YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 15

15
CAIBIDIOL XV.
Na Sgríḃneóirí d’á n-imḋeargaḋ ag Críost. Inġean na mná ó Ċanaan, agus a lán eile d’á leiġeas aige agus bia aige ’á ṫaḃairt do ċeiṫre ṁíle duine le seaċt mbológaiḃ.
1Ansan do ṫáinig Sgríḃneóirí agus Fairisíniġ ag triall air ó Ierúsalem, agus duḃradar: 2Cad ċuige go mbrisid do ḋeisgioḃuil-se nósa na sean? Óir ní níġid siad a láṁa nuair a ċaiṫid siad bia. 3Agus d’ḟreagair sé iad, agus duḃairt: Cad ċuige go mbriseann siḃ-se dlíġ Dé ar son ḃúr sean-nós? Óir deir Dia: 4#Exod. 20:12; Deut. 5:16.Taḃair do t’ aṫair agus do d’ ṁáṫair onóir; agus, #Exod. 21:17; Leḃit. 20:9. An t-é déanfaiḋ easgaine ar a aṫair nó ar a ṁáṫair curtar ċun báis é. 5Deir siḃ-se, áṁṫaċ, Pé duine adeir le n-a aṫair nó le n-a ṁáṫair, Gaċ taḃarṫas d’á dtugaim-se uaim, #15:5 .i. Nuair a ḃronnaim ar Dia é bronnaim ort-sa é.beiḋ a ṫairḃe agat-sa;#15:5 Ver. 5. Gaċ taḃarṫas ⁊rl., .i., an ofráil a ḋéanfadsa ċun Dé beiḋ sí i n-inead an ċostais a ċaiṫfinn a ḋéanaṁ ċun do ṫairḃṫe-se. Nós é sin a ḃí ag na Fairisíniġ, .i., dá dtugaḋ an ċlann do’n teampall agus dos na sagairt an ċuid a ḃí orṫa a ṫaḃairt d’á n-aṫair agus d’á ṁáṫair do ṡaorfaḋ san iad ó n-a ṫuille de ḋuaḋ aṫar ’ná máṫar fáġail; d’ḟág san ag na Fairisíniġ an saiḋḃreas ba ċeart a ṫaḃairt do n aṫair agus do’n ṁáṫair. Ḃí san i gcoinniḋ dlíġe Dé agus i gcoinniḃ dlíġe nádúra, agus duḃairt ár Slánuiġṫeóir go raiḃ. 6Agus ní onórfaiḋ sé a aṫair ná a ṁáṫair; agus tá aiṫne Dé curṫa agaiḃ ar neaṁníḋ ar son ḃur sean-nós. 7A ċluanaiḋṫe, is maiṫ a ṫargair Isáias i nḃúr dtaoḃ nuair aduḃairt sé: 8#Isáias 29:13.Onóraid na daoine seo mé le n-a mbéal, aċ is fada uaim atá a gcroiḋe. 9Agus is onóir gan ḃunús a ṫugaid siad dom, ag múineaḋ teagaisg agus aiṫeanta daoine.#15:9 Ver. 9. aiṫeanta daoine. — Na teagaisg agus na h-aiṫeanta do loċtuiġṫear anso, is neiṫe i gcoinniḃ dlíġe Dé iad (mar atá failliġe i n-aṫair agus i máṫair agus an ċuid ’á ṫaḃairt do Ḋia mar ḋ’eaḋ), nú is neiṫe gan ḃríġ gan tairḃṫe iad, gan aon ċonġnaṁ ċun deaġ-ṁóideaċta, mar atá, níġe láṁ, ⁊rl., gan suim i nglaine an ċroiḋe. Aċ i dtaoḃ riaġalta agus aiṫeanta na h-Eagailse Naoṁṫa, mar ġeall ar trosgaḋ agus ar laeṫantaiḃ saoire, ⁊rl., ní’l aon rud i gcoinniḃ dlíġe Dé ionta san, aċ a ṁalairt. Neiṫe iseaḋ iad atá taiṫneaṁaċ le toil naoṁṫa Dé agus ana-ṫairḃṫeaċ do ċráiḃṫeaċt na gCríostaiḋṫe. Agus ní féidir “aiṫeanta daoine” ṫaḃairt orṫa, óir ní h-ó úġdarás daoine a ṫánadar aċ ó’n úġdarás a ṫug Críost féin dá Eaglais nuair a ċuir sé ar bun í, agus nuair órduiġ sé ḋúinn ḃeiṫ úṁal d’á cléir díreaċ mar a ḃeimís uṁal dó féin.
10Agus do ġlaoiḋ sé ċuige an pobul, agus duḃairt sé leó: Cloisiḋ agus tuigiḋ: 11Ní h-é an rud a ṫéiġeann isteaċ sa ḃéal a ṡailiġeann an duine, aċ an rud a ṫagann amaċ as an mbéal, siné a ṡailiġeann an duine.#15:11 Ver. 11. Ní h-é an rud a ṫéiġeann isteaċ sa ḃéal ⁊rl. Ní féidir d’aon tsalaċar bíḋ, ’ná d’ aon tsalaċar láṁ le linn an ḃíḋ a ḋ’iṫe, salaċar, nú truailliú, do ċur ar an anam. Ní’l ċun é sin do ḋéanaṁ aċ an peaca aṁáin, .i., easúṁluíġeaċt i n-aġaiḋ dlíġe Dé. Nuair a ḋ’iṫ Áḋaṁ uḃal na h-aiṫne ní h-é an t-uḃal a ṫruailliġ é aċ an easuṁluíġeaċt a ḋein sé i n-aġaiḋ dlíġe Dé. B’é an sgéal céadna é do’n Iúdaċ dá n-iṫeaḋ sé muic-ḟeóil fé’n seandlíġ, nú ag an gCríostaíḋe i n-aimsir na n-Asbol, dá n-iṫeaḋ sé fuil, nú ag aon Ċríostaíḋe anois dá mbriseaḋ sé aiṫne na h-Eagailse le gan trosgaḋ ḋéanaṁ lá trosgaiḋ. Ins na cásanaiḃ sin go léir ní leis an mbia do truailleófí an t-anam aċ leis an bpeaca a déanfí nuair a brisfí go toilṫeanaċ dlíġ Dé, nú an dlíġ a ḋeineann an Eaglais agus úġdarás ó Ḋia aici ċuige. 12Ansan do ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus duḃradar leis. An eol duit go ḃfuil sgannal glacaiṫe ag na Fairisíniġ ó airiġeadar an focal san? 13Aċ d’ḟreagair seisean: Gaċ curadóireaċt nár ċuir m’Aṫair neaṁḋa-sa, stracfar as a ṗréacaiḃ é. 14Sgaoiliḋ leó san; giollaí dalla ag dallaiḃ iseaḋ iad; agus má ḋeineann dall giollaċt ar ḋall, tuitfid siad araon sa díg. 15Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt: Mínig dúinn an tsoluíd úd. 16Agus duḃairt seisean: Agus an ḃfuil siḃ-se féin gan tuisgint fós? 17Ná tuigeann siḃ, gaċ níḋ a ṫéiġeann isteaċ sa ḃéal, go dtéiġeann sé síos sa ḃolg, agus go n-imṫiġeann sé sa ḃfiailteaċ? 18Aċ na neiṫe a ṫagann as an mbéal, is ó’n gcroiḋe a ṫagaid siad; agus isiad a ṡailiġeann an duine. 19Óir is amaċ as an gcroiḋe a ṫagaid droċ-smuínte, dúnṁarḃaḋ, aḋaltranas, striapaċas, gadaiḋeaċt, leaḃair éiṫiġ, diaṁasla; 20Siniad a ṡailiġeann an duine; Agus ní bia a ḋ’iṫe gan láṁa do níġe a ṡailiġeann an duine.
21Agus d’imṫiġ Íosa as an áit sin, agus ċuaiḋ sé go críoċaiḃ Tuíre agus Sídóin. 22Agus féaċ, ṫáinig bean ó Ċanaan amaċ as na críoċaiḃ sin, agus do ġlaoiḋ sí: A Ṫiġearna, a Ṁic Dáiḃid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inġean d’á ciapaḋ go cruaiḋ ag deaṁan. 23Agus níor ṫug sé aon ḟreagra uirṫi. Agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus d’iarradar air í leigint ċun siúḃail. Leig ċun siúḃail í, ar siad; tá sí ag glaoḋaċ i n-ár ndiaiḋ. 24Ansan duḃairt sé léi: Níor cuireaḋ mé aċ ċun na gcaoraċ a cailleaḋ ó teaġlaċ Israéil. 25Aċ do ṫáinig sisi agus do ṡléaċt sí ḋó, agus, Fóir orm, a Ṫiġearna, ar sisi. 26Agus d’ḟreagair sé: Ní maiṫ an rud bia na leanḃ a ṫaḃairt dos na coileánaiḃ. 27Aċ, a Ṫiġearna, ar sisi, iṫid na coileáin an brúscar a ṫuiteann ó ḃórd a dtiġearnaí. 28Ansan d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé léi: A ḃean, is mór é do ċreideaṁ. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuiġeaḋ a h-inġean ó’n uair sin.
29Agus d’imṫiġ Íosa ó’n áit, agus ṫáinig sé go bpuaċ mara Ġaililí; agus ċuaiḋ sé suas ar ċnoc, agus ṡuiḋ sé ann. 30Agus ṫáinig sluaiġte móra ċuige, agus daoine balḃa acu, agus daill, agus bacaiġ, agus daoine leicṫe, agus mórán eile; agus ċaiṫeadar agá ċosaiḃ iad, #Isáias 35:5.agus do leiġis sé iad; 31I dtreó go raiḃ iongnaḋ ar na sluaiġte nuair a ċonacadar na daoine a ḃí balḃ ag caint, agus na daoine a ḃí bacaċ ag siúḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ; agus do ṁoladar Dia Israéil.
32Ansan do ġlaoiḋ Íosa ċuige a ḋeisgiobuil agus duḃairt sé: Tá truaġ agam do’n tsluaġ, óir táid siad tar éis fanṁaint trí lá am’ ḟoċair agus ní’l aon níḋ le n-iṫe acu; agus ní maiṫ liom iad do ċur uaim ’n-a dtrosgaḋ, le h-eagla go dtuitfidís ar an slíġ. 33Agus duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Aċ cá ḃfaiġmíd-ne, i ḃfásaċ, oiread aráin agus ṡásóċaiḋ a leiṫéid de ṡluaġ? 34Agus duḃairt Íosa leó: An ’mó bulóg agaiḃ? Agus duḃradar-san, Seaċt mbulóga, agus raint d’ iasgaiḃ beaga. 35Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe ar an dtalaṁ. 36Agus ṫóg sé na seaċt mbulóga agus na h-iasga, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus do ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san do’n tsluaġ iad. 37Agus d’iṫeadar go léir, agus ḃí a ndóiṫin acu; Agus an bia briste do fágaḋ, do ṫógadar é i seaċt gciseánaiḃ lána. 38Agus isé méid daoine a ċaiṫ bia ann ná ċeiṫre ṁíle duine, lasmuiġ de ṁiondaoiniḃ agus de ṁnáiḃ.
39Ansan do ċuir sé uaiḋ an tsluaġ, agus ċuaiḋ sé ar bórd na luinge bige, agus ṫáinig sé i gcríoċaiḃ #15:39 Nó, Magdala.Magedan.

Currently Selected:

Maitiú 15: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in