YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 14

14
CAIBIDIOL XIV.
Eóin Baiste d’á ċur ċun báis ag Héród. Bia d’á ṫaḃairt ag Críost do ċúig ṁíle duine sa ḃfásaċ. É ag siuḃal ar an ḃfaraige, agus an uile ṡaġas luċt galair d’á leiġeas aige, gan aċ iad do ḃaint le n-a ċuid éadaiġ.
1Sa n-am san do ċualaiḋ Héród, an tetrarc, cáil Íosa.#14:1 Ver. 1. tetrarc, — Cialluiġeann an focal san, is focal ó’n nGréigis é duine a ḃeaḋ ’n-a rí ar ċeaṫraṁaḋ cuid ríġeaċta, fé mar a ḃí Héród an uair sin ’n-a rí ar Ġaililí, .i., ar an gceaṫraṁaḋ cuid de’n ríġeaċt a ḃí agá aṫair. 2Agus duḃairt sé le n-a ṁuintir ṫiġe: Sidé Eóin Baiste; d’eíriġ sé ósna mairḃ, agus is uime sin atáid na mírḃuiltí d’á ndéanaṁ tríd.
3 # Marc. 6:17; Lúc. 3:19. Óir ḃí Héród tar éis Eóin do ġaḃáil agus do ċeangal agus do ċur i mbraiġdineas mar ġeall ar Heródias, bean a ḋriṫár. 4Mar duḃairt Eóin leis: Ní dleaġṫaċ duit í sin a ḃeiṫ agat. 5Agus ba ṁian leis é ċur ċun báis, aċ ḃí eagla na ndaoine air, óir do ṫuigeadar gur ḃ’ḟáiḋ Eóin Baiste. 6Aċ lá beirṫe Héróid ḋein inġean Heródias rinnce ’n-a láṫair, rinnce a ṫaiṫn le Héród. 7Mar ġeall air sin do ḋearḃuiġ sé go dtaḃarfaḋ sé ḋi pé rud d’iarrfaḋ sí air. 8Duḃairt sise, óir do ċuir a máṫair suas ċuige í: Taḃair ḋom ar ṁéis ceann Eóin Baiste. 9Ṫáinig buairt ar an rí; aċ mar ġeall ar an ndearḃú, agus mar ġeall ar an gcuideaċtain a ḃí láiṫreaċ, d’órduiġ sé é taḃairt di. 10Agus ċur sé daoine uaiḋ agus ḃain sé an ceann d’Eóin sa ṗríosún. 11Agus do tugaḋ a ċeann i láṫair, ar ṁéis; agus do tugaḋ do’n ċailín é, agus do rug sise ag triall ar a máṫair é. 12Agus ṫáinig a ḋeisgiobuil agus do rugadar leó a ċorp, agus d’aḋlacadar é; agus ṫánadar agus d’innseadar é d’Íosa.
13Agus nuair airiġ Íosa é, d’imṫiġ sé ó’n áit sin, i luing ḃig, isteaċ i ḃfásaċ uaigneaċ; agus nuair a ḋ’airiġ na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na caṫaraċaiḃ.
14Agus ṫáinig sé amaċ agus ċonaic sé an tsluaġ ṁór, agus ṫáinig truaġ aige ḋóiḃ, agus do leiġis sé na daoine gan sláinte a ḃí orṫa. 15Agus nuair a ṫáinig an tráṫnóna ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus duḃradar: Fásaċ iseaḋ an áit seo, agus tá an aimsir imṫiġṫe. Leig uait na daoine, go dtéiġid siad isteaċ ins na sráidiḃ agus go gceannaiġid siad bia ḋóiḃ féin. 16Agus duḃairt Íosa leo: Ní gáḋ ḋóiḃ imṫeaċt; Tugaiḋ-se rud le n-iṫe ḋóiḃ. 17Agus d’ḟreagradar é: #Eóin 6:9.Ní’l anso againn aċ ċúig ḃulóga agus ḋá iasg. 18Agus duḃairt sé: Tugaiḋ ċúġam anso iad san. 19Agus duḃairt sé leis na daoine suiḋe ar an ḃféar; agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus an dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun neiṁe agus ḃeannuiġ sé iad, agus ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san dos na sluaiġtiḃ iad; 20Agus d’iṫeadar go léir, agus ḃí a ndóiṫin acu. Agus do tógaḋ an fuiġleaċ, ḋá ċiseán déag lán d’arán ḃriste. 21Agus isé méid daoine a ḋ’iṫ bia ann, ċúig ṁíle fear, gan bac do ṁnáiḃ agus do ṁion-daoine.
22Agus láiṫreaċ ’n-a ḋiaiḋ san do ċuir Íosa ḋ’ḟiaċaiḃ ar a ḋeisgiobulaiḃ dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taoḃ ṫall de’n uisge, ċun go gcuirfeaḋ sé na daoine ċun siúḃail. 23Agus ċuir sé uaiḋ na daoine, agus #Eóin 6:15.d’imṫiġ sé an cnoc suas i n-a aonar ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ. Agus ṫáinig an tráṫnóna, agus ḃí sé ann i n-a aonar. 24Ac ḃí an long ḃeag i lár na faraige d’á cáible ag na tonnaiḃ, mar ḃí an ġaoṫ ’n-a coinniḃ. 25Agus sa ċeaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe táinig sé ag triall orṫa agus é ag siúḃal ar an ḃfaraige. 26Agus nuair a ċonacadar é ag siúḃal ar an ḃfaraige, ṫáinig sgannra orṫa. Saṁail iseaḋ é, ar siad; agus ḃíodar ag sgreadaiġ le sgannra. 27Agus do laḃair Íosa leó láiṫreaċ: Glacaiḋ misneaċ, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíoḋ eagla oraiḃ. 28Agus d’ḟreagair Peadar: A Ṫigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduiġ dóṁ-sa teaċt ag triall ort ar ḃárr an uisge. 29Agus duḃairt seisean: Tar ċúġam. Agus ṫáinig Peadar anuas as an luing, agus ḃí sé ag siúḃal ar ḃárr uisge, ag teaċt ċun Íosa. 30Aċ ċonaic sé an ġaoṫ láidir agus ṫáinig eagal air; agus nuair a ṫusnuiġ sé ar ḋul fé uisge do liúiġ sé: A Ṫíġearna, ar seisean: saor mé. 31Agus do ṡín Íosa a láṁ, agus do rug sé láiṫreaċ air, agus duḃairt sé: Ó a ḟir gan puínn creidiṁ, cad ċuige ḋuit mearḃall a ṫeaċt ort? 32Agus nuair a ṫánadar ar an luing do stad an ġaoṫ. 33Agus ṫáinig na daoine a ḃí ar an luing agus d’aḋradar é, agus duḃradar, Is tú Mac Dé go fíor.
34Agus ċuadar treasna na faraige, agus ṫánadar isteaċ i dtír Genésaret. 35Agus nuair a ḋ’aiṫin muintir na h-áite sin é, ċuireadar teaċtairí tríd an ndúṫaiġ, agus ṫugadar ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte; 36Agus d’iarradar air leigint dóiḃ baint aṁáin le faḃra a ḃrait; agus an méid a ḃain, do slánuiġeaḋ iad.

Currently Selected:

Maitiú 14: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in