YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 6

6
Caibidil VI
Fúascaltána ceisde um na sáoire, 20 le searmóin um ṡonuis agus anraṫ, 27 agus ġráḋ dar neascairdiḃ.
1Agus tárla ag ġaḃáil trí ġortuiḃ ḋósan, an dara sábboid taréis an ċeud gur ḃeanadar a ḋeisciobáil déusa, agus tar éis a gcunnealta eidir a láṁuiḃ ḋóiḃ, dúadar íad. 2Aċd a duḃradar cuid do na Ṗarisineaċuiḃ ríu, Créd fa ndéuntáoi ní naċ indéanta ann sa tsáoire? 3Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, An né nár leuġaḃuirsi an ní so, do rinne Dáiḃi, an tan do ḃí ocrus air féin, agus ar an ṁuinntir do ḃí na ḟarraḋ; 4Cionnus do ċúaiḋ sé a sdeaċ go tiġ Dé, agus do ġlac sé arán na fiaġnuisi agus a dúaiġ sé é, agus tug sé fós don ṁuinntir do ḃí na ḟoċair é: noċ nár ċoir iṫe aċd do na sagurtuiḃ aṁáin? 5Agus a duḃairt seisean ríu, As Tiġearna don tsábboid féin Mac an duine.
6Agus tárla fós a sábbóid eile, go ndeaċuiḋ seisean a sdeaċ don tsinagóg agus gur ṫeaguisg sé: agus do ḃí óglaċ ann sin agá raiḃ a láṁ ḋeas ar na seargaḋ. 7Agus do ḃí coiṁéud ag na sgríobuiḋiḃ agus ag na Ṗarisineaċuiḃ airsean, dá ḟéuċuin an ndéanaḋ sé leiġeas ann sa tsábbóid; do ċum go ḃfuiġidís aḋbar gearáin air. 8Aċd daiṫin seisean a smúaintiġṫe, agus a duḃairt sé ris an duine agá raiḃ an láṁ ṡeargṫuiġ, Eiriġ, agus seas a lar ċáiċ. Agus do éiriġ seision agus do ṡeas sé. 9Ann sin a duḃairt Iósa ríusan, Fíafróċaiḋ misi ḋíḃsi ní áiriġe An cóir maiṫ do ḋeanaṁ, nó olc ḋéanaṁ sá tsábbóid? anum do ṡáḃáil, nó do sgrios? 10Agus an tan do ḟéuċ sé orrṫa uile na ṫimċeall, a duḃairt sé ris a nóglaċ, Sín amaċ do láṁ. Agus do rinne seisean mar sin: agus do haiseagaḋ a láṁ slán mar an láṁ eile. 11Agus do líonaḋ íadsan do ċuṫaċ; agus do lúaiḋeadar ré a ċéile créd do ḋeunaidis ré Híosa. 12Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ seisean amaċ ar ṡlíaḃ do ḋéunaṁ úrnaiġe, agus do ċaiṫ sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.
13Agus ar néirġe don lá, do ġoir sé a ḋesiciobail ċuige: agus do ṫoġ sé ḋá ḟéar ḋéug asda, dár ġoir se absdail; 14Simon, dár ġoir sé fós Peadar, agus Aindrías a ḋearḃráṫair, Séumas agus Eóin, Ṗilip agus Bartoloméus, 15Maṫa agus Tomás, Séumas mac Alṗei, agus Simon da ngoirṫear Selótes. 16Iudás dearḃráṫair Ṡéumuis, agus Iudás Iscariót, (an té fós do ḃráṫ eision).
17Agus táinig sé a núas léo, agus do ṡeas sé ar ṁaċuire réiḋ, agus a ċoiṁṫionól deisciobail, agus mórán mór do ṗobal ó ṫír Iúdaiġe uile agus ó Ierusalem, agus ó ċois fairrge Ṫírus agus Ṡídon, noċ ṫáinig deisdeaċd leisin, agus dfaġáil leiġis ar a neasláintiḃ; 18Agus a raiḃ ar ná gciorrḃaḋ ag spioraduiḃ neaṁglana, agus do leiġiseaḋ íad. 19Agus do ḃí an slúaġ uile ag íarruiḋ cuimealta ris: óir do ḃíḋ suḃailce ag dul úaḋ, agus do ṡlánuiḋ sé iad uile.
20Agus are dtógḃáil a ṡúl súas dósan air a ḋeisciobluiḃ, a duiuḃairt , As beannaiġṫe siḃsi a ḋáoine boċda: óir as liḃ flaiṫeas Dé. 21As beannaiġṫe siḃ a ḋáoine atá ocraċ a nois: óir sáiséoċṫar siḃ. As beannaiġṫe siḃsi ċáoiḋeas a nois: óir do ḋéuntáoi gáire. 22As beannaiġṫe ḃeiṫí, an tráṫ ḟúaṫóċuid dáoine siḃ, agus ċuirfid siad as a gcuideaċda siḃ, agus imḋeargfuid siḃ, agus ċuirfid ḃur nainm amaċ mar olc, ar son Ṁic an duine. 23Déunuiḋ gáirdeaċus an lá sin, agus éirġiḋ a náirde ré lúṫġáire: óir, féuċ, as mór ḃur lúaiḋeaċd ar neaṁ: oír as mar sin do rinneadar a naiṫreaċa ris na faiḃiḃ. 24Aċd as anáoiḃinn dáoiḃsi a ḋáoine saiḋḃre! óir atá ḃur sólás aguiḃ. 25As anáoiḃinn dáoiḃ a ḋáoine atá sáiṫeaċ! óir biáiḋ ocras orúiḃ. As anáoiḃinn dáoiḃ a ḋáoine atá a gáiriġe a nois! óir cáoifiḋe agus goilfiḋe. 26As anáoiḃinn dáoiḃ, an tráṫ a déuruid na huile ḋáoíne miṫ riḃ! óir as mar sin do rinneadar a naiṫreaċa ris na fáiḋiḃ fallsa.
27Aċd a deirim riḃsi atá ag éisdeaċd, Gráḋuiġiḋ ḃur náṁuid, déunuiḋ maiṫ don dreim air ar fúaḋ siḃ, 28Taḃruiḋ ḃur mbeannaċd don dreim ṁalluiġeas siḃ, agus déunuiḋ urrnaíġe ar son na muinntire do ní ḃur ndíoġḃáil. 29An té ḃúaileas tú air a ngíall iompó ċuige an gíall eile; agus an té ḃeanus do ċlóca ḋíot ná bac ḋe do ċíota fós a ḃreiṫ leis. 30Agus taḃuir do gaċ neaċ íarrus ort; agus ón te ṫógḃás do ċuid úait ná híarr air ais é. 31Agus mar as toil liḃ dáoine do ḋéunaṁ ḋíḃ, deunuiḋsi mar an gcéudna ḋóiḃsin. 32Oír má tá gráḋ aguiḃ don ṁuinntir ġráḋuiġeas siḃ, créud é an buiḋeaċus ḃías oruiḃ? óir gráḋuiġid ná peacṫuiġ féin na dáoine ġráḋuiġeas íad. 33Agus má níṫí maiṫ don ṁuinntir do ní maiṫ ḋíḃ, créud é an buiḋeaċus ḃías oruiḃ? óir do níd na peaċtuiḋ féin an gcéadna. 34Agus dá dtugṫáoi áirleagaḋ dona dáoiniḃ ó a sáoltí a ḟaġáil a rís, créud é an buiḋeaċus ḃias oruiḃ? óir do ḃeirid na peaċṫaiḋ áirleagaḋ do na peaċṫaċaiḃ, do ċum go ḃfuiġdís a leiṫeid a rís. 35Ar a naḋḃarsin gráḋuiġiḋ ḃur náṁuid, agus déunuiḋ maiṫ, agus taḃruiḋ áirleaġaḋ úaiḃ, gan súil ré héinní arís; agus buḋ mór ḃur lúaideaċd, agus beiṫí ḃur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoiniḃ dombuíḋeaċa agus saiṫe. 36Ar a naḋḃarsin bíṫísi trócaireaċ, mar atá ḃur Naṫuir trocuireaċ. 37Agus ná beiriḋ breaṫ, agus ní ḃéurṫar breaṫ oruiḃ: ná damnuiġe, agus ní daiméontar siḃ: maiṫiḋ, agus maiṫfiṫear ḋáoiḃ: 38Taḃruiḋ úaiḃ, agus do ḃéurṫar ḋáoiḃ; agus do ḃéuruid dáoine an ḃur nnċed, moisúr maiṫ, dingṫe, craiṫte agus ag dul ṫairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoiṁéosdáoi, toiṁéosdar mar an gcéudna ḋáoiḃ.
39Agus do laḃuir se cosaṁlaċd ríu, An ḃféudann an dall ḋall eile doṫreoriġeaḋ? an ne neaċ duitdfid aráon sa díg? 40Ní ḃfuil an deisciobal ós cionn a ṁaiġisdir: aċd giḋ bé neaċ ḃus diongṁála, bíaiḋ sé mar a ṁaiġisdir. 41Agus créud fa a ḃfaiceann tú an broṫ beag a súil do ḋearḃráṫar, agus naċ dtugair dod aire an tsail atá ad ṡúil féin? 42Nó cionnus as éidir leaċd a ráḋ réd ḋearḃraṫair, A ḋearḃraṫair, léig ḋaṁ an broṫ atá ad ṡúil do ḃáin aisde, agus náċ ḃfaiceann tú an tsail atá ad ṡuil féin? A ḟir an ḋúarċráḃuiḋ, ar tus teílg amaċ an tsail as do ṡuil féin, agus an sin ḃus léir ḋuit, an broṫ atá a súil de ḋearḃráṫar do ḃúain aisde. 43Oír ni maiṫ an crann iomċras droċṫoraḋ; agus ní holc an crann iomċras toraḋ maiṫ. 44Oír is ó a ṫoraḋ aiṫeantar gaċ uile ċrann. Oír ní ċruinniġid dáoine fígiḋe do ḋeilgneaċ, na cáora fineaṁna do ḋriseaċ. 45Do ḃeir an duine maiṫ ní maiṫ as cisde maiṫ a ċroiḋe féin; agus do ḃeir an droċ ḋuine droċ ní as droċ ċisde a ċróiḋe fein: oír is as iomarcuiḋ an ċróiḋe, laḃrus an béal.
46Aċd créud fá ngoirṫísi, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna ḋíomsa, agus naċ déuntáoi na neiṫe a deirim? 47Gaċ uile neaċ ṫig ċugamsa, agus éisdeas rém ḃríaṫṫruiḃ, agus do ní ḋá reir, foillséoċuiḋ mé ḋáoiḃsi cía ré ar cosṁuil é: 48As cosṁuil é ré neaċ do ṫóg a ṫiġ, agus do ṫoċail, agus do ċúaiḋ go doṁuin a dtaluṁ, agus do ċuir a ṡocruġaḋ ar ċarruig: agus mar ṫáinig an tuile, do ḃúail an sruṫ go fíoċṁar fán dtiġ úd, aċd níor ḃéidir leis a ċorruġaḋ: óir do ḃí sé socruġṫe ar ċarruig. 49Aċd giḋ bé ċluin, agus naċ deun, as cosṁuil é ré neaċ do ṫóg a ṫiġ air ṫalaṁ gan socruġaḋ; air ar ḃúail an tuile go fíoċṁar, agus do ṫuit sé do láṫair; agus ba mór tuitim an tiġe sin.

Currently Selected:

Lúcas 6: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in