YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 23

23
Dán ar an Tuír agus Síodón
1Fáistine i dtaobh na Tuíre.
Caoinigí, a longa Thairsís,
mar tá bhur longfort scriosta.
Ar a mbealach ó thír Chitím
is ea chuala siad an scéala.
2Déanaigí mairgneach, a mhuintir an chósta,
a cheannaithe Shíodóine,
a mbíodh bhur bhfeidhmeannaigh ag taisteal na bhfarraigí
3agus na bóchna móire.
Arbhar na Níle agus fómhar na hAbhann
a rinne a saibhreas,
agus bhíodh sí ag díol leis an domhan mór.
4Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón,
óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir:
“Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh;
níl clann mhac agam le tógáil
ná iníonacha le hoiliúint.”
5Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt,
beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre.
6Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad,
bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.
7An é sin bhur gcathair ghriothalánach,
a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall,
a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad,
chun cónaí a dhéanamh i gcéin?
8Cé a cheap an beart seo
i gcoinne Tuír na gcoróineacha,
a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí,
agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún?
9Is é Tiarna na Slua a bheartaigh,
chun díomas a scéimhe a ísliú,
chun toicithe na talún a chaitheamh síos.
10Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís,
níl an calafort ann níos mó!
11Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraige
agus chroith sé a cuid ríochtaí;
thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.
12Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó,
a mhaighdean ar a ndearnadh éigean,
a iníon Shíodóine!
Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím;
thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”
13Féach an tír seo dár dhual longa!
Thóg na Caildéigh a dtúir léigir.
Leag siad a cuid daingean
agus d'fhág ina ballóg í.
14Caoinigí, a longa Thairsís,
mar tá bhur longfort scriosta!
An Tuír á cur faoi Smacht
15Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin:
16Tóg do chláirseach, déan cuairt na cathrach,
a striapach bhocht thréigthe!
Seinn go binn, croch suas do cheol,
spreag cuimhne ort sna daoine arís!
17Mar sin i gcionn deich mbliana agus trí scór tiocfaidh an Tiarna ar a chuairt chuig an Tuír. Tosóidh sí arís ar chúiteamh a cuid striapachais a fháil. Deanfaidh sí striapach di féin le ríochtaí an domhain uile ar dhroim talún. 18Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta.

Currently Selected:

Íseáia 23: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in