YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 5

5
Caibidil V
Déis mirḃuilte an taċtair éisc, 10 do lean Siomon, Séumas agus Eóin, Criosd.
1Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeaċ ré bréiṫir Dé, gur ṡeas seision láiṁ ré loċ Ġenesaret, 2Agus do ċonnairc sé ḋá luing do ḃí ar an loċ aċd do imṫiġeadar na híasgaireaḋa asda, agus do ḃíadar ag niġe a líontaḋ. 3Agus ar ndul dósan a loing ḋíoḃ, do buḋ lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suiḋe ḋó do ṫeagaisg sé an pobal as an luing. 4Agus mar do sguir sé do laḃairt, a duḃairt sé ré Símón, Déunuiġ roṁaiḃ ar an nduḃaigéun, agus leigiḋ sios ḃir líontaġ ċum gaḃála. 5Agus ar ḃfreagra do Ṡímon a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, do ṫuirrsiġeamar sinn féin feaḋ na hoiḋċe uile, agus níor ġaḃamair éin ní: aċd ċeana ar do ḃreiṫir se cuirfe mé síos an líon. 6Agus an tan do rinneadar so, do íaḋadar ar iomarċuiġ éisg: ionnus gur briseaḋ a líon. 7Agus do sméideadar ar a gcompánaċuiḃ, do ḃí ann sa luing eile, do ċum go dtiocfaidis ċuca do ṫaḃairt ċunġnaṁ, ḋóiḃ. Agus ṫangadarsan, agus do líonadar an dá luing, ionnus go raḃadar a niunṁe a mbáiḋte. 8Agus an tan do ċonnairc Símon Peadar so, do ṡléuċd sé ag giúiniḃ Iósa, ag ráḋ, Imṫiġ úaim a Ṫiġearna; óir is duine peacṫaċ mé. 9Óir do ġaḃ eagla é féin, agus a raiḃ na ḟoċair uile, ar son na gaḃála éisg do ġaḃadar: 10Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Ṡebedei, do ḃí na gcompánaċuiḃ ag Simon. Agus a duḃairt Iósa ré Símon, Na bíoḋ eagla ort; as so a maċ bíaiḋ tú iasgaire ar ḋáoiniḃ. 11Agus an tan tugadarsan a ienga ċum tire, ar ḃfagḃáil an uile neiṫer ḋóiḃ, do leanadar eisean.
12Agus tárla, an tan do ḃí sé a ccaṫruiġ áiriġe, féuċ óglaċ lán do luḃra: agus ar ḃfaicsin Iósa ḋó do leig sé é féin síos ar aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé é, a ráḋ, A Ṫiġearna, más toil leaċd é, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ 13Agus ar sineaḋ a láiṁe, do ḃean sé ris, ag raḋ, As toil: bí glan. Agus dfag an luḃra é ar an mball. 14Agus do aiṫin sé ḋe gan a innisin do ḋuine ar biṫ: aċd imṫiġ, taisbéin ṫú féin don tsagart, agus íoḋbair ar son do ġlanta, mar do aiṫin Máoisi, mar ḟíaġnaisi ḋóiḃ. 15Aċd is móide do leaṫnuiġe a ṫúarasġḃáil sin: agus do ċruinniġ slúaġ mór déisdeaċd ris, agus dfaġáil fóiríġne a dteinneas úaḋ.
16Aċd do ċúaiḋ seisean fá leiṫ ar an ḃfasaċ, agus do rinne sé urnuiġe. 17Agus tárla go raiḃ sé lá áiriġe, ag teagasg, agus go raḃadar na Ṗairisíniġ agus doctúirí an dliġe na suiḋe a láṫair, noċ ṫáinic as gaċ uile ḃaile don Ġalilé, agus do ṫir Iúdaiġe, agus ó Jerusaléim: agus do ḃí cuṁaċda an Tiġearna ċum a slánuiġṫe.
18Agus, féuċ, do íomċradar dáoine a leabuiḋ oglaċ do ḃí a bpairilis: agus do íarradar a ṫaḃairt a sdeaċ, agus a ċur na ḟíaḋnuisisean. 19Agus an tráṫ naċ ḃfuaradar cáoi ar a ṫaḃairt a sdeaċ tré ṁéud ná cuideaċda, do ċúadar súas ar a tiġ, agus do léigeadar é féin, agus a leabuiḋ sios tríd an slinnteaċ ar lár, a ḃfíaġnuisi Iósa. 20Agus ar ḃfaicsin a gcreidiṁ ḋósan, a duḃairt sé ris, A ḋuine, a táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫleaṁ ḋuit. 21Agus ṫionnsgnadar na sgríobuiḋe agus na Ṗairisiniġ diosbóireaċd do ḋéanaṁ, ag ráḋ, Créd é an fearsa laḃras blaisṗéimiġe? Cía ḟeúdus peacuiġ do ṁaiṫeaṁ, aċd Día ná áonar? 22Aċd ar naiṫne a smúaintiġe Díosa, do ḟreagair sé, agus a duḃairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintiġṫísi an ḃur gcroiḋṫiḃ? 23Cia is usa, a ráḋ, A táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫeaṁ ḋuit; ná a ráḋ, Eiriġ agus sioḃail? 24Aċd do ċum go mbeiṫ a ḟíos agaiḃ go ḃfuil cuṁaċda ag Mac an duine, peacuiḋ do ṁaiṫeaṁ ar an dtalaṁ, (a duḃairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eiriġ, tóg do leabuiḋ, agus imṫiġ dod ṫiġ. 25Agus ar néirġe ḋósan ar an mball an a ḃfiaḋnuisi, do ṫóg an leabuiḋ an raiḃ sé na luiġe, agus do ċuaiḋ sé ḋá ṫiġ fein, ag moláḋ Dé. 26Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, agus do ṁoladar Día, agus do líonaḋ deagla íad, ag ráḋ, Do ċoncamair neiṫe doiċreidte a niuġ.
27Agus tar éisi so do ċúaiḋ Iósa a maċ, agus do ċonnairc sé puibliocán, dár ḃáinm Léḃi, na ṡuiḋe ag bord an ċusduim: agus a duḃarit séris, Lean misi. 28Agus ar ḃfágḃáil gaċ éin neiṫe ḋósan, déiriġ sé, agus do lean sé eisean. 29Agus do rinne Léḃi féusda mór ḋó an a ṫiġ féin: agus do ḃí cuideaċda ṁór ṗuibliocán agus dáoine eile do ṡuiḋ na ḃfoċair. 30Agus do rinne cuid díoḃ do ḃi na sgríobuiḋiḃ agus na Ḃṗairisíneaċuiḃ monaḃar a naġaiḋ a ḋeisciobalsan, ag ráḋ, Creud fá niṫṫísi agus fá niḃṫí a ḃfoċair na bpuibliocán agus na bpeacṫaċ? 31Agus ag freagra a duḃairt Iósa ríu, Ní ḃfuil ríaċdanus leáġa ar na dáoiniḃ slána; aċd ar na dáoiniḃ tinne. 32Ní ṫáinic misi do ġairm na ḃfiréunaċ, aċd na bpeacṫaċ ċum aiṫriġe.
33Aċd a duḃradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaiġe, agus mar an gcéudna deisciobail na Ḃṗairisíneaċ; aċd iṫid agus iḃid do ḋeisciobailsi? 34Agus a duḃairt seision ríu, An ḃféadtáoisi a ṫaḃairt air ċloinn tséomra an ḟir núa ṗósda trosgaḋ do ḋéunaṁ, an feaḋ ḃías sé féin na ḃfoċair? 35Aċd tiocfaid na láeṫe an tan ḃéurṫar an fear núa ṗósda úaṫa, ann sna láeṫiḃ sin do ḋéunuid síad trosgaḋ.
36Agus a duḃairt sé fós tré ċosaṁlaċd ríu; Ní ċuireann neaċ ar biṫ preabán éuduiġ núa air ṡeanċulaiḋ, nó, brisiḋ an téudaċ núa é, agus ní ṫig an preabán núaéuduiġ leis a tseinéudaċ? 37Agus ní ċuireann duine ar biṫ fíon núa a seanḃuidéuluiḃ; nó brisfiḋ an fíon núa na buidéil, agus dóirtfiḋear an fíon agus raċuid na buidéil a múgba. 38Aċd fíon núa is cóir do ċur a mbuidéuluiḃ núaḋa; agus béid síad aráon slán. 39Agus ní ḃfuil duine ar biṫ iḃeas seinḟíon lér ab áill fíon núa ar ball: óir a deir sé, Is é seinḟíon is folláine.

Currently Selected:

Lúcas 5: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in