YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 30

30
In Éadan na hAmbasáide chun na hÉigipte
1Is mairg do chlann na ceannairce!
- briathar an Tiarna é seo.
Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é,
ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi,
ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.
2Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt,
gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal,
ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainn
agus foscadh ar scáth na hÉigipte.
3Ina hábhar náire agaibh a bheidh an dídean sin Fhorainn,
foscadh scáth na hÉigipte ina chúis mearbhaill daoibh;
4cé go bhfuil a thaoisigh tar éis teacht go Zoan,
agus a theachtairí imithe fhad le Hánaes.
5Tá féiríní ar iompar acu siúd uile
chuig pobal nach fearrde iad é,
nach dtabharfaidh cabhair ná cúnamh dóibh
ach náire agus masla.
Fáistine Eile
6Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas.
Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine
is fearann don leon baineann, do leon na búiríola,
don nathair nimhe agus don dragan eiteogach,
a saibhreas ar dhroim asal acu,
a dtaiscí ar chruit chamall acu,
agus iad á n‑iompar chuig pobal nach fearrde iad é.
7Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth;
is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi:
Ráhab na leisce.
Tiomna
8Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo,
scríobh ar scrolla é,
chun go mbeidh sé san am atá le teacht
ina fhianaise bhuan:
9Is pobal míréireach iad seo,
is clann bhréagach,
clann nach áil leo éisteacht
le reacht an Tiarna.
10Deir siad le lucht físe:
“Ná bíodh físeanna agaibh”,
agus leis na fáithe:
“Ná tuaraigí an ceart dúinn”.
“Déanaigí plámas linn,
bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;
11fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí;
as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”
12Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael:
“De bhrí gur beag libh an rabhadh seo,
agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall,
agus gurb iad is crann taca agaibh,
13léireofar daoibh an cion seo
a bheith mar a bheadh balla ard
agus gág anuas ann,
bolg amach air agus é i ríocht titim,
a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,
14a bhriseann ar nós soitheach potaire
á smísteáil síos gan trua gan taise,
- ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar
oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach
nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”
15Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael:
San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh,
sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart,
ach níorbh áil libh.”
16Dúirt sibh: “Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!”
Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh!
“I gcarbaid mheara a theithfimid!”
Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh!
17Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt,
bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle,
go dtí nach mbeidh fágtha díbh
ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin,
mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.
18Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais,
is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh;
óir Dia cóir is ea an Tiarna,
is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
An Rathúnas le Teacht
19Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt. 20Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú. 21Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: “Seo an bealach, leanaigí é”, cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh. 22Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; “Gread leat!” a déarfaidh tú leo. 23Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t‑arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan. 24Na daimh agus na hasail a threabhann an talamh, beidh coirce blasta le hithe acu, a ndearnadh cáitheadh air le sluasaid agus le cáiteog. 25Agus ar gach sliabh ard agus gach cnoc mór beidh srutháin uisce agus sreabha lá an áir nuair a thitfidh na dúnfoirt. 26Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.
Brisfear an Asaír
27Breathnaigí! Tá ainm an Tiarna ag teacht ó chríoch i gcéin,
is loiscneach a fhearg, is trom an t‑ualach atá air,
tá a bheola ag cur thar maoil le cuthach,
agus a theanga ina tine chraosach.
28Tá a anáil mar thuile in abhainn,
a thiocfadh go muineál ar dhuine.
Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte,
chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha. 29Beidh bhur gceolsa, áfach, mar bheadh oíche chinn féile ann,
agus aoibhneas ar chroí gach aon.
Ar nós an té a bhuaileann bóthar le ceol na bhfeadóg
ar a bhealach ionsar shliabh an Tiarna, ionsar charraig Iosrael,
30Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir,
agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe,
i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí,
i séideán báistí agus clochshneachta.
31Óir is é glór an Tiarna a chuirfidh coiscriú ar an Asaír,
agus í faoi bhuillí a bhata,
32gach buille den bhata
agus den phionós a leagfaidh an Tiarna uirthi,
le bodhráin agus le cláirseacha agus le damhsaí...
33Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit,
agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith,
clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid,
agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.

Currently Selected:

Íseáia 30: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in