YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 22

22
1Má ghabhtar gadaí ag briseadh isteach, agus go mbuailtear buille marfach air, ní bheidh aon éiric fola ann dó; 2más tar éis bhreacadh an lae é, beidh éiric ann dó. Ach tá cúiteamh iomlán le déanamh, agus mura bhfuil aon mhaoin aige, ní foláir é a dhíol d'fhonn íoc as ar ghoid sé. 3Má fhaightear an t‑ainmhí a goideadh ina bheatha aige, cibé acu damh nó asal nó caora é, íocadh sé faoi dhó.
Coireanna nach Foláir a Chúiteamh
4Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir.
5Nuair a leathann tine agus go gcuireann sí driseacha faoi bharr lasrach agus go ndónn sí stácaí arbhair nó an t‑arbhar ina sheasamh, an té is cúis leis an tine, déanadh sé cúiteamh iomlán.
6Má thugann duine airgead nó maoin do dhaoine eile le taisceadh, agus go ngoidtear as a theach é, díoladh an gadaí as faoi dhó. 7Mura mbeirtear ar an ngadaí, caithfidh úinéir an tí mionn a thabhairt i láthair Dé nár leag sé lámh ar mhaoin a chomharsan.
8I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ‘seo é’, tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile.
9Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné, 10socróidh mionn dar an Tiarna eatarthu beirt, féachaint ar leag sé lámh ar chuid a chomharsan. Glacadh an t‑úinéir a mbíonn fágtha, agus ní dhéanfaidh an duine eile cúiteamh. 11Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir. 12Má stollann ainmhithe allta é, tugadh sé an fuíoll leis mar fhianaise agus ní dhéanfaidh sé cúiteamh ar son an stollta.
13Má bhíonn ainmhí ar iasacht ag duine ó dhuine eile, agus go leontar é nó go bhfaigheann sé bás gan an t‑úinéir i láthair, caithfidh an duine eile cúiteamh iomlán a dhéanamh. 14Má bhíonn an t‑úinéir i láthair, ní dhéanfaidh sé cuiteamh; más ar íoc a bhí sé, ar son an íoca a tháinig sé.
Maighdean á Milleadh
15Má mheallann duine maighdean nach bhfuil pósta, agus luí léi, ní foláir dó a coibhche a íoc agus glacadh léi mar bhean. 16Má dhiúltaíonn a hathair glan í ligean leis, íocadh sé cothrom coibhche na maighdean.
Dlíthe Moráltachta agus Creidimh
17Ná fág a beo ag bandraoi.
18Aon duine a luífidh le hainmhí cuirtear chun báis é.
19Aon duine a dhéanfaidh íobairt d'aon dia eile ach an Tiarna, scriostar faoin mbang é.
20Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte. 21Ná ciap baintreach ná dílleachta. 22Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin. 23Adhnfaidh m'fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.
24Má thugann tú iasacht airgid d'aon bhochtán de mo phobal le d'ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh. 25Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine; 26óir sin a bhfuil aige d'éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé. 27Ná tabhair masla do Dhia ná mallacht do rialtóir ar do phobal.
Céadtorthaí agus Céadghinte
28Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith. 29Déan mar an gcéanna le d'eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.
30Beidh sibh in bhur ndaoine coisricthe domsa; uime sin ná hithigí feoil a stollfaidh na hainmhithe allta san fhásach; caithigí chun na madraí í.

Currently Selected:

Eaxodus 22: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy