YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 20

20
Na hAitheanta
1Labhair Dia na briathra seo go léir. Dúirt sé: 2“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse. 3Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair. 4Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh. 5Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé, 6ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta. 7Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é. 8Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í. 9Caithfidh tú sé lá ag obair agus déanfaidh tú do shaothar go léir, 10ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin ná do mhac, ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon. 11Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é. 12Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit. 13Ná déan marú. 14Ná déan adhaltranas. 15Ná déan goid. 16Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan. 17Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.”
18Bhuail scéin is critheagla an pobal go léir leis na toirneacha, agus na tintreacha, agus glór an trumpa, agus deatach an tsléibhe agus sheasadar i bhfad siar. 19“Labhair féin linn,” a dúradar le Maois, “agus éistfimid leat; ach ná labhraíodh Dia linn, nó caillfear sinn.” 20Agus dúirt Maois leis an bpobal: “Ná bíodh eagla oraibh óir tháinig an Tiarna d'fhonn sibh a phromhadh, agus go mbeadh a eagla os comhair bhur súl agaibh agus nach ndéanfadh sibh peaca.”
21D'fhan an pobal i bhfad siar dá bhrí sin agus dhruid Maois leis an scamall tiubh dorcha mar a raibh an Tiarna.
An Altóir
22Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair é seo le clann Iosrael:
Chonaic sibh féin gur labhair mé libh ó neamh. 23Ní dhéanfaidh sibh déithe airgid ná déithe óir le cur ina seasamh le mo thaobh, ná ní dhéanfaidh sibh a leithéid daoibh féin. 24Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m'ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit. 25Más altóir chloiche a dhéanfaidh tú dom, ní thógfaidh tú í de chlocha snoite; óir má bhíonn uirlis agat á himirt uirthi, beidh sí a truailliú agat. 26Ní ar chéimeanna a rachaidh tú suas chun m'altora d'fhonn nach nochtfaí do nochtacht. ”

Currently Selected:

Eaxodus 20: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy