Genesis 28
28
Caibidil XXVIII.
Cuairt Iácob a Mesopotamia. 12 Ṫaisbein Día dreímre neaṁḋa ḋó. 13 Agus ḋearḃ ḋó a ġeallaṁna.
1Agus do ġoir Isaac, Iácob, agus do ḃeannuiġ é, agus do aiṫin de, agus a duḃairt ris; ní ṫiuḃra tú bean dinġeanuiḃ Ċánaain. 2Eiriġ, imṫiġ súas go Pádan Aram, go tiġ Ḃétuel aṫair do ṁaṫar, agus gaḃ ċugad bean as sin dinġeanuiḃ Lábain dearḃraṫair do ṁaṫar, 3Agus go mbeannuiġe Día uile ċuṁaċdaċ ṫú, agus go ndearna siólṁur ṫú, agus go ḃfoirlíonuiġ ṫú, go ṁic tú ad iomad dáoine. 4Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham. 5Agus de ċuir Isaac, Iacob ar siuḃal, agus dimiġ sé go Pádan-Aram, go Lában ṁac Bétuel an Sírianaċ, dearḃraṫair Rebecah, maṫair Iácob, agus Esau. 6A núair do ċonnairc Esau gur ḃeannuiġ Isaac, Iacob, agus gur ċuir ar siuḃal é go Pádan-Aram, do ṫaḃairt mná as sin; agus aṁuil do ḃeannuiġ é, go ttug aiṫne ḋó, ag ráḋ, Ní ṫiuḃra tú bean dinġeanuiḃ Ċánaain; 7Agus gur uṁluiġ Iacob do aṫair, agus dá ṁaṫair, agus go ndeaċuiḋ go Pádan-Aram, 8Agus mar do ċonnairc Esau nár ṫaitin inġeana Ċánaain ré na aṫair Isaac; 9Ann sin do ċuaiḋ Esau ċum Ismael, agus tug a ccionn na mban do ḃí aige, Mahálah inġean Ismáel, ṁic Abraham, derḃṡíur Nebaiot, dá beiṫ na mnaói aige. 10Agus do ċuáiḋ Iacob a maċ as Beerséba, agus do ġluáis go Háran. 11Agus do ṫuirling ar ionad áiriġe, agus do ḟan ann feaḋ na hoiḋċe, mar do ċuáiḋ an ġrían faói: agus do ġlac cuid do ċloċuiḃ na háite, agus do ċuir íad mar a ċeannaḋairt, agus do luiġ síos sa náitsin do ċodlaḋ. 12Agus do ċonnairc aisling, agus féuċ dréimre ar na ċur súas ar an talaṁ, agus ráinic a ḃárr go flaiṫeaṁnus: agus féuċ, aingil Dé ag dul suas agus ag teaċd a nṡúas ann. 13Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd. 14Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe. 15Agus féuċ, ataimsí maille riot, agus cuiṁdeóċuiḋ mé ṫú ann gaċ uile ḃall a ngéuḃa tú, agus do ḃéura mé a rís don tírsi ṫú: oir ní ḟágfaiḋ mé ṫú, nó go ndéarna mé an ní do laḃair mé riot. 16Agus do ṁúsguil Iácob as aċodlaḋ, agus a duḃairt, Go deiṁin atá an TIĠEARNA sa náitsi; agus ní raiḃ a ḟios agamsa. 17Agus do ḃí eagla air, agus a duḃairt, Cread é úaṁnuiġe na háitesi! ní háit ar biṫ so aċ tiġ Dé, agus a se so geata ḟlaiṫeaṁnuis. 18Agus do éiriġ Iácob go moċ ar maidin, agus do ṫóg an ċloċ do ċuirsé mar aḋairt, agus do ċuair súas í mar ṗiléir, agus do ḋóirt ola ar a mullaċ. 19Agus do ġoir Létel dainm do náitsin; aċ Lus bá hainm don ċaṫair sin ar ttus. 20Agus tug Iácob móid, ag ráḋ, Má ḃíonn Día liom, agus go ccuiṁdeaċa mé san turus a ḃfuilim ag dul, agus go ttiuḃra ḋaṁ arán ré a iṫe, agus eádaċ re ċur umum, 21Ionnus go ttiucfaiḋ mé a rís go tiġ máṫar a síoṫċáin; annsin biaiḋ an TIĠEARNA na Ḋia agam: 22Agus an ċloċsa, do ċuir mé mar ṗiléir, biaiḋ na ṫiġ Dé: agus do nuile ní dá ttiuḃra tú ḋaṁ do ḃéura misi go dearḃṫa a ḋeaċṁaḋ ḋuitsi.
Currently Selected:
Genesis 28: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.