19bráisléid, caillí, filléid, 20cóiriú gruaige, slabhairíní coise, criosanna, boscaí cumhráin agus briochtaí, 21fáinní, sróiníní, 22éadach luachmhar, fallaingeacha, cábaí, sparáin, 23scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn.
24In ionad an chumhráin, lofacht;
in ionad creasa, súgán;
in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha,
agus mar éide mhaiseach, éadach róin;
in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg.
Baintreacha Iarúsailéim
25Titfidh do chuid fear leis an gclaíomh,
agus do ghaiscígh sa choimheascar.
26Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní;
agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht.
Currently Selected:
Íseáia 3: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.