YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 31

31
In Éadan na hÉigipte
1Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine,
atá ag cur a muiníne i gcapaill,
agus a ndóchas i líon na gcarbad
agus i marcshlua neartmhar,
ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor
ná nár lorg comhairle an Tiarna.
2Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leor
chun an tubaiste a chur faoi deara freisin;
ní dual dó dul siar ar a fhocal,
ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n‑urchóideach,
ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha.
3Daoine is ea na hÉigiptigh agus ní déithe;
is feoil a gcuid each agus ní spiorad;
agus nuair a shínfidh an Tiarna amach a lámh,
bainfear tuisle as fear an chuidithe
agus titfidh an fear ar cuidíodh leis ina theannta,
agus caillfear iad go léir le chéile.
In Éadan na hAsaíre
4Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom:
Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche,
agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne,
gan scáth a theacht air lena scairteach,
ná scaoll lena gcallán,
is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun catha
ar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard.
5Ar nós mar bhíonn éanlaith ar foluain,
is amhlaidh a dhéanfaidh Tiarna na Slua cumhdach ar Iarúsailéim,
á cumhdach agus á baint as braighdeanas,
ag ligean léi agus á scaoileadh saor.
6Filligí ar an té atá séanta agus dúshéanta agaibh, a chlann Iosrael.
7Sea, an lá sin caithfidh gach duine uaidh
na híola airgid agus na híola óir
atá dealbhaithe agaibh le bhur lámha ciontacha.
8Rachaidh an Asaír síos roimh chlaíomh nach ón duine é
agus alpfar é le claíomh nach daonna;
teithfidh sé ar aghaidh an chlaímh
agus déanfar sclábhaithe dá chuid óglach.
9Tréigfidh sé a dhúnfort le tréan eagla
agus fágfaidh a thaoisigh an meirge le barr scéine.
Fáistine é seo ón Tiarna féin a bhfuil tine ar lasadh aige i Síón
agus foirnéis aige in Iarúsailéim.

Currently Selected:

Íseáia 31: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in