Íseáia 26
26
Duan Bua
1An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá:
“Tá baile daingean againn;
leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.
2Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta,
an té a sheasann lena ghealltanas,
3atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin,
óir is asatsa atá a mhuinín.
4Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo,
óir is é an Tiarna an charraig shíoraí;
5d'ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda,
muintir an dúnfoirt daingin,
leagann sé iad, leagann iad ar lár,
caitheann sé síos iad sa láib;
6cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán,
siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”
Salm
7Is díreach bealach an fhíréin,
réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.
8Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas
tá muid ag fanacht ort, a Thiarna,
is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.
9Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche,
agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh;
nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh,
foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.
10Má thugtar fabhraíocht don urchóideach,
ní fhoghlaimíonn sé ionracas,
i dtír na córa, déanann sé urchóid;
ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.
11A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde;
ní fheiceann siad í.
Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu;
an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
12A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn,
óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn.
13A Thiarna, a Dhia linn,
bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn
ach ní aithnímid ach tusa feasta,
ní aithnímid ach d'ainmse amháin.
14Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís.
Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó,
mar tá siad smachtaithe scriosta agat
agus tá a gcuimhne curtha ar ceal.
15Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é;
tabhair glóir don phobal,
cuir fairsinge le críocha na tíre go léir!
16A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg;
anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.
17Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne,
is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair;
18ghabh muid gin, tá muid i bpriacal mar bheimis ag saolú;
ach níor thug muid spiorad an tslánaithe ar an saol,
níl áitritheoirí á mbreith don domhan níos mó.
19Beidh saol ag do chuid marbhánach arís,
éireoidh a gcoirp as an nua;
músclaígí, déanaigí gairdeas,
sibhse uile atá sínte sa láib;
óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa,
agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Freagra an Tiarna
20Imigh, a phobal liom, gabh isteach i do sheomraí
agus dún na doirse i do dhiaidh.
Gabh i bhfolach seal nóiméid
go dtí go dté an fhearg thart.
21Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach
chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir.
Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag,
agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.
Currently Selected:
Íseáia 26: ABN
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.