YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 16

16
CAIBIDIOL XVI.
Críost ġá ḋiúltú cóṁarṫa ó neaṁ a ṫaisḃeáint dos na Fairisíniġ. Adṁáil Ṗeadair agus a ṫoraḋ ḋó; a imḋeargaḋ mar ġeall ar ċur i n-aġaiḋ páise Ċríost. Ní foláir do ċualaċt Ċríost uile iad féin do ṡéanaḋ.
1Ansan do ṫáinig ċuige na Fairisíniġ agus na Sadducíniġ ċun triail a ḃaint as; agus d’iarradar air cóṁarṫa ó neaṁ do ṫaisbeáint dóiḃ. 2Aċ d’ḟreagair seisean agus duḃairt sé leó: Deirṫí-se um ṫráṫnóna, Beiḋ soinean ann, mar tá an spéir dearg; 3Agus ar maidin, Beiḋ stoirm ann, mar tá an spéir ag deargaḋ go dorċa. 4Tá ḟios agaiḃ conus gnúis na spéire do ḃreiṫniú; agus náċ féidir liḃ cóṁarṫaí na h-aimsire ḋ’aiṫint? Tá slioċt an uilc agus an aḋaltranais ag lorg cóṁarṫa; aċ ní taḃarfar de ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ #16:4 .i. Bás agus aiseiriġe Ċríost. Ión. 2:1; et supra 12:39.cóṁarṫa Iónais Fáiḋ. Agus d’ḟág sé ansan iad agus d’imṫiġ sé.
5Agus nuair a ṫáinig a ḋeisgiobuil treasna na faraige, ḋearṁadadar arán a ṫaḃairt leó. 6Agus duḃairt sé leó: Féaċaiḋ agus seaċnaiḋ giost na ḃFairisíneaċ agus na Sadducíneaċ. 7Agus ḋeineadar-san maċtnaṁ ’n-a n-aigne, ’ġá ráḋ, Níor ṫugamar arán linn. 8Agus ḃí a ḟios san ag Íosa, agus duḃairt sé: A ḋaoine gan puínn creidiṁ, cad é an maċtnaṁ so oraiḃ toisg gan arán a ḃeiṫ agaiḃ? 9Ná fuil tuisgint agaiḃ fós, nó náċ cuiṁin liḃ na seaċt mbulóga do’n ċúig ṁíle duine, agus an ’mó ciseán a ṫógaḃair? 10Ná na seaċt mbulóga do’n ceiṫre ṁíle duine, agus an ’mó ciseán a ṫógaḃair? 11Cad ’n-a ṫaoḃ ná tuigeann siḃ náċ i dtaoḃ aráin aduḃart, Seaċnaiḋ giost na ḃFairisíneaċ agus na Sadducíneaċ? 12Ansan do ṫuigeadar ná duḃairt sé gur ḃ’é giost an aráin a ḃí le seaċaint, aċ teagasg na ḃFairisíneaċ agus na Sadducíneaċ.
13Agus ṫáinig Íosa isteaċ i gcríoċaiḃ Ċaesaréa Ṗilippí; agus do ċeistiġ sé a ḋeisgiobuil, agus duḃairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine? 14Agus duḃradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáiḋiḃ. 15Agus duḃairt Íosa leó: Aċ dar liḃ-se cé h-é mé? 16Agus d’ḟreagair Símón Peadar agus duḃairt: Is tú Críost #16:16 .i. Mac Dé atá beó.Mac Dé Ḃí. 17Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis: Is aoiḃinn duit, a Ṡímóin ṁic Ióna, óir ní feóil agus fuil a ḋ’ḟoillsiġ duit-se sin, aċ m’Aṫair-se atá ins na flaṫais. 18Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú#16:18 Ver. 18. Peadar tú, ⁊rl. — D’adṁuiġ Peadar anso, go solmanta, a ċreideaṁ i ndiaḋaċt Ċríost agus mar ḋíoluiġeaċt dó as an adṁáil sin d’innis ár dTiġearna ḋó an oific uasal a ḃí ceapaiṫe aige a ṫaḃairt dó, .i., gur ċiallaiġ an ainim “Peadar” caraig (Eóin 1:42.) agus gur ċaraig Peadar, caraig a ḃeaḋ laidir daingean ċun na h-Eagailse d’iompar nuair a curfí suas í agus nuair a ḃeaḋ Peadar mar ċloiċḃuinn fúiṫi agus mar ċeann uirṫi agus iomláine na cóṁaċta aige a ċialluiġid eoċraċa ríġeaċta na ḃflaṫas. , agus is ar an gcaraig seo#16:18 Ver. 18. ar an gcaraig seo ⁊rl Dob ionan caint Ċríost an uair sin agus dá n-abraḋ sé, as gaeluinn an rud aduḃairt sé a h-Eaḃrais na nIúdaċ, .i. “Is caraig tusa agus ar an gcaraig seo a ċuirfadsa suas m’Eaglais.” I dtreó, do réir gluaiseaċta nadúrṫa na cainte, go ndeirtear gur b’é Peadar an ċaraig ar a raiḃ an Eaglais le cur suas, agus gur ḃ’ar Ċríost féin a ḃí idir ċloċ ḃuínn agus eile le cur agus le seasaṁ. Taḃair fé ndeara, leis, nuair a ċuir Críost an Eaglais ar an gcaraig, go raiḃ sí curṫa aige ó ḃaoġal gaċ stoirme gaoiṫe agus uisge, ar nós an ḟir ċiallṁair úd (N. Mait. 7:24,25). a ċuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní ḃuaḋfaid geataí ifrinn#16:18 Ver. 18. geataí ifrinn, ⁊rl. .i., cóṁaċta an dorċadais agus gaċ ar féidir do Ṡatan agus d’á ċuallaċt a ḋéanaṁ. Óir, ó saṁaltar anso an Eaglais le tig nú le dún a ḃeaḋ déanta ar ċaraig, saṁaltar cóṁaċta a naṁad le tig eile a ḃeaḋ n-a coinniḃ, agus deirtear na buaḋfid na cóṁaċta eile sin, .i., geataí an tiġe eile sin, go deó i gcoinniḃ caṫaraċ nú i gcoinniḃ Eaglaise Ċríost. Tugann san deiṁne ḋúinn náċ baoġal go ḃféadfiḋ aḋraḋ déiṫe fallsa ’ná eiricideaċt, ’ná aon tsaġas eile éiṫiġ, buaċtaint ċoíḋċe ar Eaglais Ċríost. uirṫi. 19#Isáias 22:22.Agus taḃarfad duit eoċraċa ríġeaċta na ḃflaṫas; agus pé rud a ċeangalóċair ar talaṁ, beiḋ sé ceangailte ins na flaṫais; agus pé rud a sgaoilfir ar talaṁ#16:19 Ver. 19. sgaoilfir ar talaṁ — Loġa a tugtar ar sgaoíle o’n bpionós aimsire, do leanann an peaca. Agus isí an ċóṁaċt a ḋeineann an sgaoíle sin do tugtar anso., beiḋ sé sgaoilte ins na flaṫais. 20Ansan d’órduiġ sé d’á ḋeisgiobulaiḃ gan a ḋ’innsint d’aoinne gur ḃ’é féin Íosa Críost.
21Ansan do ṫosnuiġ Íosa ar a ṫaisbeáint d’á ḋeisgiobuil nár ḃfoláir é féin a ḋul go Ierúsalem agus mórán d’ḟulang ós na sínsearaiḃ agus ós na Sgníḃ-neóiríḃ agus ó uaċtaránaiḃ na sagart, agus a ċur ċun báis, agus a aiseiriġe an tríṁaḋ lá. 22Agus do ṫóg Peadar é, agus ċrom sé ar aiġneas leis, agus duḃairt sé: Aḃfad uait-se sin, a Ṫiġearna. Ní ṫiocfaiḋ san ort-sa.#16:22 Ver. 22. Agus do ṫóg Peadar é, .i. Do ṫóg Peadar i leiṫ taoiḃ leis é, agus tré ṁéid a ġráḋ ḋó, agus na h-urama a ḃí aige ḋó, agus a ḋíograise ḋó, do ċrom sé ar ṫaṫant air agus ar ċur n-a ċoinniḃ, agus ar a ráḋ: “A Ṫiġearna, aḃfad uaitse bar d’ḟulag.” Aċ duḃairt an Tiġearna le Peadar, “Imṫiġ,” ⁊rl. — D’ḟéadfaḋ na focail sin a ċiallú, “Imṫiġ uaim.” Aċ deir na h-Aṫaireaċa Naoṁṫa gur ċialluiġdar a ṁalairt sin, .i., gur ċialluiġdar “tar am ḋiaiḋ,” agus gur b’aṁlaiḋ aduḃairt an Tiġearna le Peadar gaḃáil leis i ḃfulag i n-inead ḃeiṫ ag cur i gcoinniḃ toile Dé; agus go gcialluiġeann an focal san, “Sátan,” sa n-Eaḃrais, “adḃersárius,” .i. “toirmisgóir.” 23Agus d’iompuiġ seisean agus duḃairt sé le Peadar: Imṫiġ lastiar díom a Ṡátain; cuireann tu seirḃṫean orm; mar ní h-iad na neiṫe a ḃaineann le Dia a ṫaiṫneann leat-sa aċ na neiṫe a ḃaineann le daoine.
24Ansan duḃairt Íosa le n-a ḋeisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ-se, séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé. 25Mar, an t-é gur mian leis a anam do ṡáḃáil, caillfiḋ sé é; aċ an t-é a ċaillfiḋ a anam ar mo ṡon-sa, ġeóḃaiḋ sé é. 26Mar, cad é an tairḃe do ḋuine an doṁan go léir a ḃuaċtaint, má ḋeineann sé a anam féin a ċailleaṁaint? nó cad í an ṁalairt a ḋéanfaiḋ duine ar a anam féin? 27Óir tá Mac an Duine ċun teaċt i nglóire a Aṫar mar aon le n-a aingealaiḃ; #Gníoṁ. 17:31; Róṁ. 2:6.agus ansan taḃarfaiḋ sé do gaċ duine do réir a ġníoṁarṫa. 28Go deiṁin adeirim liḃ, tá cuid d’á ḃfuil ’n-a seasaṁ anso agus ní ḃlaisfid siad bás go ḃfeicfid siad Mac an Duine ag teaċt ’n-a ríġeaċt.

Currently Selected:

Maitiú 16: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in