YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 30

30
Caibidil XXX.
Tnúṫ na nseaṫraċa ré ċéile. 25 Cunnraḋ Iacob ré na aṫair ċéile.
1Agus a nuáir do ċonnairc Raċel náċ rug sí clann do Iacob, do ḃí tnúṫ ag Ráċel lé na deirḃṡiáir; agus a duḃairt sí re Iácob, Taḃair ḋaṁsa clann, nó do ġeaḃa mé bás. 2Agus do las fearg Iácob a naġuiḋ Ráċel: agus a duḃairt, An misi atá a nait Dé, noċ do ċonnuiṁ uáit toraḋ do ḃronn? 3Agus a duḃairt sisi, Féuċ mo ċailín Bilhah, bí ad tfior aice, agus béuruiḋ sí ar moġlúiniḃsi, ċor go mbía clann agumsa mar an gceudna dá táoiḃse. 4Agus tug sí ḋó Bilhah a hinnilt mar ṁnáoi: agus do ċuáiḋ Iácob na gnás. 5Agus do ṫoirrċeaḋ Bilhah agus rug sí mac do Iácob. 6Agus a duḃairt Ráċel, Dó ḃreaṫnuiġ Día misi, agus Do ċuáluiḋ mar an gcéudna mo ġuṫ, agus tug mac ḋaṁ: uime sin tug sí Dan dainm air. 7Agus Bilhah cuṁal Raċel, do ṫoirrċeaḋ a rís í, agus rug sí an dara mac do Iácob. 8Agus a duḃairt Ráċel, Do spáirn mé maille ré spárnuiḋeaċd ṁóir ream deirḃṡiúir, agus rug mé buáiḋ: agus do ġoir sí Naṗtali dainm ḋe. 9A nuáir do ċonnairc Léah gur scuir sí do ḃreiṫ, rug Silpah a cailín, agus tug do Iácob í na mnáoi. 10Agus rug Silpah cailín Léah mac do Iácob. 11Agus a duḃairt Léah, Atá cuideaċda ag teaċd: agus tug Gad dainm air. 12Agus rug Silpah cailín Léah an dara mac do Iácob. 13Agus a duḃairt Léah, Is sona misi, óir goirfid na hinġeana beannuiġe ḋíom: agus do ġoir sí Aser dainm ḋe. 14Agus do ċuaiḋ Reúben amaċ a láeṫiḃ foġṁair na cruiṫneaċda, agus fuáir mandrácuiġ sa ṁaċaire, agus tug leis íad ċum a ṁaṫar Léah. Ann sin a duḃairt Ráċel ré Léah, Guiḋim ṫú, taḃair ḋaṁsa cuid do ṁandrácuiḃ do ṁic. 15Agus a duḃairt sisi ría, in beag an ċúis mar rug tú mḟear uáim? agus nar ṁían leaċd mandráic mo ṁic do ḃreiṫ uáim mar an ccéadna? agus a duḃairt Ráċel, Uime sin luiḋfiḋ sé leaċdsa a noċd ar son ṁandrác do ṁic. 16Agus táinig Iácob a steaċ ón ṁaċaire tráṫ nóna, agus do ċuáiḋ Léah amaċ na ċoinne agus a duḃairt, Caiṫfiḋ tú teaċd liomsa a steaċ, óir go deiṁin dó ċeannuiġ mé ṫú air ṁandrácuiḃ mo ṁic. Agus do luiġ lé a noiḋċe sin. 17Agus tug Día aire do Léah, agus do ṫoirrċeaḋ í, agus rug sí do Iacob an cuigeaḋ mac. 18Agus a duḃairt Léah, Tug Día mo ṫúarasdal daṁ, do ċionn go ttug mé mo ċailín dom ḟear: agus do ġoir Isaċar dainm ḋe. 19Agus do ṫoirrċeaḋ Léah arís, agus rug an seiseaḋ mac do Iácob. 20Agus a duḃairt Léah, Do leasuiḋ Día mé lé croḋ maiṫ; a nois coiṁneóċuiġ mfear agum, do ċionn go rug mé seisior mac ḋó: agus tug sí Sebulun dainm air. 21Agus na ḋiaiġ sin rug sí inġean, agus tug Dínah dainm uirre. 22Agus do ċuiṁniġ Día air Ráċel, agus do éisd Día ría, agus do oscuil a brú. 23Agus do ṫoirrċeaḋ í, agus rug sí mac, agus a duḃairt, Do ċuir Día mo ṁíoċlú ar ccúl. 24Agus tug sí Ioseṗ dainm air; agus a duḃairt, Cuirfiḋ an TIĠEARNA mác eile na ċeann ċugam. 25Agus tárla, a nuáir rug Ráċel Ioseṗ, go nduḃairt Iacob ré Lában, Cuir ar siuḃal mé go reaċuiḋ mé dom ionad fein agus dom ṫír. 26Taḃair ḋaṁ mo ṁná agus mo ċlann, ar son a ndéarna mé do ṡeirḃís duit, agus léig ḋaṁ imṫeaċd: óir is fios duit mo ṡeirḃis do rinne mé ḋuit. 27Agus a duḃairt Lában ris, Guiḋim ṫú, más ionṁuin leaċd mé, fuiriġ, óir dfoġluim me go dearḃṫa gur ḃeannuiġ an TIĠEARNA mé air do ṡonsa. 28Agus a duḃairt sé, Ainmniġ do ṫúarusdal, agus do ḃéura mé ḋuit é. 29Agus a duḃairt seision ris, Atá a ḟios agád cionnus do ḃí mo ṡeirḃís duit, agus cionnus do ḃí háirnéis agum. 30Oir as beag do ḃí agad suil ṫáinig misi ċugad, agus a nois tangadur ċum ḃeiṫ iomadaṁail; agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA ṫú ó ṫáinig misi ċugad: agus a nois cá huáir ḋéunas mé solaṫar do mo ṫiġ féin mar an gcéadna? 31Agus a duḃairt seision, Cread do ḃéura mé ḋuit? agus a duḃairt Iácob, Ní ṫiuḃra tú einní ḋaṁsa: má ní tú éinní aṁáin ar mo ṡon, beaṫóċad agus coiṁéudfad do ṫréad a rís. 32Raċfuiḋ misi tré a ḃfuil do ṫréaduiḃ agad a niuġ, agus cuirfiḋ mé ar leiṫ a ḃfuil ballaċ breac, agus a ḃfuil don áirnéis donn a measg na ccáoraċ, agus a ḃfuil ballaċ breac a measg na ngaḃar, agus is díoḃsin ḃías mo ṫúarusdalsa. 33Marsin ḟreigeórus mfíreuntaċd ar mo ṡon sa naimsir atá ċugainn, an tan ṫiocfas am mo ṫúarusdail do laṫair haiġṫe fein: gaċ áon naċ bía ballaċ nó breac a measg na ngaḃar, agus donn a measg na ccáoraċ, biaiḋ meas gada air agumsa. 34Agus a duḃairt Lában; Féuċ, do bfearr liom go mbeiṫ sin do réir do ḃríaṫarsa. 35Agus do ḋealuiġ sé an lásin na puic noċ do ḃí crosaċ, agus ballaċ, agus a nuile ġaḃar bainionn do ḃi breac ballaċ, agus gaċ áon a raiḃ bán ann, agus a raiḃ donn, mesg na ngcaoraċ agus tug iad a láṁuiḃ a ṁac. 36Agus do ċuir sé aistior ṫrí lá idir é féin agus Iacob: agus do ḃeaṫaiḋ Iácob an ċuid eile do ṫréaduiḃ Lábain. 37Agus do ġaḃ Iácob ċuige slata glasá do ċrann criṫeaċ, agus do ċoll, agus do ċrann cnoḃfrancaċ; agus do rinne síoga bána ionta, agus tug ar an mbán taisbeanaḋ do ṫaḃairt úaḋ, noċ do ḃí ann sna slatuiḃ. 38Agus do ṡuiġiḋ na slata do noċd sé, roiṁe na tréada ann sna gúiṫéaruiḃ, an sna homuruiḃ a niḃdis uisge a nuair do ṫigdís na tréada dól, ar ċor go ttoirrċiḋ iad a nuaír do ṫigdís dól. 39Agus do ṫoirrċeaḋ na tréada as coṁair na slat, agus do ḃerdís áirnéis ṡíogaċ ḃreac agus ballaċ. 40Agus do ḋéaluiḋ Iácob na huáin, agus do ċuir aiġṫe na ttréad ar na stríocuiḃ, agus gaċ a raiḃ donn a ttréad Lában; agus do ċúir a ṫréada féin ar leiṫ, agus níor ċuir a ttréuduiḃ Lábain íad. 41Agus tárla, giḋ bé ar biṫ uáir do ċinneaḋ a náirnéis buḋ laidire, go ccuireaḋ Iácob na slata as coinne ṡúl na háirnéisi ann sna guitéaruiḃ, ar ċor go ccinfidís a measg na slat. 42Aċ a nuáir do ḃíoḋ a náirnéis lag, ní ċuireaḋ sé ann íad: marsin go mbíoḋ an ċuid buḋ laige ag Lában, agus an ċuid buḋ láidre ag Iácob. 43Agus do ḟas an tóglaċ ro ṡaiḋḃir, agus do ḃí iomad áirnéisi aige, agus seirḃíseaċ fear, agus seirḃíseaċ ban, agus cáṁuill, agus asail.

Currently Selected:

Genesis 30: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in