Agus tárla, an tan do ḃí sé a ccaṫruiġ áiriġe, féuċ óglaċ lán do luḃra: agus ar ḃfaicsin Iósa ḋó do leig sé é féin síos ar aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé é, a ráḋ, A Ṫiġearna, más toil leaċd é, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ Agus ar sineaḋ a láiṁe, do ḃean sé ris, ag raḋ, As toil: bí glan. Agus dfag an luḃra é ar an mball.