YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 28

28
CAIBIDIOL XXVIII.
Aiseiríġe Ċríost. An gnó a ṫug sé le déanaṁ d’á ḋeisgiobulaiḃ.
1Agus i ndeire na sabbóide, nuair a ḃí an ċéad lá de’n tseaċtṁain ag soillsiú ṫáinig Máire Ṁagdalén agus an Máire eile ag féaċaint na h-uaġa. 2Agus féaċ, ṫáinig luasgaḋ mór talṁan. Mar ṫáinig aingeal an Tiġearna anuas ó neaṁ, agus ċuaiḋ sé agus d’iompuiġ sé siar an ċloċ agus ṡuiḋ sé uirṫi; 3Agus ḃí a ġnúis mar lasair ṫeintriġe, agus a ċuid éadaiġ mar an sneaċta. 4Agus le h-eagla roimis ṫáinig sgannra ár an luċt coimeádta, agus ba ċuma iad nó daoine a ḃéaḋ marḃ. 5Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé leis na mnáiḃ: Ná bíoḋ aon eagla oraiḃ-se; mar tá ḟios agam gur ḃ’é Íosa, do céasaḋ, atá uaiḃ. 6Ní’l sé anso: Mar d’aiseiriġ sé, fé mar a ġeall sé: tagaiḋ agus féaċaiḋ ar an áit ’n-ar cuireaḋ an Tiġearna. 7Imṫiġiḋ anois go luaṫ, agus innsiḋ d’á ḋeisgiobulaiḃ gur aiseiriġ sé; agus féaċ, tá sé ag dul róṁaiḃ go Gaililí: ċífiḋ siḃ sa n-áit sin é; féaċ tá innste agam daoiḃ roim ré. 8Agus d’imṫiġeadar amaċ go tapaiḋ ó’n uaiġ, agus ḃi eagla mór orṫa agus áṫas mór, agus iad ag ruiṫ ċun an sgéil a ḋ’innsint dos na deisgiobuil. 9Agus féaċ, do ḃuail Íosa úmpa, agus duḃairt sé: Slán daoiḃ. Agus do ṫánadar agus do rugadar ar ċosaiḃ air, agus d’aḋradar é. 10Ansan duḃairt Íosa leó: Ná ḃioḋ eagla oraiḃ; imṫiġiḋ, agus innsiḋ dom’ bráiṫriḃ, ionus go raġaidís go Gaililí; Ċífid siad sa n-áit sin mé.
11Agus nuair a ḃíodar imṫiġṫe, ṫáinig cuid de’n luċt coimeádta isteaċ sa ċaṫair, agus d’innseadar d’uaċtaránaiḃ na sagart cad a ḃí tuitiṫe amaċ. 12Agus ṫánadar-san i ḃfoċair a ċéile, mar aon leis na seanóiríḃ, agus ċuadar i gcóṁairle, agus ṫugadar cuid ṁór airgid dos na saiġdiúiríḃ, 13Agus duḃradar leó: Abraiḋ, táinig a ḋeisgiobuil sa n-oiḋċe, agus ġoideadar é agus sinne i n-ár gcodlaḋ, 14Agus má airiġeann an riaġaltóir an sgéal laḃarfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd siḃ-se ó ḃaoġal. 15Agus do ġlacadar-san an t-airgead, agus ḋeineadar mar a duḃraḋ leó. Agus tá an sgéal san leaṫta a measg na n-Iúdaċ go dtí an lá indiu.
16Agus d’imṫiġ an t-aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raiḃ ceapaiṫe ag Íosa ḋóiḃ. 17Agus nuair a ċonacadar é d’aḋradar é; aċ ḃí cuid acu lag-ċreideaṁac. 18Agus ṫáinig Íosa agus do laḃair sé leó, agus duḃairt: Do tugaḋ dóṁ-sa gaċ cóṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.#28:18 Ver. 18. gaċ cóṁaċt — Féaċ ansan an t-úġdarás a tugaḋ dos na h-Asbolaiḃ, agus an cúram a cuireaḋ orṫa féin agus ar na h-easbogaiḃ agus an an gcléir a ṫáinig ’n-a ndiaiḋ. Do fuair Críost ó n Aṫair Síoruíḋe gaċ cóṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ, agus as neart na gcóṁaċt san cuireann sé uaiḋ iad-san fé mar a ċuir an t Aṫair uaiḋ é féin, (Eóin 20:21.) ċun múine agus teagasg a ṫaḃairt, ní do ḋuine ’ná do ḃeirt, aċ do’n ċine daona go léir; ċun na ḃfírinní go léir a ṁúine ḋóiḃ; agus i dtreó go mbeaḋ sé féin ag caḃrú leó go h-éifeaċ taṁail sa ċúram san, ġeall se ḋóiḃ go mḃeaḋ sé ’n-a dteannta, ní h-ar feaḋ céad blian ná ar feaḋ míle blian, aċ gaċ aon lá, go dtí deire an doṁain. Conus is féidir, dá ḃríġ sin, do’n Eaglais Ċaitiliciḋe dul amú, agus go ḃfuil, i ḃfocair a cléire aici i gcóṁnuíġe, mar atá geallta anso, Críost féin, “an tslíġ, an ḟírinne, agus an ḃeaṫa”? (Eóin 14.) 19#Marc. 16:15.Imṫiġiḋ, d’á ḃríġ sin, agus múiniḋ na geinte go léir, agus baistiḋ iad i n-ainim an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ. 20Agus teagaisgiḋ iad ċun gaċ ar órduiġeas-sa ḋaoiḃ do ċoimeád: agus féaċ, táim-se i nḃúr ḃfoċair tríd na laeṫanta go léir, go dtí críoċnú an tsaoġail.

Currently Selected:

Maitiú 28: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in