Íseáia 24
24
Fáistine faoi lá Breithiúnais Dé
An Breithiúnas
1Féach, tá an Tiarna ag creachadh na talún,
tá sé á scriosadh agus á hiompú bun os cionn;
tá a muintir á scaipeadh aige,
2idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal,
máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir,
iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí.
3Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh;
sladaithe agus deargshladaithe a bheidh,
mar a d'ordaigh an Tiarna.
4Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí,
tá an domhan ag meath agus in ísle brí,
tá neamh agus talamh ag meath.
5Tá an talamh truaillithe
faoi chosa a cuid áitreabhach,
óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna,
choill an conradh síoraí.
6Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún
agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta.
Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite,
agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.
An Chathair Scriosta
7Tá an fíon faoi bhrón, an fhíniúin ag meath,
agus lucht an ghliondar croí ag osnaíl.
8Tá deireadh le meadhar na mbodhrán,
agus críoch le callán lucht gairdis;
tá deireadh le meadhar na gcláirseach.
9Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol,
agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille.
10Tá cathair an neamhní ar lár,
tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu.
11Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona;
tá deireadh leis an uile lúcháir,
tá an t‑áthas díbeartha ón tír.
12Níl fágtha sa chathair ach léirscrios,
tá an geata briste ina chonamar.
13Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad,
i gcás na gciníocha uile,
mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu,
mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.
14Gáireann daoine amach in ard a gcinn, liúnn siad le barr áthais;
canann siad mórgacht an Tiarna ó chois na farraige thiar.
15Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna,
agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.
16Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: “Glóir don Fhíréan!”
Ach deirimse: “Is leor, is leor sin!
Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall,
ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!”
17Scéin agus clais agus gaiste
is ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!
18An té a theitheann ó thorann na scéine,
titfidh sé sa chlais;
má dhreapann sé aníos as an gclais,
béarfar air sa ghaiste.
An Breithiúnas Fós
Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh,
agus bunsraith na talún ar crith.
19Tá an talamh briste ina smionagar,
tá an talamh á scoilteadh agus á scáineadh,
tá an talamh ag crith agus ag creathnú.
20Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann,
tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann;
is trom é an t‑ualach air a chuid peacaí,
titeann sé gan éirí i ndán dó.
21An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir,
agus abhus ar talamh ríthe na talún.
22Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais,
caithfear isteach sa charcair iad
agus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.
23Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian,
óir déanfar rí de Thiarna na Slua
ar shliabh Shíón in Iarúsailéim
agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.
Currently Selected:
Íseáia 24: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.