YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 21

21
Daoir
1“Seo iad na cinnte a chuirfidh tú rompu:
2Nuair a cheannóidh tú daor Eabhrach, déanfaidh sé seirbhís sé bliana duit, ansin sa seachtú bliain, imeoidh sé leis saor gan aon fhiacha air. 3Más singil a thagann sé, imeoidh sé singil; más pósta a thagann sé, imeoidh a bhean amach leis. 4Má thugann a mháistir bean dó agus go mbronnann sí clann mhac agus iníonacha air, bainfidh an bhean agus an chlann leis an máistir, agus imeoidh sé leis féin amháin. 5Ach má deir an daor go follas: Tá cion agam ar mo mháistir, ar mo bhean, agus ar mo chlann. Ní áil liom imeacht saor. 6Ansin tabharfaidh a mhaistir chun Dé é, á threorú chun an dorais nó na tairsí. Cuirfidh a mháistir poll ina chluais le meana, agus beidh sé ag fónamh dó lena shaol. 7Má dhíolann fear a iníon mar dhaoirseach, ní imeoidh sí saor dala an daoir fir. 8Mura dtaitníonn sí lena máistir a d'áirithigh dó féin í, ansin ligfidh sé í a fhuascailt; ní bheidh aon cheart aige í a dhíol le pobal deoranta, mar go raibh sé mídhílis di. 9Más dá mhac a d'áirithigh sé í, cuirfidh sé cóir iníne uirthi. 10Má ghabhann sé bean eile chuige, ní laghdóidh sé ar a bia, a deoch ná a cearta céile. 11Má dhiúltaíonn sé na trí rudaí sin di, ní miste di imeacht léi, saor, in aisce.
Marú
12Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis. 13Murar fhan sé in eadarnaí air, ach gur sheol Dia ina lámha é, ansin ainmneoidh mé duit áit a bheidh ina thearmann dó. 14Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe. 15An té a bhuailfidh a athair nó a mháthair, ní foláir é a chur chun báis. 16An té a fhuadaíonn fear - cibé acu a dhíolann sé é nó go bhfaightear ina sheilbh é - ní foláir é chur chun báis. 17An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.
Goin agus Leonadh
18Má bhíonn aighneas idir daoine agus go mbuaileann fear fear eile le cloch nó lena dhorn, agus nach bhfaigheann an fear sin bás, ach go dtugann sé an leaba air féin, 19rachaidh an té a bhuail é saor má éiríonn [an fear leonta] arís agus go siúlann sé fiú lena bhata. Ní foláir dó an t‑am a chuaigh amú air a chúiteamh leis agus a bheith ina chúram go mbíonn sé slán folláin. 20Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach, agus go bhfaigheann an duine bás faoina láimh, caithfidh sé an éiric a dhíol. 21Ach má mhaireann an duine lá nó dhó, ní chaithfidh sé aon éiric a dhíol, óir is é chuid cheannaigh é. 22Má leonann lucht imris bean throm agus go scarann sí lena gin, ach nach mbíonn deasca uirthi, díoladh an ciontach an éiric a éileoidh a céile; díoladh sé ar bhreith na mbreithiúna. 23Ach má leanann deasca, ansin tabharfaidh tú anam ar anam, 24súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois, 25do ar dhó, goin ar ghoin, buille ar bhuille. 26Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach sa tsúil, agus í a chur ó mhaith, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na súile. 27Má bhaineann sé fiacail as a dhaor nó as a dhaoirseach, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na fiacaile.
28Má leonann damh fear nó bean go marfach, gabhtar de chlocha sa damh, agus ná hitear a fheoil, ach ní bheidh an t‑úinéir ciontach. 29Ach má bhí sé de nós ag an damh sá lena adharc roimhe sin, agus gur tugadh rabhadh dá úinéir ach nár choimeád sé faoi smacht é, agus go mairíonn sé fear nó bean, gabhtar de chlocha sa damh agus cuirtear a úinéir chun báis leis. 30Má éilítear éiric air, ansin díoladh sé ar son a anama cibé rud a éileofar air. 31Más i mac nó in iníon fir a chuireann an damh a adharc, is í an riail chéanna a chuirfear i bhfeidhm ina leith. 32Más i ndaor nó i ndaoirseach a chuireann an damh adharc, íocadh an t‑úinéir tríocha seicil lena máistir agus gabhtar de chlocha sa damh. 33Má fhagann duine poll ar oscailt, nó má osclaíonn duine poll agus gan clúid a chur air, agus go dtiteann damh nó asal ann, 34déanadh úinéir an phoill cúiteamh. Tugadh sé airgead don úinéir, agus bíodh an conablach aige féin. 35Má leonann damh damh eile, agus go bhfaigheann sé bás, caithfidh na húinéirí an damh beo a dhíol agus a phraghas a roinnt; roinnidís an conablach leis. 36Nó más eol go raibh sé de nos ag an damh sá lena adharc roimhe sin, agus nár choimeád a úinéir faoi smacht é, íocadh a úinéir damh ar dhamh, agus bíodh an conablach aige.
Goid
37Má ghoideann fear damh nó caora, agus é a mharú agus a dhíol, íocadh sé cúig dhamh ar dhamh agus ceithre chaora ar chaora.

Currently Selected:

Eaxodus 21: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy