Genesis 31
31
Caibidil XXXI.
Ġaḃ Iacob go sioḃal. 9 Dinnis gurab Día tug eallaċ ó Lában, ḋósán. 22 Lean Lában tóir air. 29 Aċ gur Ṡéol Día reíteaḋ ḋóiḃ.
1Agus do ċúaluiḋ sé bríaṫra ṁac Lában ag ráḋ, Rug Iácob leis an ṁéid bá le ar naṫair; agus is don ní bá le ar naṫair fuáir sé ann ġlóirsi uile. 2Agus do ċonnuirc Iácob gnúis Lábain, agus féuċ ní raiḃ leis mar do ḃí roiṁe. 3Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iácob, Fill go dúṫuiġ haiṫreaḋ, agus go nuige do ċineaḋ; agus biáiḋ misi maille riot. 4Agus do ċuir Iácob fios uaḋa, agus do ġoir Ráċel agus Léah fán maċaire go nuige a ṫréud. 5Agus a duḃairt ríu, Ċím gnúis ḃur naṫar, naċ ḃfuil sí leam mar do ḃí roiṁe; aċ do ḃí Día máṫar leam. 6Agus atá ḟios aguiḃsi go ndéarna mé serḃís do ḃur naṫair rém uile ċuṁaċda. 7Agus dó ṁeall ḃur naṫair me, agus do ṁalairt mo ṫúarusdal deiċ nuáire: aċ níor leíg Día ḋó doċar do ḋéanaṁ ḋaṁ. 8Ma duḃairt sé mar so, Biaiḋ a náirnéis ḃallaċ na ṫuarusdal agad; ánn sinn do ḃí a náirneis uile ballaċ: agus má duḃairt sé mar so, Buḋ híad a nairnéis ṡíogaċ do ṫúarusdal; ann sin do ḃí a rugadur a náirnéis uile síogaċ. 9Mar so rug Día áirnéis ḃur naṫar naḋ, agus tug ḋaṁsa iad. 10Agus tárla a nuáir do reiṫeaḋ a náirnéis, gur ṫóg misi mo ṡuile súas, agus do ċonairc me an aisling, agus feuċ, na reiṫean do ḃi ag léim ar a nairneis go raḃadur síogaċ, ballaċ, meascṫa. 11Agus do laḃair aingeal Dé rium a naisling dá ráḋ, A Iácob; agus do raiḋ misi, Atáim annso. 12Agus a duḃairt seision, Tóg a nois súas do ṡuile, agus feuċ, na reiṫe lingios súas ar a náirneis átaid uile síogaċ, ballaċ, meascṫa: óir do ċonnairc misi gaċ a ndéarna Lában ort. 13As misi Día Ḃétel, áit ar ungaiḋ tusa an piléir, agus mar ar ṁóidiġ tú móid ḋaṁsa: a nois éiriġ, fág an dúṫaiḋse amaċ, agus fill go tír do ġáoil. 14Agus do ḟreagair Ráċel agus Léah, agus a duḃradur ris, An ḃfuil fós roinn ar biṫ nó oiġreaċd ar ccoṁairne a ttiġ ar naṫar? 15A né naċ meas coigcríċ atá aige oruinn? óir do reac sé sinn, agus do anċaiṫ sé mar an gcéadna ar nairgead uile. 16Oír a nuile ṡaiḋḃrios rug Día ó ar naṫair, a sé sin ar ccuidne, agus cuid ar ccloinne: a nois uime sin gioḋ bé a duḃairt Día riotsa, déana é. 17Ann sin do éiriġ Iácob súas, agus do ċuir a ṁic agus a ṁná ar ċáṁalluiḃ. 18Agus rug leis a áirnéis, agus a ṁaóin uile, noċ fuáir se, áirnéis a ġnoḋuiḋ, noċ fuair sé a Bpádan-Aram, ċum imṫeaċd go Hísaac a aṫair a ttír Cánaain. 19Agus do ċuáiḋ Lában á lomaḋ a ċáoraċ: agus do ġoid Ráċel na híoṁáiġe bá lé na haṫair. 20Agus do éulóiġ Iácob roiṁe gan ḟios do Lában an Sírianaċ, ó nár innis dó gur ṫeiṫ sé. 21Mar sin do ṫeiṫ sé leis á nuile ní do ḃi aige, agus do éiriġ, agus do ċuáiḋ tar a naḃuin, agus tug a aġuiḋ fa ṫuairim ṡliaḃ Gílead. 22Agus do hinnseaḋ do Lában an treas lá gur ṫeiṫ Iacob. 23Agus do ṫóg a ḋéarḃráiṫre leis, agus do lean é aistior ṡeaċd la; agus rugadur air ar ṡliaḃ Gílead. 24Agus táinic Día go Lában an Sírianaċ a naisling sa noiḋċe, agus a duḃairt ris, Taḃair dod aire naċ laiḃéora tú ré Iácob go maiṫ no go saiṫ. 25Ann sin rug Lában ar Iácob. A nois do ṡuiġiḋ Iácob a ṗubuil ar a tslíaḃ: agus do ṡuiġiḋ Lában gun a ḋearḃráiṫriḃ air slíaḃ Gílead. 26Agus a duḃáirt Lában ré Iácob, Créad do rinne tú, far énlóiġ tú gan ḟios daṁsa, agus fa rug tú minġeana leaċd mar ḃraiġdiḃ do géuḃṫáoi le ċoiḋeaṁ? 27Cread fár ṫeiṫ tú uáim go foluiġeaċ, agus far éulóiġ tú uáim, agus nar innis tú ḋaṁ go ccuirinn ar siuḃal uáim ṫú maille re sólás, agus lé cantaireaċd, le tabuirín, agus le cláirsiġ? 28Agus nár ḟuiling tú ḋaṁ minġeana, agus mo ṁic do ṗógaḋ? a nois as leaṁ do rinne tú súd. 29Atá a gcuṁaċd mo láiṁesi doċar do ḋéanaṁ ḋuit, aċ do laḃair Día haṫar riom a réir, ag ráḋ, Taḃair dod aire naċ laiḃéora tú re Iácob go maiṫ ná go saiṫ. 30Agus a nois máta naċ géuḃṫá gan imṫeaċd do ċionn go raiḃ fonn mór ort a ndiáiġ tiġe haṫar, ṫairis sin, créad fár ġoid tú mo ḋee? 31Agus do ḟreagair Iácob, agus duḃairt sé ré Lában, Do ċionn go raiḃ éagla orum, agus go nduḃairt mé, Go mféidir go mbeanfá hinġeana air éigin díom. 32Giḋ bé ar biṫ gá ḃfuiġe tú do ḋee, nar ab beó é: féuċ a laṫair air ndearḃráiṫreaċ má tá éinní agumsa dod ċuid, agus beir ċugad féin é: óir níor eidir Iacob gur ġoid Ráċel íad. 33Agus do ċuaiḋ Lában go pubuil Iácob agus go pubuil Léah, agus go puibliḃ an dá ċuṁal; aċ ní ḃfuáir sé íad aca. Ann sin do ċuáiḋ sé as pubuil Léah, agus do ċuáiḋ a steaċ a bpubuil Ráċel. 34A nois do ġaḃ Ráċel na híoṁaiġe, agus do ċuir a nuġaim na ccaṁull íad, agus do ṡuiġ orra: agus do spíon Laban an pubuil eile, aċ ní ḃfuáir sé íad. 35Agus a duḃairt sisi ré na haṫair, Na cuireaḋ fearg ar mó ṫiġearna naċ ḃféaduimse éirge súas roṁad; óir atá gnaṫ na mban orum: agus do spíon Lában an pubuil, agus ní ḃfuáir na híoṁáiġe. 36Agus do ḃí fearg ar Iácob, agus do ċáin Lában: agus do ḟreagair Iácob, agus a duḃairt sé ré Lában Cread é maindliġeaḋ, cread í mo ċoir, as ar lean tú ċoiṁġéarso mé? 37A náit ar spíon tú mo ṫruscán uile, créud fuáir tú dod áirnéis tiġe agam? cuir annso as coinne mo ḋearbráiṫreaċ agus do ḋearḃráiṫreaċsa é, go mbeirid breaṫ eadruinn aráon. 38A nfiċid blíaḋanso atáím ag foġnaṁ ḋuit, níor ṫeilgeadar do ċáoiriġ a nuáin, ná do ġaḃair ḃinionna a mionnáin, agus ní duáiġ mé reiṫe do ṫréuda. 39An ṁéid do ṁarḃadar na beaṫuiġ, ní ṫug mé ċugadsa é, is orum féin do ḃí a ḋul a muġa: as mo láiṁsi do íarr tusa é, má gadaḋ sa ló, nó má ġadaḋ sa noiḋċe é. 40Mar so do ḃí mé; san ló do ṡeargaḋ an tiormaċ mé, agus an sioc sa noiḋċe; agus do ḋealuiġ codlaḋ rém ṡuiliḃ. 41Mar so do ḃí mé fiṫċe blíaḋan ann do ṫiġ: do ḟoġuín mé ḋuit ceiṫre bliaḋna déag ar son do ḋías inġean, agus sé ḃíaḋna ar son ṫáirnéisi: agus do áṫruiġ tú mo ṫúarasdal deiċ nuáire. 42Muna ḃeiṫ Día máṫar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam, go deiṁin do ċurfeá ar siuḃal a nois mé folaṁ: do ċonnairc Día mo leaṫtrom agus sáoṫar mo láṁ, agus tug aiṫfear ḋuitsi a réir. 43Agus do ḟreagair Lában agus a duḃairt ré Iacob, A síad na hinġeanaso minġeanasa, agus an ċlannso mo ċlannsa, agus a náirnéisse a síad máirnéisse íad, agus a ḃfaicionn tú uile as liomsa íad; agus cread ḟéaduim minġeana féin, nó ré na ccloinn do rugadar? 44Ar a naḋḃarsin, tárrsa a nois déunam cunnraḋ, misi agus tusa; agus bíoḋ sé mar ḟíaġuin eadrum agus tú. 45Agus do ṫóg Iacob cloċ, agus do ċuir na seasaṁ í mar ṗileir. 46Agus a duḃairt Iacob ré na ḋearḃráiṫriḃ, Cruinniġiḋ cloċa; agus do ċruinniġeadar cloċa, agus do rinneadar leaċda: agus a dúadar bíaḋ ann sin ar an leaċda. 47Agus do ġoir Lában dainm ḋe Iégar-Sahaduta: aċ do goir Iacob Gáleed de. 48Agus a duḃairt Lában, Is fiaḋnuisi an leaċdaso éadrum agus tú a niuġ: agus uime sin do goireaḋ Gáleeed dainm ḋe; 49Agus Mispah: óir a duḃairt sé, Déunaḋ an TIĠEARNA faire eadrum agus tú, a nuáir ḃéam gan ḃeiṫ a láiṫair a ċéile. 50Má ní tú leatrom ar minġeanuiḃ, nó má ḃeir tú mná eile leiṫ amuiġ dom inġeanuiḃ, ní ḃfuil áonduine ar ḃfoċair: féuċ, atá Día dḟíaġuin eadruinn. 51Agus a duḃairt Lában ré Iácob, Féuċ an leaċdasa, agus féuċ an piléir noċ do ṫog mé eadrum agus tú. 52Bíoḋ an leaċdasa dfíaġuin, agus bíoḋ an piléirsé dfíaġuin, náċ raċa misi tar an leaċdasa ċugadsa, agus naċ dtiocfa tusa tar an leaċdasa ċugamsa, agus tar an bpiléirse, do ḋéunaṁ doċair. 53Déunaḋ Día Abraham, agus Día Nahor, Día a naiṫreaċ breiṫeaṁnus eadruinn: agus do ṁionnuiġ Iacob fá eagla a aṫar Isaac. 54Ann sin do rinne Iácob íoḋbuirt ar a tslíaḃ, agus do ġoir a ḋearḃráiṫre diṫe aráin: agus a duadar arán, agus do ḟanadar feaḋ na hoiḋċe san tslíaḃ. 55Agus go moċ ar maidin do éiriġ Lában súas agus do ṗóg sé a ṁic agus a inġeana, agus do ḃeannuiġ sé íad: agus do ḋealuiġ Lában riú, agus do ḟill ċum a áite féin.
Currently Selected:
Genesis 31: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.