1
Íseáia 30:21
An Bíobla Naofa 1981
Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: “Seo an bealach, leanaigí é”, cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh.
Compare
Explore Íseáia 30:21
2
Íseáia 30:18
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
Explore Íseáia 30:18
3
Íseáia 30:15
Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.”
Explore Íseáia 30:15
4
Íseáia 30:20
Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú.
Explore Íseáia 30:20
5
Íseáia 30:19
Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt.
Explore Íseáia 30:19
6
Íseáia 30:1
Is mairg do chlann na ceannairce! - briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.
Explore Íseáia 30:1
Home
Bible
Plans
Videos