YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 4

4
Caibidil IV
Troiscṫe Ċríosd, 13 ḃúaḋaiġ sé ar an deaṁan láṁ ar láiṁ. 14 A ṡeanmóir, 41 agus adṁil na ndeaṁan féin nime.
1Agus ar mbeiṫ Diosa lán don Spiorad Náoṁ, do ḟill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréorniġeaḋ leis an Spioruid ar an ḃfásaċ é, 2Feaḋ ḋá ḟiċead lá an díaḃal ag cur ċaṫuiġṫi air. Agus níor iṫ sé uí ar biṫ ann sna laéṫiḃ sin: aċd ar na gcríoċnnġaḋ, ann sin do ġaḃ ocras é. 3Agus a duḃairt an Díaḃal ris, Más tú Mac Dé, abair ris an gcloiċsi ḃeiṫ na harán. 4Agus do ḟreagair Iósa é, ag ráḋ, A tá sgríoḃtba, Naċ lé harán a ṁáin ṁairfios an duine, aċd lé gaċ uile ḃréiṫir Dé. 5Agus an tan do ṫréoruiġ an díaḃal é, ar ṡlíaḃ árd, do ṫaisbén sé ríoġaċda na talmbum uile ḋó moimeint daimsir. 6Agus a duḃairt an diaḃal ris, Do ḃéara misi na cuṁaċda so uile ḋuit, agus a nglóir: óir do tugaḋ ḋamṡsa í; agus do ḃeirim í don tí as toil leam. 7Ar a naḋḃarsin má aḋrán tusa ḋaṁsa, buḋ leaċd íad uile. 8Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ris, Imṫiġ úaim, a Ṡátain: óir a tá sgríoḃṫa, Do ḋéana tú do Ṫiġearna Día féin daḋraḋ, agus is dó na áonar do ḋénna tú seirḃís. 9Agus do ṫréoruiġ sé é go Híarusalím agus do ṡuiġiḋ sé é ar ḃeinn an teampoill, agus a duḃairt sé ris, Mas tú Mac Dé teilg ṫú féin síos as so: 10Oir a tá sgrioḃṫa, Do ḃéura sé áiṫne ḋá áingliḃ ad ṫimċeall, ṫusa do ċoiṁéud: 11Agus toigéuḃuid eidir a láṁuiḃ ṫú, deagla go mbuailfea do ċos fá ċloiċ úair ar biṫ. 12Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ris, A duḃraḋ, Ni ċuirfe tú caṫuġaḋ ar an Dtiġearna do Ḋía féin.
13Agus ar ccur críċe ar a ċaṫuiġṫiḃ uile don díaḃal, dtág sé eisean ar feaḋ tamuill.
14Agus dó ċas Iósa maille ré cuṁaċdaiḃ na Spíoruide don Ġalilé: agus do ċúaiḋ a ċlú ar feaḋ na tire na ṫimċeall. 15Agus do ṫeaguisg sé ann a síonagógaiḃ súd, ag faġáil glóire ó gaċ uile ḋuine.
16Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleaġ é: agus, do ċúaiḋ sé a steaċ mar buḋ gnaṫ leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éiriġ sé na ṡeasaṁ do leuġṫóireaċd. 17Agus tugaḋ leaḃar Esáias fáiḋ ḋó, agus an tan do osgail sé an leaḃar, fuair se an tionad an a raiḃ sgríoḃṫa, 18Ta Spíorad an Tíġearna oramsa, tré gur ong sé mé do ċuir sé úaḋ mé do ṡeanmóir an tsoisgél do na boċdoiḃ, do ṡlánuġaḋ na ndáoine agá ḃfuilid croiḋṫe brúiḋte, do ṡeanmóir fúasgalta do na braiġdiḃ agus do da dalluiḃ aisioc a raḋairc, agus do taḃairt sáoirsi don ṁuinntir a tá ar na gcombrúġaġ, 19Do ṡeanm; óir ḃaḋna ḟorḃáiltiġ an Tiġearna. 20Agus ar ndúnaġ an leaḃair ḋó, agus ar na taḃairt arís don ġiolla, do ṡuiḋ sé. Agus do ḃáda suile a raiḃ ann sa tsínagoig uile ag féaċain air go géur. 21Agus do ṫionnsgain sé a ráḋ ríu, niuġ a tá an sgiobtúirso ar na ċoiṁlíonaḋ an ḃur gclúasuiḃsi.
22Agus do rinneadar uile fiaḋnuisi leis, agus do ḃí iongantus aca ann sna combráitiḃ grásaṁla do ṫigeaḋ as a ḃéul. Agus a deirdís, An né naċ é so mac Ióseṗ? 23Agus a duḃairt sé ríu, Déara siḃ rium gan ambarus an seanḟocalsa, A líaġ, leiġis ṫú féin: leiṫeid na neiṫeaḋ do ċúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad ḋúiṫċe féin íad 24Agus a duḃairt seision, A deirim riḃ go deiṁin, Náċ ḃfuil cion ar ḟáiḋ ann a ṫír féin. 25Aċd go fírinneaċ deirimsi riḃ, Go raḃadar morán baintreaċaċ a láeṫiḃ Elias a Nísraél, an tráṫ do ḃí an ḟiormámeint druite trí blíaḋna agus sé ṁí, ionnas go raiḃ gorta ṁór ar feaḋ na talṁan uile; 26Aċd níor cuireaḋ Blías dionnsoiġe áon aca, aċd go Sarepta na Sidonia, ċuan mná do ḃí na baintreaḃaiġ. 27Agus do ḃádar morán loḃar a Níseaél ré linn Eliséus an faiḋ; agus níor glanaġ éin neaċ aca, aċd Náaman an Sirianaċ. 28Agus do líonaḋ a raiḃ ann sa tsíonagóig dfeirg, an tan do ċúaladar na neiṫesi,
29Agus ar néirġe na seasaṁ ḋóiḃ, do ṫeilgeadar as an gcaṫruiġ a maċ é, agus rugadar léo é ar ṁaluiḋ an tsléiḃe ar a raiḃ a gcaṫaire ar na togḃáil, do ċum go dteilgfidis síos a ndiaiġ a ċine é.
30Aċd ar ngaḃáil dosan tré na lár, do imṫiġ sé, 31Agus do ċúaiġ sé síos go Capernáum, caṫair don Ġalilé, agus do ḃioḋ sé ḋá dteangasg ann sna sabboidiḃ. 32Agus do ḃí úaṫḃás acasan an a ṫeagasg: óir do ḃí a coṁráḋ maille ré huġdarrás.
33Agus do ḃí neaċ ann sa tsionagóig, ann a raiḃ spiorad deaṁuaiġe neaṁġlan, agus do éiġ sé do ġúṫ ṁór, 34Ag ráḋ, Uċ; créud í an ḃúain atá aguinne riot, a Iósa Nasarḋa? an dár sgrisne ṫáinic tú? a tá a ḟios agumsa cia ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé. 35Agus do imḋearg Iósa é, ag ráḋ, Bí ad ṫoċd, agus tárr a maċ as. Agus do imṫiġ an deaṁan as, ar na ṫrasgairt go lár, gan díoġḃáil ar biṫ do ḋéanaṁ ḋó. 36Agus do ġaḃ criṫ cáċ uile, agus do laḃradar ré ċéile, ag ráḋ, Créud é an níse! go náiṫinġeann sé do na spiorádaiḃ go neaṁġlana lé cuṁaċdaiḃ agus lé neart, agus go dtigid siad a maċ. 37Agus do ċúaiḋ a ṫúarasġḃáil an gaċ uile ionard don tirsin tanċeall.
38Agus an tan do éiriġ Iósa as an tsínagóig, do ċúaiḋ sé a steaċ go tiġ Ṡímóin. Agus do ḃí fiaḃrus roṁór ar ṁáṫair ṁná Ṡimóin; agus do ċuireadar impiḋe airsean air a son. 39Agus ar seasaṁ ḋosan ós a cionn, do imḋearg sé an fiaḃrus; agus dfag an fíaḃrus í: agus ar néirġe ḋisi do laṫair do rinne sí frioṫolaṁ ḋóiḃ.
40Agus ar ndul don ġrein faoi, gaċ áon ága raḃadar dáoine eagcrúaiḋ ó ṫinneasaiḃ éugsaṁla tugadar ċuigesean íad; agus ar gcur a láiṁ ḋósan ar gaċ áon díoḃ, do ṡlánuiġ sé íad. 41Agus fós do imṫiġid ís na deaṁain as mórán, ag éiġṁe, agus ag ráḋ, Is tusa Críod Mac Dé. Aċd dá nimḋeargaḋ ḋósan ní léiġeaḋ sé ḋóiḃ a ráḋ: go raiḃ a ḟios aca gur ḃé féin Críosd. 42Agus ar néirġe don lá, do imṫiġ sé a maċ, agus do ċúaiḋ sé a nionad fasaṁáil: agus do ḃí an slúaġ agá lorgaireaċd, agus tangadar ċuige, agus do ḃádar dá ċonġḃail, do ċum náċ aċraḋ sé úaṫa. 43Aċd a duḃairt seision ríu, Go firinneaċ is éigin daṁsa flaiṫeas Dé do ṡeanmóir do ċaiṫreaċaiḃ eile leis: óir is ċuige so do cuireaḋ mé. 44Agus do ḃíoḋ sé ag deanaṁ seanmóra a síonagogaiḃ na Galilé.

Currently Selected:

Lúcas 4: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in