YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 27

27
CAIBIDIOL XXVII.
Tuairisg páise Ċríost ar leanṁaint. A ḃás agus a aḋlacaḋ.
1Agus nuair a ṫáinig an ṁaidion, ċuaiḋ uaċtaráin na sagart go léir agus seanóirí an ṗobuil i gcóṁairle i n-aġaiḋ Íosa, ċun go gcurfidís ċun báis é. 2Agus ṫugadar leó é gaḃṫa, agus ṫugadar suas é do Ṗontius Pílát, an riaġaltóir.
3Ansan nuair a ċonaic Iúdás, a ḋíol é, go raiḃ sé daor ċun báis, ṫáinig aiṫreaċas air, agus ṫug sé an tríoċad píosa airgid ṫar n-ais ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart agus ar na seanóiriḃ. 4Agus duḃairt sé: Ḋeineas peacaḋ, mar do ḋíolas fuil neaṁċiontaċ. Aċ duḃradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíoḋ ort féin. 5Ansan do ċaiṫ sé na píosaí airgid isteaċ sa teampul, agus d’ḟág sé an áit, agus d’imṫiġ sé #Gníoṁ. 1:18.agus do ċroċ sé é féin le téid. 6Agus do ṫóg uaċtaráin na sagart na píosaí airgid agus duḃradar: Ní ceart iad do ċur sa ċorbóna, mar is airgead fola iad.#27:6 Ver. 6. ċorbóna, — áit sa teampul i n-a gcuireaḋ na daoíne na taḃartaistí, nú an ofráil a ṫugaidís uaṫa. 7Aċ ḋeineadar cóṁairle, agus ċeannuiġeadar leó páirc an ṗotadóra, ċun daoine iasaċta d’aḋlacaḋ ann. 8#Gníoṁ. 1:19.Mar ġeall air sin do tugaḋ ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá so. 9Ansan iseaḋ do cóṁlíonaḋ an ċaint aduḃairt Ieremias fáiḋ, mar a nduḃairt sé: #Zach. 11:12.Agus do ġlacadar tríoċad píosa airgid, luaċ an t-é a luaḋaḋ, an t-é a luaḋdar a’ clannaiḃ Israéil, 10Agus ṫugadar iad ar ṗáirc an ṗotadóra, fé mar a ċeap an Tiġearna dom.
11Agus ḃí Íosa ’n-a ṡeasaṁ os cóṁair an riaġaltóra agus do ċeistiġ an riaġaltóir é, agus duḃairt sé: An tusa rí na nIúdaċ? Duḃairt Íosa leis: Deir tú é. 12Agus nuair a ċuir uaċtaráin na sagart agus na seanóirí neiṫe ’n-a leiṫ, níos ṫug sé aon ḟreagra orṫa. 13Ansan duḃairt Pílát leis: Ná h-airiġeann tú na neiṫe móra a ċuirid na fínniṫe ad’ leiṫ? 14Agus níor ṫug sé freagra air do ḟocal ar biṫ; i dtreó go raiḃ árd-iongnaḋ ar an riaġaltóir.
15An lá solmanta san, áṁṫaċ, ba ġnáṫ leis an riaġaltóir aon ċime aṁáin do leigint saor ċun na ndaoine, pé cime ba ṁaiṫ leó. 16Ḃí aige an uair sin árd-ċime, agus Barabbas ab ainim dó. 17Do ċruinniġ Pílát iad, agus duḃairt sé: Cé is toil liḃ a leigfinn saor ċúġaiḃ, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? 18Mar ḃí ḟios aige gur le formad a ḋeineadar é ṫaḃairt ċun láṁa. 19Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ’n-a ċaṫaoir ḃreiṫeaṁantais, agus ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, agus duḃairt sí: Ná ḃíoḋ aon ḃaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingṫe agam indiu mar ġeall air, tré aisling. 20Aċ do ċuir uaċtaráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas ċun Barabbais do ṫoġaḋ, agus Íosa do ḋíṫiú. 21Agus d’ḟreagair an riaġaltóir agus duḃairt sé leó: Cé’cu de’n ḃeirt is maiṫ liḃ a leigfinn saor? Agus duḃradar san: Barabbas. 22Duḃairt Pílát leó: Agus cad a ḋéanfad i dtaoḃ Íosa, ar a dtugtar Críost? 23Duḃradar go léir: Céasdar é. Duḃairt an riaġaltóir leó: Aċ cad é an t-olc atá déanta aige? Aċ do liúġadar níb’ aoirde: Céasdar é. 24Nuair a ċonaic Pílát ná raiḃ ag eiriġe leis, aċ gur toirmeasg a ḃí ag teaċt, fuair sé uisge, agus do niġ sé a láṁa os cóṁair na ndaoine, agus duḃairt sé: Táim-se saor ar ḟuil an ḟíoraoin seo; oraiḃ-se bíoḋ. 25Agus d’ḟreagair na daoine go léir: A ċuid fola orainne agus ar ár slioċt. 26Ansan do leig sé saor ċúċa Barabbas, agus ṫug sé Íosa suas dóiḃ le céasaḋ, tar éis a sgiúrsála.
27Ansan do ṫóg saiġdiúirí an riaġaltóra Íosa leó#Salm 21:17. amaċ sa halla, agus ċruinniġeadar ċuige an ḃuiḋean go léir. 28Agus ḃaineadar de a ċuid éadaiġ, agus ċuireadar clóca dearg uime. 29Agus d’ḟíġeadar coróinn ḋeilgneaċ, agus ċuireadar ar a ċeann í, agus ċuireadar cleiṫ ’n-a láiṁ. Agus do leigidís iad féin ar a leaṫ-ġlúin ar a aġaiḋ amaċ ag magaḋ faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n-Iúdaċ! 30Agus ċaiṫidís seile air, agus ṫógaidís an ċleiṫ agus ḃuailidís buille ḋi sa ċeann air. 31Agus nuair a ḃí a gcuid magaiḋ déanta acu ḃaineadar de an clóca, agus ċuireadar a ċuid éadaiġ féin uime, agus do rugadar leó é cun é ċéasaḋ.
32Agus nuair a ċuadar amaċ fuaradar duine ó Ċíréné, dár ḃ’ainim Símón; agus ċuireadar ḟéaċaint ar an nduine sin dul leó agus a ċros d’iompur. 33Agus ṫánadar ċun áite ar a dtugtar Golgota, ’sé sin, áit Ċalḃarí.#27:33 .i. áit an ċloiginn. 34Agus ṫugadar le n-ól dó fíon gur cuireaḋ domblas tríd; agus nuair a ḃlais sé é ní ólfaḋ sé é. 35Agus nuair a ḋeineadar é ċéasaḋ, do rainneadar a ḃaill éadaiġ eatarṫa, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ; ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ atá ráiḋte ag an ḃfáiḋ: #Salm 21:19.Do rainneadar eatarṫa mo ḃaill éadaiġ agus ċuireadar as ċrannaiḃ mo ċuid éadaiġ. 36Ansan do ṡuiḋeadar ag faire air. 37Agus ċuireadar os cionn a ċinn a ċúis sgríoḃṫa: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDAĊ, É SEO. 38Ansan do céasaḋ, mar aon leis, beirt ḃiṫeaṁnaċ, duine acu ar a láiṁ ḋeis, agus duine acu ar a láiṁ ċlé. 39Agus an ṁuintir a ġaḃaḋ ṫairis ṫugaidís masla ḋó, ag croṫaḋ a gcinn, 40Agus deiridís, Ḃah, do leagfá teampal Dé agus ċurfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do ṡaoraḋ. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois. 41Agus ar an gcuma gcéadna uaċtaráin na sagart, ag déanaṁ magaiḋ, mar aon leis na Sgríḃneóiriḃ agus leis na seanóiriḃ, deiridís: 42Do ṡáḃáil sé daoine eile; ní’l ar a ċumas é féin do ṡáḃáil. Má’sé Rí Israéil e, tagaḋ sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann. 43Bí a ṁainġín as Dia, saoraḋ Dia anois é, má’s áil leis é: Óir duḃairt sé, Is mé Mac Dé. 44Agus na biṫeaṁnaiġ a ḃí céasda i n-aice leis, ṫugadar an ṁasla ċéadna ḋó.
45Agus ó’n séṁaḋ h-uair ṫáinig doirċeaċt ar an ndoṁan go léir go dtí an naoṁaḋ h-uair. 46Agus tímpal an naoṁaḋ h-uair do laḃair Íosa do ġuṫ ana árd, agus duḃairt sé: #Salm 21:2.Élí, Élí, lamá sabactání? ’sé sin, A Ḋia, a Ḋia, cad uime gur ṫréigis mé? 47Agus ḃí daoine ’n-a seasaṁ ann agus d’airiġeadar é, agus duḃradar: Tá sé sin ag glaoḋaċ ar Élias. 48#Salm 68:22.Agus do riṫ duine acu láiṫreaċ, agus d’aimsiġ sé spúinse, agus ṫúm sé i ḃfínéigir é, agus ċuir sé ar ċleiṫ é, agus ṫug sé le n-ól dó. 49Agus duḃairt an ċuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaiḋ Élias ’ġá ṡaoraḋ.
50Agus d’éiġiṁ Íosa airís do ġuṫ árd, agus ṫug sé a anam uaiḋ.
51Agus féaċ, do stracaḋ ’n-a ḋá ċuid ó ḃárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talaṁ, agus do sgoilt na caraigreaċa; 52Agus do h-osgalaḋ na h-uaġna agus d’eiriġ a lán de ċorpaiḃ na naoṁ a ċodail, 53Agus tar éis aiséiriġṫe ḋó ṫánadar amaċ as na h-uaġnaiḃ, agus ṫánadar isteaċ sa ċaṫair naoṁṫa, agus ċonaic a lán iad.
54An taoiseaċ céad, áṁṫaċ, agus an ḃuiḋean a ḃí ’n-a ṫeannta ag faire Íosa, nuair a ċonacadar an luasgaḋ talṁan agus na neiṫe do ṫuit amaċ, ṫáinig eagla ana-ṁór, orṫa agus duḃradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.
55Agus ḃí a lán ban ann aḃfad amaċ, do lean Íosa ó Ġaililí ag frioṫálaṁ air: 56Ar a raiḃ Máire Magdalén, agus Máire, máṫair Ṡéamuis agus Ióseṗ, agus máṫair clainne Sebedé.
57Agus nuair a ḃí an tráṫnóna ann ṫáinig duine saiḋḃir, ó Arimatéa, dár ḃ’ ainim Ióseṗ, agus duine de ḋeisgiobulaiḃ Íosa dob’ eaḋ é: 58Ċuaiḋ an duine sin ag triall ar Ṗílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. Ansan d’órduiġ Pílát an corp a ṫaḃairt dó. 59Do fuair Ióseṗ an corp, agus d’ḟill sé i línéadaċ glan é, 60Agus ċuir sé ’n-a ṫuama nua féin é, a ḃí gearrṫa aige i gcaraig; agus ċuir sé cloċ ṁór ċun ḃéil na h-uaġa, agus d’imṫiġ sé. 61Ḃí ann, áṁṫaċ, Máire Ṁagdalén agus an Máire eile agus iad ’n-a suiḋe ar aġaiḋ na h-uaġa amaċ.
62Agus an lá ’n-a ḋiaiḋ san, an lá i ndiaiḋ lae an ollaṁuiġṫe, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ i n-aonḟeaċt ag triall ar Pílát,#27:62 Ver. 62. lae an ollaṁuiġṫe, .i., an lá déintí an t-olṁúċán go leir óir ní ceaduíġtí fiú olṁú bíḋ lá na sabbóite. 63Agus duḃradar: A Uasail, is cuiṁin linn go nduḃairt an feallaire úd nuair a ḃí sé ḃeó: I gceann trí lá eireóċad airís. 64Órduiġ-se, d’á ḃríġ sin, gárda ċur ar an uaiġ go dtí an tríṁaḋ lá: le h-eagla go dtiocfaḋ a ḋeisgiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eiriġ sé ós na mairḃ: agus beiḋ an feall deirineaċ níos measa ’ná an ċéad ḟeall. 65Duḃairt Pílát leó: Tá gárda agaiḃ. Imṫiġiḋ, agus déiniḋ an ġárdáil mar is eól daoiḃ. 66D’imṫiġeadar, agus ḋaingniġeadar an tuama, ag cur séala ar an gcloiċ, agus ag ceapaḋ luċt faire.

Currently Selected:

Maitiú 27: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in