YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 29

29
Caibidil XXIX.
Dḟoġain Iácob do Lában arson Raċel. 23 Tug sé Léah ḋó na hionad. 28 Ṗós sé Ráċel arís. 31 Aċ dfan fós aímrid.
1Ann sin do ġluáis Iacob ann a ṫurus, agus táinic go tír na ndaoine don taoiḃ ṡoir. 2Agus daṁairc sé, agus féuċ tobar san ṁaċaire, agus ar ċeana, trí tréoid ċáoraċ na luiġe aige: óir is as an ttobar sin do ḃeirdís uisge dá ttréuduiḃ; agus do ḃí cloċ ṁór air ḃéul an tobair. 3Agus is annsin do ċruinnidís na tréada uile: agus do ċorruiġedís an ċloċ ó ḃéul an tobair, agus do beirdís uisge do na cáorċuiḃ, agus do ċuirdís an ċloċ na háit feín ar ḃéul an tobair a rís. 4Agus a duḃairt Iácob ríusan, A ḋearḃráiṫre, gá has diḃsi? agus a duḃradarsan, ó Háran dúinne. 5Agus a duḃairt sé ríu, An aiṫne ḋíḃ Lában mac Nahor? agus a duḃradursan, As aiṫne ḋúinn é. 6Agus a duḃairt seision, An ḃfuilṫear go maiṫ aige? agus a duḃadur san, Ataṫar go maiṫ: agus, feuċ, atá Ráċel a inġean ag teaċd leis na cáorcuiḃ. 7Agus a duḃairt seision, Aċd ċeana as mór atá roṁuinn don lo, ní mó is am na tréad do ċruinniuġaḋ a bfoċair a ċéile: tuguiḋsi uisge do na cáorċuiḃ, agus éirġiḋ, agus ingeiltiġ íad. 8Agus a duḃradursan, Ní ḟéadmáoid, nó go raḃaid na sealḃa uile a ḃfoċair a ċéile, agus go ccurṫar an ċloċ do ḃéul an tobuir; ann sin do ḃermíd uisge do na cáorċaiḃ. 9Agus an feaḋ fós do ḃí se ag caint ríu, ṫáinic Ráċel le cáorċuiḃ a haṫar; óir a sí do ḃí na mbun. 10Agus tárla, á núair do ċonnairc Iacob Ráċel inġean Lában, dearḃraṫair a ṁaṫar, agus caóiriġ Lábain dearḃraṫair a ṁaṫar, gur ḋruid Iácob léiṫ, agus gur ċuir an ċloċ ó ḃéul an tobair, agus tug uisge do ṫréad Laban dearḃraṫair a ṁaṫar. 11Agus do ṗóg Iacob Ráċel, agus do ṫóg súas a ġuṫ, agus do ġuil. 12Agus do innis Iacob do Ráċel, gurob é féin dearḃraṫair a haṫar, agus gúrob é mac Rebecah é: agus do riṫ sisi, agus do innis sin dá haṫair. 13Agus tárla, a núair do ċúaluiḋ Lában sgéula ṁic a ḋerḃṡeaṫraċ, gur riṫ sé na ċoinne, agus gur ṫeann ris é, agus tug póg ḋó, agus tug leis é dá ṫiġ: agus do innis Iacob na neiṫe si uile do Lában. 14Agus a duḃairt Laban ris, Is deiṁin gur tú mo ċnáiṁ agus mfeóil. Agus do ḟan aige ar feaḋ míosa. 15Agus a duḃairt Lában ré Iácob, An do ċionn gur tú mo ḋearḃraṫair, do ḋéuntá seirḃís daṁsa á naisciḋ? innis daṁ créud an túarasdal ḃías duit? 16Agus do ḃádar días inġean ag Lában: ainm an tsinnsir Léah, agus ainm an tsósair Ráċel. 17Agus do ḃádar súile boga ag Léah; agus do ḃi Ráċel sgíaṁaċ deaġnúiseaċ. 18Agus do ḃí gráḋ ag Iacob ar Ráċel; agus a duḃairt, Foiġeónuiḋ mé ḋuit seaċd mblíaḋna ar son Ráċel hinġean as óige. 19Agus a duḃairt Lában, As fearr ḋaṁsa a taḃairt duitsi ná a taḃairt dfior oile: fan am ḟoċair. 20Agus do rinne Iacob seirḃis ṡeaċd mblíaḋan do ċeannaċ ar Ráċel; agus níor tai hsiuġaḋ ḋó íad aċ na mbeagán láeṫe, do ṁeid an ġraḋ do ḃí aige uirre. 21Agus a duḃairt Iácob ré Laban, Taḃair mo ḃean daṁ, (óir do ċoiṁlíon mé maimsir) go ndearnar bean di. 22Agus do ċruinniġ Lában dáoine na háite uile, a ḃfoċair a ċéile, agus do rinne féusda ḋóiḃ. 23Agus tárla traṫ nóna, gur glac sé Léah a inġean, agus go ttug ċuigesion í, agus do ḃí na ḟior aice. 24Agus tug Lában dá inġin Léah Silpah a ċailín, na hinilt. 25Agus tárla, ar maidin, féuċ, gurab í Léah do ḃí ann: agus a duḃairt seision ré Lában, Créud an ní si do rinne tú rium? naċ ar son Ráċel do rinne misi seirḃís duit? uime sin créd far ṁeall tú mé? 26Agus a duḃairt Lában, Ní mar sin as gnáṫ do ḋéunaṁ nar náiṫe an sósar, do ṫaḃairt amaċ roiṁ an tsinnsior. 27Ċoiṁlíon a seaċdṁuin, agus do ḃéaruimne í so ḋuit mar an gcéadna ar son na searḃísi do ḋéuna tú ḋaṁ seaċd mblíaḋna eile fós. 28Agus do rinne Iacob sin, agus do ċoṁlíon a seaċdṁuin: agus tug Ráċel a inġean dó mar ṁnáoi mar an gcéudna. 29Agus tug Lában do Ráċel a inġin Bilhah a ċailín do ḃeiṫ na hinnilt aice. 30Agus do rinne bean do Ráċel mar an ccéudna, agus dob annsa leis fós Ráċel na Léah, agus do rinne seirḃís aige seaċd mblíaḋna eile fós. 31Agus a nuáir do ċonnairc an TIĠEARNA go ráiḃ fúaṫ ar Léah, do oscuil sé a brú: aċ dó ḃí Ráċel amrid. 32Agus do ṫoirrċeaḋ Léah, agus rug sí mac, agus tug sí Reuben dainm áir: óir a duḃairt sí, Go deiṁin do ḟéuċ an TIĠEARNA ár mo ḃuáiḋreaḋ; a nois ar an aḋḃar sin gráiḋeóċuiḋ mfear mé. 33Agus do ṫoirrċeaḋ a rís í, agus rug sí mac; agus a duḃairt, Do ċionn go ccúaluiḋ an TIĠEARNA go raiḃ fuaṫ oram, tug sé an mac so ḋaṁ mar an gcéadna: agus tug sí Simeon dainm air. 34Agus do ṫoirrċeaḋ a ris í, agus rug sí mác: agus do ráiḋ, A nois ḃías mfear a nuáirsi teanta riom, do ċionn go rug mé tríur mac ḋó: uime sin do goireaḋ Léḃi ḋe. 35Agus do ṫoirrċeaḋ a rís í, agus rug sí mac: agus do ráiḋ si, A nois ṁolfa mé an TIĠEARNA; uime sin do ġoir sí Iudah dainm ḋe; agus do scuir do ḃreiṫ.

Currently Selected:

Genesis 29: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in