YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 13

13
CAIBIDIOL XIII.
Parabal ċuradóra an ċogail, agus parabal an tsíl-ṁustáird, ⁊rl.
1Sa lá san ċuaiḋ Íosa amaċ as an dtiġ, agus ḃí sé n-a ṡuiḋe ar bruaċ na faraige. 2Agus do ċruinniġ sluaiġte móra, i dtreó go ndeaġaiḋ sé ar bórd na luinge bige agus gur ṡuiḋ sé ínti, agus gur ṡeasaiṁ an tsluaġ go léir ar an dtráiġ. 3Agus do ḋein sé a lán cainte leó i ḃfuirm soluídí, agus duḃairt sé: Féaċ, do ċuaiḋ síoladóir amaċ ag cur síl. 4Agus nuair a ḃí sé ag cur an tsíl do ṫuit #13:4 .i. cuid de sna gráinníḃ.cuid acu i n-aice an ḃóṫair; agus ṫáinig éanlaiṫe an aeir agus d’iṫeadar iad. 5Agus do ṫuit cuid eile acu i n-áit i n-a raiḃ cloċa agus iṫir ṡuaraċ; agus d’ḟásadar go luaṫ, toisg gan doiṁneas iṫreaċ a ḃeiṫ acu. 6Agus d’eiriġ an ġrian agus do ġoill an teas orṫa; agus toisg gan an ṗréaṁ a ḃeiṫ acu d’ḟeóċadar. 7Agus do ṫuit cuid eile acu ameasg na sgeaċ; agus d’ḟás na sgeaċa agus ṁúċadar iad. 8Ṫuit cuid eile acu, áṁṫaċ, ar ṫalaṁ ḟóġanta; agus ṫugadar toraḋ, cuid acu fó ċéad, cuid acu fó ṫrí fiċid, cuid acu fó ṫríoċad. 9An t-é go ḃfuil cluasa air ċun éisteaċta, éisteaḋ sé.
10Agus ṫáinig na deisgiobuil ċuige agus duḃradar: Cad fá gur i soluídíḃ a laḃrann tú leó? 11Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: Mar do tugaḋ daoiḃ-se eólus do ċur ar rú nDiaṁraiḃ ríġeaċta na ḃflaṫas; do’n ċuid eile, áṁṫaċ, níor tugaḋ san. 12Óir an t-é go ḃfuil aige taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige tógfar uaiḋ a ḃfuil aige. 13Laḃraim leó i soluídíḃ mar tá raḋarc acu agus ní ḟeicid siad, agus tá éisteaċt acu agus ní ċloisid siad, ná ní ṫuigid siad. 14Agus cóṁlíontar ionta targaireaċt Isáiais, mar a ndeir sé: #Isáias 6:9.Le cloisint cloisfiḋ siḃ agus ní ṫuigfiḋ siḃ, agus ag féaċaint ċífiḋ siḃ agus ní feicfiḋ siḃ. 15Óir tá croiḋe an ṗobuil seo tromaíḋe, agus le n-a gcluasaiḃ cloisid siad go boḋar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luaṫ ná mall, go ḃfeicfidís le n-a súiliḃ, agus go gcloisfidís le n-a gcluasaiḃ, agus go dtuigfidís i n-a gcroiḋe, agus go n-iompóċaidís agus go slánóċainn iad. 16Aċ is aoiḃinn d’ḃúr súiliḃ-se, óir ċíd; agus d’ḃúr gcluasaiḃ, óir cloisid. 17Óir go deiṁin adeirim liḃ gur ’mó fáiḋ agus fíoraon gur ṁian leó na neiṫe a d’ḟeisgint a ċíonn siḃ-se, agus ní ḟeacadar iad; agus na neiṫe do ċlos a ċloiseann siḃ-se agus níor ċloiseadar iad. 18Éistiḋ-se anois le soluíd an tsíoladóra.
19Gaċ duine a ċloiseann briaṫar na ríġeaċta agus ná tuigeann é, tagann an droċ-spioraid agus tógann sé an síol a cuireaḋ ’n-a ċroíḋe sin. Siné an síol a cuireaḋ i n-aice an ḃóṫair. 20An t-é a ġlac an síol mar a raiḃ na cloċa, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar agus do ġlacann láiṫreaċ é le h-áṫas; 21Aċ ní’l an ṗréaṁ aige; ní leanann sé aċ tamall; agus nuair a ṫagann an trioblóid agus an ġéarleanṁaint mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé sgannal. 22Agus an t-é a ġlac an siól ins na sgeaċaiḃ, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar, agus go ndeineann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ saiḋḃris an briaṫar do ṁúċaḋ, agus bíonn sé gan toraḋ. 23Aċ an t-é a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar agus do ṫuigeann é, agus a ṫugann toraḋ uaiḋ, agus tugann sé cuid de’n toraḋ fó ċéad, agus cuid eile ḋe fó ṫrí fiċid, agus cuid eile ḋe fó ṫríoċad.
24Ṫug sé soluíd eile ḋóiḃ, agus duḃairt sé: Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le duine a ċuir síol fóġanta ’n-a ċuid tailiṁ; 25Aċ nuair a ḃí na daoine ’n-a gcodlaḋ ṫáinig an naṁaid agus do ċuir sé cogal i lár na cruiṫneaċtan, agus d’imṫiġ sé. 26Agus nuair a ḃí an geaṁar ag fás, agus an toraḋ ag teaċt, do ċonacṫas an cogal leis. 27Ansan ṫáinig na seirḃísiġ ċun fir an tiġe, agus duḃradar leis: A Ṫigearna, náċ síol fóġanta a ċuiris ad’ ċuid tailiṁ? Cá ḃfuair sé an cogal mar sin? 28Agus duḃairt sé leó: Naṁaid a ḋein an níḋ sin. Agus duḃairt na seirḃísiġ leis: An toil leat sinn do ḋul agus an cogal a ḃaint? 29Agus duḃairt sé: Ní toil; le h-eagla, ag staṫaḋ an ċogail daoiḃ, go staṫfaḋ siḃ an ċruiṫneaċt leis. 30Leigtear dóiḃ araon fás go dtagaiḋ an fóġṁar, agus nuair a ṫiocfaiḋ an fóġṁar déarfad leis na buanaiḋṫiḃ: Bailiġiḋ an cogal ar dtúis, agus ceangalaiḋ é ’n-a ṗunanaiḃ le dóġaḋ, aċ deiniḋ an ċruiṫneaċt do ḃailiú isteaċ am’ sgioból.
31Agus ċuir sé soluíd eile os a gcóṁair, agus duḃairt sé: Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le gráinne de ṡíol mustáird a ṫóg duine le cur ’n-a ġaraiḋe. 32Ní’l síol ar biṫ is lúġa ’ná é; aċ nuair ḟásann sé ní’l glasra ar biṫ is mó ’ná é, agus ḋeineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaiṫe an aéir agus go neaduiġid siad ’n-a ġéagaiḃ.
33Do laḃair sé soluíd eile leó: Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas leis an ngiost a ġlac an ḃean agus a ċuir sí i ḃfolaċ i dtrí tóṁasaiḃ plúir, go dtí gur ġlac an plúr go léir an giost.
34Do laḃair Íosa na neiṫe seo go léir leis na daoine i ḃfuirm soluídí; agus níor laḃair sé leó aċ i soluídíḃ; 35Ionus go gcóṁlíonfaí an focal a laḃair an fáiḋ nuair aduḃairt sé: #Salm 77:2.Osgalóċad mo ḃéal i soluídíḃ; noċtfad neiṫe atá foluiġṫe ó ċruṫniú an doṁain.
36Ansan do ċuir sé ċun siuḃail an pobul, agus ṫáinig sé isteaċ sa tiġ, agus ṫáinig a deisgiobuil ċuige agus duḃradar: Míniġ dúinn soluíd an ċogail sa ġort. 37Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: Isé Mac an Duine a ċuireann an síol fóġanta. 38Agus isé an doṁan an gort. Agus clann na ríġeaċta, siniad an síol fóġanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. 39Agus an naṁaid a ċuir an cogal, siné an diaḃal. #Apoc. 14:15.Agus isé deire an tsaoġail an fóġṁar; agus isiad na h-aingil na buanaiḋṫe. 40D’á ḃríġ sin, mar a bailiġtear an cogal agus a dóiġtear é sa teine, sin mar a ḃeiḋ i ndeire an tsaoġail. 41Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ agus baileóċaid siad as a ríġeaċt gaċ sgannal agus luċt déanta an uilc. 42Agus cuirfid siad sa lasair ṫeine iad. Beiḋ sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal. 43#Eagna 3:7; Dan. 12:3.Ansan beid na fíoraoin ag taiṫneaṁ ar nós na gréine i ríġeaċt a n-Aṫar. An t-é go ḃfuil cluasa air ċun éisteaċta, éisteaḋ sé.
44Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le stór a ḃeaḋ i ḃfolaċ i bpáirc; agus an t-é a ġeiḃeann é coimeádann sé rún air, agus tré ṁéid a áṫais imṫiġeann sé agus díolann sé amaċ a ċuid go léir, agus ceannuiġeann sé an ṗáirc sin.
45Agus airís, is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le ceannaiḋe a ḃeaḋ ag lorg péarlaí fóġanta. 46Agus nuair a fuair sé aon ṗéarla aṁáin ana-luaċṁar, do ḋíol sé a raiḃ aige, agus do ċeannaiġ sé an péarla san. 47Airís, is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le líon a curfaí amaċ sa ḃfaraige, agus do ḃaileóċ’ an uile ṡaġas éisg; 48Agus nuair a ḃí sé lán, gur taraingeaḋ amaċ é, agus gur ṡuiḋ na daoine ar an dtráiġ, agus gur ṫógadar na h-iasga maiṫe i n-árṫaíḃ agus gur ċaiṫeadar amaċ na droċ-iasga. 49Sin mar a ḃeiḋ i ndeire an tsaoġail. Imṫéoċaid na h-aingil amaċ, agus deiġilfid siad na droċ-ḋaoine a’ lár na ḃfíoraon. 50Agus cuirfid siad sa lasair ṫeine iad. Beiḋ gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.
51Ar ṫuigeaḃair na neiṫe sin go léir? Do ṫuigeamair, ar siad. 52Duḃairt sé leó: D’á ḃríġ sin, gaċ sgríḃneóir atá múinte i dtaoḃ ríġeaċta na ḃflaṫas, is cosṁail é le fear tiġe a ṫugann amaċ as a stór neiṫe nua agus sean-neiṫe.
53Agus do ṫarla, nuair a ḃí na solúidí sin críoċnuiġṫe ag Íosa, gur ḟág sé an áit sin. 54Agus ṫáinig sé isteaċ ’n-a dúṫaiġ féin, agus ḃí sé ag múineaḋ na ndaoine ins na sinagógaiḃ, i dtreó go mbíoḋ iongnaḋ orṫa, agus go ndeiridís: Cá ḃfuair sé seo an eagna so, agus na cóṁaċta? 55Náċ é seo mac an ċeardaiḋe? Náċ ar a ṁáṫair a tugtar Muire, agus #13:55 Ver. 55. ar a ḃráiṫriḃ .i. clann an Máire a ḃí pósta ag Cleoṗas. Deirḃṡiúr do’n Ṁaiġdin Ṁuire ab eaḋ an Máire sin (Mait. 27:56; Eóin 19:25) agus d’á ḃriġ sin, do réir nóis cainte na Sgríḃinne diaḋa, do tugtí bráiṫre, .i., gaolta, d’ár Slánuiġṫeóir orṫa.ar a ḃráiṫriḃ Séamus agus Ióseṗ agus Símón agus Iúdás? 56Agus ná fuil a ṡiúraċa go léir i n-ár measg? Agus cá ḃfuair sé sin na neiṫe seo go léir? 57Agus do ġlacadar sgannal d’á ḋruim. Duḃairt Íosa leó, áṁṫaċ: Ní’l fáiḋ gan onóir aċ ’n-a ḋúṫaiġ féin agus ’n-a ṫeaġlaċ féin. 58Agus níor ḋein sé puínn mírḃuiltí sa n-áit sin, mar ġeall ar ḋíṫċreideaṁ na ndaoine sin.

Currently Selected:

Maitiú 13: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in