YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 25

25
Urnaí Altaithe
1A Thiarna, is tú mo Dhia;
móraim thú agus ceiliúraim d'ainm;
mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích,
comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh,
chuir go fíréanta agus go fírinneach.
2Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch
agus bailte poirt ina gconamar.
Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach,
ní dhéanfar a atógáil arís go deo.
3Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit;
uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.
4Mar is tearmann thú don dearóil,
tearmann don dealbh in am a ghátair;
dídean ón stoirm agus scáth ón teas,
mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.
5Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach,
ceansóidh tú gleo lucht an díomais;
mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill,
cuirfear ceol na mborb ina thost.
Fleá Dheireadh Aimsire
6Ullmhóidh Tiarna na Slua
ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir
cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta,
de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
7agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin
a bhí ag clúdach na gciníocha go léir,
agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;
8cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.
Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;
tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;
óir is é an Tiarna a dúirt é.
9Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é,
a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;
is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.
Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
10óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo.
Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin,
mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;
11agus síneann sé amach a lámha ansin,
mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha.
Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabhar
le gach bang dá ndéanann sé.
12Do bhábhúin arda uaibhreacha
scriosann sé iad, leagann sé iad,
caitheann sé síos iad sa láib.

Currently Selected:

Íseáia 25: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in