YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 12

12
CAIBIDIOL XII.
Daille na ḃFairisíneaċ dá cáineaḋ ag Críost, ⁊ iad á mbréagnú aige nuair a deirid siad gur le cóṁaċt Ṡátain a ḋeineann sé na mírḃuiltí.
1Sa n-am san do ġluais Íosa tré ġortaiḃ arḃair, lá na sabbóide; agus ḃí ocras ar a ḋeisgiobuil, agus ċromadar ar na diasaiḃ do staṫaḋ agus d’iṫe. 2Agus ċonaic na Fairisíniġ iad, agus duḃradar: Féaċ, táid do ḋeisgiobuil ag déanaṁ ruda naċ dleaġṫaċ a ḋéanaṁ lá na sabbóide. 3Aċ duḃairt seisean leó: An aṁlaiḋ nár léiġeaḃair #1 Ríġ. 21:6.cad a ḋein Dáiḃid nuair a ḃí ocras air féin agus ar an muintir a ḃí i n-aonḟeaċt leis? 4Conus mar a ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé agus d’iṫ sé na bulóga a ḃí curṫa i láṫair Dé, níḋ nár, ċeaduiġṫe ḋó a ḋ’iṫe, ná do’n ṁuintir a ḃí le n-a ċois, ná d’aoinne #Leḃit. 24:9.aċ dos na sagairt aṁáin?#12:4 Ver. 4. .i. an dá ḃulóig ḋéag a curtí ar aġaiḋ an tsanctuáriuim i dteampul Dé. 5Nó an aṁlaiḋ nár léiġeaḃair sa dlíġ conus mar, a ḋeinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do ḃriseaḋ agus ná ḋeinid siad peacaḋ? 6Aċ deirim-se liḃ go ḃfuil anso aon is mó ’ná an teampall. 7Aċ dá dtuigeaḋ siḃ cad é an níḋ, #Ósee 6:6.Trócaire is áil liom, agus ní h-íḋbirt, ní ḋaorfaḋ siḃ ċoíḋċe na neaṁċiontaċa. 8Óir isé Tíġearna na sabbóide féin Mac an Duine.
9Ansan d’ḟág sé an áit sin, agus ṫáinig sé isteaċ i n-a sinagóig ċúċa. 10Agus féaċ, ḃí duine ann agus a láṁ gan tapaḋ. Agus d’ḟiafraiġeadar de, An dleaġṫaċ leiġeas a ḋéanaṁ sa tsabbóid? ionus go ḃféadfaidís rud a ċur ’n-a leiṫ. 11Agus duḃairt seisean leo: Cé h-é an duine agaiḃ-se, dá mbeaḋ aon ċaora aṁáin aige, agus go dtuitfeaḋ sí i bpoll lá sabbóide, na béarfaḋ uirṫi agus í ṫarang amaċ? 12Naċ mó le ráḋ go mór duine ’ná caora? D’á ḃríġ sin is dleaġṫaċ tairḃe déanaṁ sa tsabbóid. 13Ansan duḃairt sé leis an nduine: Sin amaċ do láṁ. Agus do ṡín; agus ḃí sí ċóṁ slán leis an láiṁ eile.
14D’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, áṁṫaċ, agus ċuadar i gcóṁairle ’n-a ċoinniḃ ċun a ṁairḃṫe. 15Aċ ḃí a ḟios san ag Íosa, agus d’imṫiġ sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leiġis sé iad go léir. 16Agus d’órduiġ sé dóiḃ gan é ċur i n-iúil. 17Ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ aduḃraḋ tré Isáias fáiḋ mar a ndeir sé: 18#Isáias 42:1.Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ, an t-é a ṫoġas, an t-é is ionṁuin liom, an t-é ar a ḃfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróċaiḋ sé breiṫeaṁantas dos na geintiḃ. 19Ní ḋéanfaiḋ sé aiġneas, agus ní ḋéanfaiḋ sé collóid; agus ní cloisfar a guṫ ins na sráidiḃ. 20Ní ḃrisfiḋ sé an cuaile leóinte, agus ní ṁúċfaiḋ sé an líon go ḃfuil an deataċ as, go dtí go gcuirfiḋ sé amaċ breiṫeaṁantas ċun buaiḋte. 21Agus is as a ainim a ḃeiḋ a mainiġin ag na geintiḃ.
22Ansan do tugaḋ ċuige duine go raiḃ deaṁan ann, agus ḃí sé dall agus balḃ; agus do leiġis sé é, i dtreó go raiḃ raḋarc agus urlaḃra aige. 23Agus ṫáinig uaṫḃás ar na sluaiġtiḃ go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáiḃid? 24D’airiġ na Fairisíniġ an ċaint sin, agus duḃradar: Ní ċuireann sé seo na deaṁain amaċ aċ le cóṁaċt Ḃeelsebub, rí na ndeaṁan. 25Aċ do ċonaic Íosa a smuínte, agus duḃairt sé leó: Gaċ riġeaċt a ḃeiḋ deiġilte ’n-a ċoinniḃ féin déanfaiḋ fásaċ dé; agus gaċ caṫair, nó gaċ teiġleaċ, a ḃeiḋ deigilte i gcoinniḃ a ċéile, ní ṡeasóċaiḋ sé; 26Agus má ’sé Sátan a ċuireann amaċ Sátan, siné deigilte ’n-a ċoinniḃ féin é; agus d’á ḃríġ sin conus a ṡeasócaiḋ a ríġeaċt? 27Agus má’s le cóṁaċt Ḃeelsebub a ċuirim-se amaċ na deaṁain, cad leis go gcuirid #12:27 .i. na deisgiobuil.ḃúr gclann féin amaċ iad? Fágaim, d’á ḃríġ sin, fé ḃreiṫ ḃur gclainne féin siḃ. 28Aċ má’s le Spioraid Dé a ċuirim-se na deaṁain amaċ, siné ríġeaċt Dé tagaiṫe i nḃúr measg. 29Nó conus is féidir do ḋuine dul isteaċ i dtiġ an ḟir láidir agus a ṡeóide ḋ’ḟuadaċ, mura ndeiniḋ sé an fear láidir do ċeangal ar dtúis? Ansan sgartálfaiḋ sé a ṫiġ. 30An t-é ná fuil liom, tá sé am’ aġaiḋ; agus an t-é ná cnuasaiġeann a’ ṫeannta, sgaipeann sé.
31Deirim liḃ, d’á ḃríġ sin: Maiṫfar do ḋaoine gaċ peacaḋ agus gaċ diaṁasla, aċ diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid ní maiṫfar do ḋaoine é.#12:31 Ver. 31. diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid .i. an diaṁasla a ḃí ag na Fairisíniġ ’á ḋéanaṁ nuair a duḃradar gur le cóṁaċt Ḃeelsebub a deintí na mírḃuiltí a ḃí ag Críost á ḋéanaṁ le cóṁaċt an Spioraid Naoíṁ. Ḃí an peaca san ċóṁ ceanndána san agus ċóṁ toilteanaċ san i gcoinniḃ fírinne soiléire Spioraide Dé, go mba ró-ḋeacair do’n t-é a ḋéanfaḋ é iompáil ṫar n-ais ar Ḋia agus aiṫríġe déanaṁ. Agus ní féidir peaca ṁaiṫeaṁ mura ndeintear aiṫríġe ann. Is fíor, áṁṫaċ, gur féidir do Ḋia an uile ṡaġas peacṫa do ṁaiṫeaṁ aċ go ndéanfar aiṫriġe go fírinneaċ ann agus go gcurfar fé eoċraċa na h-Eagailse é. 32Agus an t-é a ḋéarfaiḋ focal i n-aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfar dó é; aċ an t-é a ḋéarfaiḋ i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ é, ní maiṫfar dó é, ar an saoġal so ná ar an saoġal atá le teaċt.#12:32 Ver. 32. ná ar an saoġal atá le teaċt. — Deir Auguistín naoṁṫa agus Gregóir naoṁṫa gur léir ó’n ḃfocal san go ḃfuil maiṫeaṁnaċas peacaí ar an saoġal eile, agus d’á ḃriġ sin go ḃfuil porgadóireaċt ann.
33Deiniḋ an crann a ḃeiṫ go maiṫ agus a ṫoraḋ fóġanta air; nó deiniḋ an crann go h-olc agus an toraḋ go h-olc air; óir is as a ṫoraḋ do h-aiṫniġtear an crann. 34A ṡlioċt na naiṫreaċ niṁe, conus is féidir daoíḃ-se neiṫe fóġanta do laḃairt agus siḃ go h-olc? óir is á líonṁaireaċt an ċroiḋe do laḃrann an béal. 35Tugann an fear fóġanta neiṫe fóġanta uaiḋ, amaċ a’ stór fóġanta; agus tugann an droċ-ḋuine droċ-neiṫe uaiḋ amaċ a’ droċ-stór. 36Agus deirim liḃ, an uile ḟocal díoṁaoin d’á laḃraid daoine, go dtaḃarfaid siad cúntas ann lá an ḃreiṫeaṁantais.#12:36 Ver. 36. ḟocal díoṁaoin — Taisbeánann san go ḃfuil inead ċun pionóis aimsire ar an saoġal eile mar a ndeintear corṫa suaraċa do ḋíoġailt. 37Óir is de ḃárr do ḃréiṫre féin a saorfar ṫu, agus is de ḃárr do ḃréiṫre féin a daorfar ṫu.
38Ansan d’ḟreagair cuid des na Sgríḃneóiríḃ agus des na Fairisíniġ agus duḃradar: A Ṁáiġistir, is mian linn cóṁarṫa ḋ’ḟeisgint uait.#12:38 Ver. 38. cóṁarṫa .i., mírḃuilt ó neaṁ, N. Lúc. 11:16. 39Agus d’ḟreagair sé iad: #Lúc. 11:29; 1 Cor. 1:22.Tá droċ-ṡlioċt aḋaltranaċ ag lorg cóṁarṫa; agus ní taḃarfar de ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ #Ión. 2:1.cóṁarṫa Iónais an fáiḋ. 40Óir, fé mar a ḃí Iónas trí lá agus trí oiḋċe i mbolg an ṁíolṁóir, beiḋ Mac an Duine trí lá agus trí oiḋċe i gcroiḋe na talṁan.#12:40 Ver. 40. trí lá ⁊rl., .i., Ní trí laeṫanta iomlána a ḃeirtear, aċ cuid de trí lá, do réir ċóṁairiṁ na nIúdaċ, .i., ó ṫráṫnóna go tráṫnóna. 41#Ión. 3:5.Eireóċaid muintir Nineḃe i mbreiṫeaṁantas i n-aġaiḋ an tsleaċta so, agus daorfaid siad iad; óir do ḋeineadar-san aiṫriġe nuair a ṫeagaisg Iónas iad. Agus féaċ duine is mó ’ná Iónas anso. 42Eireóċaiḋ banríġin na tíre ṫeas i mbreiṫeaṁantas i n-aġaiḋ an tsleaċta so, agus daorfaiḋ sí iad; #3 Ríġ. 10:1; 2 Par. 9:1.óir do ṫáinig sí ó imeall an tsaoġail ċun éisteaċt le h-eagna Ṡalomóin. Agus féaċ duine is mó ’ná Salomón anso.
43Agus nuair a ṫéiġeann an spioraid neaṁġlan amaċ as an nduine, siúḃlann sé tré áiteana feóċta ag lorg suaiṁnis, agus ní ḟaġann sé é. 44Agus deir sé, Raġad tar n-ais ċun mo ṫiġe féin as a dtánag amaċ. Agus tagann sé agus ġeiḃeann sé an tiġ folaṁ agus é sguabṫa, glan, órnáideaċ. 45Ansan imṫiġeann sé, agus tugann sé leis seaċt spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téiġid siad isteaċ, agus cóṁnuiġid siad sa tiġ sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a ḃí ar dtúis air. Sin mar a ḃeiḋ an sgéal ag an slioċt so atá ċóṁ fíor-olc.
46An ḟaiḋ a ḃí sé ag caint leis an bpobul, ṫáinig a ṁáṫair agus a #12:46 .i. gaolta leisḃráiṫre amuiġ agus iad a d’iarraiḋ laḃairt leis. 47Agus duḃairt duine leis, Féaċ, tá do ṁáṫair agus do ḃráiṫre amuiġ, agus iad a d’iarraiḋ laḃarṫa leat. 48Aċ d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Cia h-í mo ṁáṫair, agus cé h-iad mo ḃráiṫre?#12:48 Ver. 48. Cia h-í mo ṁáṫair, ní le h-aon neaṁṡuím sa ṁáṫair a duḃraḋ an ċaint sin aċ ċun a ṫaisbeáint náċ ceart dúinn ċoíḋċe leogaint do ġráḋ aṫar ’ná máṫar sinn a ṫarrac ó ġnó Dé: agus isé níḋ is mó a ṫaiṫn leis an dTiġearna ’n-a ṁáṫair féin, ná go ndeineaḋ sí toil a Aṫar Ṡíoruiḋe ins na flaṫais. Is féidir, leis, gur ċuir an ċaint i n-iúil séanaḋ a ġaolta féin, .i. na n-Iúdaċ, agus glacaḋ na ngeinte. 49Agus do ṡín sé a láṁ ċun a ḋeisgiobul agus duḃairt sé: Féaċ, siniad mo ṁáṫair-se agus mo ḃráiṫre. 50Óir pé duine a ḋéanfaiḋ toil m’Aṫar-sa atá ins na flaṫais, siné is bráṫair agus siúr agus máṫair agam-sa.

Currently Selected:

Maitiú 12: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in