YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 27

27
1An lá sin, smachtóidh an Tiarna
lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir,
Leiviatan, an nathair éalaitheach,
Leiviatan, an nathair lúbarnach:
maróidh sé dragan na farraige.
Fíniúin an Tiarna
2An lá sin, canaigí an fíonghort taitneamhach!
3Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air;
bím de shíor ag coinneáil uisce leis
ar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr;
de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.
4Fearg níl orm a thuilleadh!
Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann,
cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!
5Sin nó cead acu dul ar mo choimirce
agus síocháin a dhéanamh liom.
Is mairg nach ndéanann siad síocháin liom!
Trócaire agus Pionós
6Sna laethe atá le teacht cuirfidh Iacób péacáin amach,
tiocfaidh bláth agus toradh ar Iosrael;
líonfaidh sé aghaidh na talún le torthaí.
7An é gur leadhb Dia é mar a leadhb sé lucht a leadhbtha?
Ar bhásaigh é mar a bhásaigh sé lucht a bhásaithe?
8Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt;
chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann.
9Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib
agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca:
go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir
mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear.
Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh
10óir tá an chathair dhaingean ina fásach,
tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann.
Is ann a thagann an tréad ag iníor,
is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.
11Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad;
tagann mná agus lasann siad an tine leo.
Óir is pobal é seo atá gan tuiscint,
mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh;
an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.
Fáistine
12An lá sin, déanfaidh an Tiarna an grán a bhualadh
ó shruth na hAbhann go caise na hÉigipte,
agus baileofar sibh aon ar aon, a chlann Iosrael.
13An lá sin, séidfear an stoc mór
agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre
agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte,
agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.

Currently Selected:

Íseáia 27: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in