YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 26

26
CAIBIDIOL XXVI.
Na h-Iúdaiġ ag déanaṁ ceilge i n-aġaiḋ Ċríost. Máire ’ġá ungaḋ. Feall Iúdáis. An suipéar deirineaċ. An ġuiḋe sa ġáirdín. Gaḃáil ár dTiġearnia. An cor do tugaḋ air i dtiġ Ċaiphas.
1Agus do ṫarla, nuair a ċríoċnuiġ Íosa na briaṫra san go léir, go nduḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ: 2Is eól daoiḃ go mbeiḋ an Ċáisg ann tar éis ḋá lá, agus taḃarfar Mac an Duine suas ċun a ċéasda.
3Ansan do ṫáinig i ḃfoċair a ċéile uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobuil i halla an árd-ṡagairt, dár, ḃ’ainim Caiṗas; 4Agus ḋeineadar cóṁairle ċun go ndéanfaidís Íosa do ġaḃáil le ceilg, agus é ċur ċun ḃáis. 5Duḃradar, áṁṫaċ, Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go mbeaḋ toirmeasg sa ṗobul.
6Aċ nuair a ḃí Íosa i mBetánia, i dtiġ Ṡímóin, an loḃar, 7Ṫáinig #26:7 Máire ab ainim di, agus drifiúr ab eaḋ í do Lasarus a tógaḋ ó’n mbás.ḃean ċuige agus árṫaċ alabastair aici a ḃí lán d’ungaḋ ana-ḋaor, agus do ḋoirt sí ar a ċeann é, agus é ’n-a luiġe. 8Agus nuair a ċonaic na deisgiobuil san, ḃí díombáḋ orṫa, agus duḃradar: Cad ċuige an ḃásta so? 9D’ḟéadfaí é sin do ḋíol ar ṁórán, agus é ṫaḃairt dos na boċtaiḃ. 10Do ṫuig Íosa, áṁṫaċ, agus duḃairt leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iomaiġ leis an mnaoi seo? Is gníoṁ maiṫ atá déanta aici orm-sa. 11Óir táid na boiċt i gcóṁnuiġe agaiḃ i nḃúr ḃfoċair, aċ ní’lim se i gcóṁnuiġe agaiḃ.#26:11 Ver. 11. Ní’lim se i gcóṁnuiġe agaiḃ .i. go soḟeicse, mar a ḃí sé anso ar an saoġal ’n-a measg, agus mar atáid na boiċt againn, ċun caḃruiġṫe leó i n-aġaiḋ an lae. 12Mar, nuair a ċuir sí seo an ungaḋ so ar mo ċorp-sa, is ċun m’aḋlacṫa a ḋein sí é. 13Go deiṁin adeirim liḃ, pé áit ar fuid an doṁain go léir go gcraoḃsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar ċuiṁne uirṫi seo, an gníoṁ so atá déanta aici.
14Ansan d’imṫiġ duine de’n daréag, dár ḃ’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart, 15Agus duḃairt sé leó: Cad is toil liḃ a ṫaḃairt dóṁ-sa agus taḃarfad suas daoiḃ é? Agus ṡocaruiġeadar-san leis ar ṫríoċad píosa airgid. 16Agus as san amaċ ḃí sé ag faire ar ċaoi ċun é ṫaḃairt suas.
17An ċéad lá, áṁṫaċ, de laeṫantaiḃ féile an aráin gan giost ṫáinig a ḋeisgiobuil ċun Íosa, agus duḃradar: Cár ṁaiṫ leat go ndéanfaimís an ċáisg d’ollaṁú ḋuit le caiṫeaṁ? 18Agus duḃairt Íosa: Téiġiḋ as ċaṫair ċun duine áiriṫe, agus abraiḋ leis: Deir an Máiġistir: Tá m’aimsir i ngoireaċt dom; déanfad féin agus mo ḋeisgiobuil an Ċáisg agat-sa. 19Agus ḋein na deisgiobuil mar a ḋ’órduiġ Íosa ḋóiḃ, agus d’ollaṁuiġeadar an Ċáisg.
20Agus nuair a ḃí an tráṫnóna ann, do ṡuiḋ sé i ḃfoċair a ḋáréag deisgiobul. 21Agus nuair a ḃíodar ag iṫe, duḃairt sé: Go deiṁin adeirim liḃ go ḃfuil duine agaiḃ atá ċun mé ḋíol. 22Agus ṫáinig ana-ḃuairt orṫa, agus ċromadar, gaċ duine, ar a ráḋ, An mise é, a Ṫiġearna? 23Agus duḃairt seisean ’ġá ḃfreagra: An t-é a ċuir a lám sa ṁéis am’ ċuíḃreann, díolfaiḋ sé mé. 24Tá Mac an Duine ag imṫeaċt, #Salm 40:10.fé mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ; aċ is mairg do’n ḟear san tré a ndéanfar Mac an Duine do ḋíol. Ba ṁaiṫ an rud do’n ḟear san gan é teaċt riaṁ ar an saoġal. 25Ansan, do ḟreagair Iúdás, an fear a ḋíol é, agus duḃairt: An mise é, a Máiġistir? Duḃairt sé leis: Duḃraís é.
26An ḟaid a ḃíodar ag iṫe, do ṫóg Íosa arán, agus ḃeannuiġ é, agus ḃris é, agus ṫug d’a ḋeisgiobulaiḃ é; agus duḃairt: Glacaiḋ agus iṫiḋ: Is é mo ċorp é seo.#26:26 Ver. 26. Is é mo ċorp é seo. — Ní deir sé, “figiúir mo ċuirp é seo,” aċ “Isé mo ċorp é seo.” (An tarna Cóṁairle ag Níce, aċt a 6.) Ná ní deir sé “sa níḋ seo atá mo ċorp,” ná “ag an níḋ séo atá mo ċorp.” aċ lom díreaċ, “Isé mo ċorp é seo,” caint a ṫugann transuḃsantiátio le tuisgin go soiléir. 27Ansan do ṫóg sé an ċailís agus ġaiḃ sé buiḋeaċas: agus ṫug sé ḋóiḃ, agus duḃairt: Ólaiḋ go léir as so.#26:27 Ver. 27. Ólaiḋ go léir as so. Do laḃraḋ an ċaint sin leis an daréag asbol, mar ḃíodar go léir láiṫreaċ, agus d’óladar go léir as, mar adeir, Marc. 14:23. Aċ ní ṫaisḃeánann san go ḃfuil ar na Críostaiḋṫiḃ go léir ól as an gcailís; aċ ċóṁ beag agus a ṫaisḃeánann sé go ḃfuil ceangailte orṫa go léir an ċonsecrátio do déanaṁ. Nú an Corp Naoṁṫa do raint ar an bpobul, de ḃríġ gur órduiġ Críost dos na h-Asboil an uair ċéadna an níḋ sin do déanaṁ, nuair aduḃairt sé (Lúc. 22:19) “déiniḋ an níḋ seo mar ċuíṁneaṁ ormsa.” 28Óir is í mo ċuiḋ fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán ċun peacaí do ṁaiṫeam.#26:28 Ver. 28. fuil an tiomna nua, — Fé mar a ṫioḋnaic Maoís an seana-ṫiomna le fuil na neiṫe a h-íḋbireaḋ, nuair aduḃairt se: “fuil an tiomna an ḟuil seo,” ⁊rl. (Eaḃr. 9:20.), ar an gcuma gcéadna, tíoḋnactar agus curtar ar bun, an tiomna nua anso, i ḃfuil Críost, dá dortaḋ go rúndiaṁaraċ, leis na focalaiḃ seo “Isí mo ċuid fola í seo, fuil an tiomna nua,” ⁊rl. 29Deirim liḃ, áṁṫaċ: Ní ólfad airís de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad é go nua mar aon liḃ-se i ríġeaċt m’Aṫar.#26:29 Ver. 29. toraḋ so na fíneaṁna — Do réir ċúntais Lúc. 22:18, ní h-ar ċailís an tsácramínt do laḃraḋ na focail sin aċ ar an ḃfíon a h-ólaḋ leis an uan cásga. Aċ d’ḟéadfí “toraḋ na fíneaṁna” do ṫaḃairt ar ċailís an tsácramínt leis, oír is ó ḟíon do coisreacaḋ é agus do lean air gné an ḟíona agus cáilíḋeaċtaí eile an ḟíona.
30Agus tar éis himna do ráḋ ḋóiḃ, ċuadar amaċ go cnoc Oliḃet.
31Ansan duḃairt Íosa leó: Glacfaiḋ siḃ go léir sgannal umam-sa anoċt. Óir tá sgríoḃṫa: #Zach. 13:7.Buailfad an t-aoḋaire agus sgaipfar caoire an tréada.#26:31 Ver. 31. sgannal umam-sa .i., de ḃríġ go scuirfiḋ mo ġaḃáil ḟéaċaint oraiḃ go léir teiṫe agus me ṫréigean. 32Aċ tar éis aiseiriġṫe ḋom raġad róṁaiḃ sa nGaililí. 33Agus duḃairt Peadar ’ġá ḟreagra: Bíoḋ go nglacfaiḋ an uile ḋuine sgannal umat, ní ġlacfad-sa sgannal umat ċoíḋċe. 34Duḃairt Íosa leis: Go deiṁin adeirim leat, anoċt féin, sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ, séanfair-se mise trí h-uaire. 35Duḃairt Peadar leis: Bíoḋ go mḃeaḋ orm ḃas d’ ḟáġail i n-aonḟeaċt leat ní ṡéanfad ṫu. Duḃairt na deisgiobuil go léir an ċaint ċéadna.
36Ansan do ṫáinig Íosa agus iad fein ċun an ḃaile ar a dtugtar Getsemaní; agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Suiḋiḋ-se anso go dtéiġead-sa ansúd anonn ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ. 37Agus ṫóg sé leis Peadar agus beirt ṁac Sebedé agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ go buarṫa agus go brónaċ. 38Ansan duḃairt sé leó: Tá brón an ḃáis ar m’anam: Fanaiḋ anso agus deiniḋ faire am’ ṫeannta. 39Ansan do ḋruid sé tamall uaṫa, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, ag guiḋe, agus duḃairt sé: A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ #26:39 .i. An ṗáis.an ċailís seo ṫaram; aċ sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, aċ mar is toil leat-sa. 40Agus a ṫáinig sé ċun a ḋeisgiobul, agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad, agus duḃairt sé le Peadar: An aṁlaiḋ nár ḟéadaḃair faire ḋéanaṁ aon uair a’ ċluig aṁáin liom? 41Deiniḋ faire agus úrnuiġṫe, ionus ná raġaḋ siḃ i gcaṫaíḃ. Tá an spioraid tugṫa, aċ tá an ḟeóil lag. 42Ċuaiḋ sé i leiṫ taoiḃ airís ag guiḋe, agus duḃairt: A Aṫair, mura féidir an ċailís seo do ḋul ṫarm gan me ’ġá h-ól, do ṫoil-se go ndeintear. 43Agus ṫainig sé airís agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad; óir do ḃí mairḃitíġe ar a súiliḃ. 44Agus d’ḟág sé iad, agus d’imṫiġ sé airís, agus ḋein sé guiḋe an tríṁaḋ h-uair, ag ráḋ na cainte céadna. 45Ansan ṫáinig sé ċun na ndeisgiobul, agus duḃairt leó: Deinid codlaḋ anois, agus glacaiḋ suaiṁneas: féaċ, tá an uair buailte linn agus taḃarfar Mac an Duine i láṁaiḃ na bpeacaċ. 46Eiriġiḋ, gluaisimís: Féaċ, tá an fear a ḃraṫfaiḋ mé ag teaċt.
47Agus é ag ráḋ na ḃfocal san, féaċ, ṫáinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluaġ le n-a ċois a ċuir uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobuil leis, agus claiḋṁte acu agus bataí. 48An fear a ḃraṫ é, áṁṫaċ, ṫug sé cóṁarṫa ḋóiḃ; duḃairt sé leó: An t-é go dtaḃarfad-sa póg dó, siné é; gaḃaiḋ greim air. 49Agus láiṫreaċ ṫáinig sé ċun Íosa, agus duḃairt: Go mbeannuiġṫear duit a Ṁáiġistir. Agus ṫug sé póg dó. 50Agus duḃairt Íosa leis: A ċara, cad ċuige go dtánaís? Ansan ṫánadar agus ċuireadar a láṁa ar Íosa agus ċoimeádadar greim air. 51Agus féaċ, duine de’n ṁuintir a ḃí i ḃfoċair Íosa do ṡín sé a láṁ, agus ṫaraing sé a ċlaiḋeaṁ; agus ḃuail sé seirḃíseaċ an árd-ṡagairt, agus ḃain sé an ċluas de. 52Ansan duḃairt Íosa leis: Cuir do ċlaiḋeaṁ ṫar n-ais i n-a inead féin. Óir, #Gen. 9:6; Apoc. 13:10.gaċ duine a ṫógfaiḋ claiḋeaṁ, is le claiḋeaṁ a ṫuitfiḋ sé. 53An aṁlaiḋ is dóiġ leat náċ féidir dóṁ-sa a iarraiḋ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċúġam láiṫreaċ níos mó ’ná ḋá #26:53 legión Ioir ċeiṫre ṁíle fear agus sé ṁíle fear a ḃíoḋ sa legión Róṁánaċ.legión déag aingeal? 54Conus, d’á ḃríġ sin, a cóṁlíonfar an #Isáias 53:10.scriptiúir, óir ní foláir a ṫuitim amaċ mar seo. 55An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm. 56Aċ tá so go léir déanta ċun go gcóṁlíonfaí scriptiúirí na ḃfáiḋ.#Éagcaoine 4:20. Ansan d’ḟág a ḋeisgiobuil go léir é, agus do ṫeiṫeadar.
57Aċ do ċoimeád an ṁuintir eile greim ar Íosa, agus do rugadar leó é i láṫair an árd-ṡagairt, Caiṗas, mar a raiḃ na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ cruinniġṫe. 58Do lean Peadar é, áṁṫaċ, aḃfad siar, go dtí teaġlaċ an árd-ṡagairt; agus ċuaiḋ sé isteaċ agus ṡuid sé ameasg na seirḃíseaċ, go ḃfeicfeaḋ sé deire na h-oibre.
59Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus an ċóṁairle go léir ag lorg fiaḋnaise bréige i n-aġaiḋ Íosa, ċun go ndaorfaidís ċun ḃáis é; 60Agus do ṫeip orṫa, bíoḋ go dtáinig a lán fínniṫe bréige suas. Fé ḋeire ṫáinig beirt ḟínniṫe bréige, 61Agus duḃradar: Deir sé seo: Tá ar mo ċumas-sa teampal Dé do leagaḋ, agus é ċur suas airís i gceann trí lá. 62Ansan d’eiriġ an t-árdṡagart ’n-a ṡeasaṁ, agus duḃairt sé leis: Ná h-abrann tú focal leis na neiṫiḃ atá acu so ḋ’á ḋearḃúġaḋ ort? 63Aċ níor laḃair Íosa. Agus duḃairt an t-árdṡagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá ḃeó go neósfá ḋúinn an tu an Críost, Mac Dé. Duḃairt Íosa leis: Duḃraís é. 64Aċ ní lúġa adeirim-se liḃ-se, #Supra 16:27; Róṁ. 14:10; 1 Tess. 4:16.Ċífiḋ siḃ ’n-a ḋiaiḋ so Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ nirt Dé, agus ag teaċt i néallaiḃ neiṁe. 65Ansan do strac an t-árdṡagart a cuid éadaiġ, agus duḃairt: Tá diaṁasla déanta aige; cad is gáḋ ḋúinn a ṫuille fínniṫe? Féaċ, anois do ċloiseaḃair an diaṁasla: 66Cad a ċítear daoiḃ? Agus duḃradar san ’ġá ḟreagra: Tá ḃás tuillte aige. 67#Isáias 50:6.Ansan do ċaiṫeadar seilí sa n-aġaiḋ air, agus ḃuaileadar le dóirniḃ é; agus ḃuail cuid eile acu le n-a mḃasaiḃ sa n-aġaiḋ é, Agus deiridís: 68Targair dúinn, a Ċríost, cé h-é a ḃuail tu?
69Aċ ḃí Peadar ’n-a ṡuiḋe amuiġ sa ríġṫeaġlaċ; agus ṫáinig duine de sna cailíníḃ ċuige, agus duḃairt sí: Ḃís-se, leis, i ḃfoċair Íosa, an Gaililíaċ. 70Agus do ṡéan seisean os a gcóṁair go léir, agus duḃairt sé: Ní ḟeadar cad ’tá agat d’á ráḋ. 71Agus ḃí sé ag gaḃáil an dorus amaċ, agus ċonaic cailín eile é, agus duḃairt sí leis na daoine a ḃí láiṫreaċ: Ḃí sé seo, leis, i ḃfoċair Íosa, an Nasarénaċ. 72Agus do ṡéan seisean airís agus do ḋearḃuiġ sé: Ní’l aon aiṫne agam ar an nduine. 73Agus tar éis tamaill ḃig ṫáinig na daoine a ḃí láiṫreaċ agus duḃradar le Peadar: Go deiṁin is díoḃ súd tusa, mar noċtann do ċaint tú. 74Ansan do ċrom sé ar a ḋeiṁniú agus ar a ḋearḃú ná raiḃ aon aiṫne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ġlaoiḋ an coileaċ. 75Agus do ċuíṁniġ Peadar ar an ḃfocal úd aduḃairt Íosa; Sar a nglaolḋ-fiḋ an coileaċ séanfair-se mise trí h-uaire. Agus d’imṫiġ sé amaċ, agus do ġoil sé go dúḃaċ.

Currently Selected:

Maitiú 26: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in