Gníoṁarṫa 25
25
CAIBIDIOL XXV.
Caesar ḋá ġairm ag Pól. Is áil le h-Agrippa, an Rí, eirteaċt leis.
1Trí lá tar éis teaċt d’ Ḟéstus sa ċeanntar ċuaiḋ sé suas ó Ċaesaréa go Ierúsalem. 2Agus ṫáinig uaċtaráin na sagart agus uaisle na nIúdaċ ag triall air i gcoinniḃ Ṗóil agus ḃíodar a d’iarraiḋ aċainíġe air, 3A d’iarraiḋ go mbead sé fáḃraṁail dóiḃ ’n-a ċoinniḃ, go n-órdóċaḋ sé é ṫaḃairt go Ierúsalem, agus ḃí ceilg déanta acu ċun go marḃóċaidís é ar an slige. 4Aċ duḃairt Féstus go gciméadfí Pól i gCaesaréa agus go mbeaḋ sé féin ag dul ann go luaṫ. 5Agus, ar seisean, na daoine ar ḃúr measg-sa atá ábalta air, téidís síos i n-aonḟeaċt liom agus má tá coir déanta ag an nduine cuiridís ’n-a leiṫ í.
6Níor ḟan sé ’n-a measg aċ oċt lá nú deiċ lá ’n-a ḋiaiḋ san, agus ċuaiḋ sé síos go Caesaréa agus an lá n-a ḋiaiḋ san do ṡuiḋ sé sa tribúnal agus d’órduiġ sé Pól a ṫaḃairt ’n-a láṫair. 7Do ṫugaḋ, agus do ṡeasaiṁ ’n-a ṫimpal na daoine ṫáinig anuas o Ierúsalem, agus ċuireadar a lán neiṫe troma’n-a leiṫ, aċ níor ḟéadadar iad a ḋeiṁniú, 8Mar ḋein Pól iad do ḟreagairt: Ní’l coir déanta agam i n-aġaid dliġe na nIúdaċ, ná i n-aġaiḋ an teampuill, ná i n-aġaiḋ Ċaesair. 9Ba ṁian le Féstus, áṁ, comaoine ċur ar na Iúdaíġ agus duḃairt sé, ag freagairt Ṗóil: an maiṫ leat dul suas go Ierúsalem agus go dtaḃarfí breiṫ ort ansan am láṫair-se, i dtaoḃ na neiṫ seo? Annsan duḃairt Pól: Táim am ṡeasam ag tribiúnal Ċaesair. 10Is ann is ceart breiṫ do ḃreiṫ orm. Ni’l coir déanta i n-aġaiḋ na nIúdaċ agam, mar is eól duit-se go dianṁaiṫ. 11Má tá coir déanta agam, ná aon níḋ do ṫuillfeaḋ ḃás, ní’l aon ċur i gcoinniḃ an ḃáis agam; aċ mura ḃfuil aon níḋ aṁlaiḋ, de sna neiṫiḃ seo atá acu á ċur am leiṫ. ní’l ar ċumas aon duine me ṫaḃairt suas dóiḃ. Gairmim Caesar. 12Ansan do laḃair Féstus leis an gcóṁairle, agus d’ḟreagair sé: Do ġairmis Caesar; go Caesar a raġair.
13Agus nuair a ḃí rainnt laeṫanta curṫa ḋíoḃ acu ċuaiḋ Agrippa, an rí, agus Bernícé, síos go Caesaréa, ag fáiltiú roiṁ Ḟéstus. 14Ḋeineadar riġneas ann ar feaḋ mórán laeṫanta agus d’innis Féstus do’n rí i dtaoḃ Ṗóil: Fear, ar seisean, a ḋ’ḟág Féilics anso ’n-a ṗriosúnaċ, 15Agus nuair a ḃíos i nIerúsalem ṫáinig uaċtaráin agus seanóirí na nIúdaċ ċúġam ġá iarraiḋ orm é ḋaoraḋ ċun báis. 16Duḃart leó náċ é béas na Róṁánaċ aon duine ḋaoraḋ ċun báis gan luċt a ċionntuiġṫe ṫaḃairt os a ċóṁair agus caoi ṫaḃart dó ar é féin do ċosaint agus ar é féin do ġlanaḋ ar na coirṫe. 17Aċ do ṫánadar anso láiṫreaċ, agus amáireaċ a ḃí ċúġainn do ṡuídeas sa tribiúnal agus d’órduiġeas an fear a ṫaḃairt am láṫair. 18Ansan d’eiriġ na cionntuiġṫeóirí aċ níor ċuireadar aon rud ’n-a leiṫ n-ar ḟéadas aon droċ-níḋ ḋ’feisgint ann. 19Aċ ḃí ceisteana éigin acu ’n-a ċoinniḃ a ḃain le pé deismireaċt creidiṁ atá acu féin, agus i dtaoḃ Íosa éigin a fuair bás agus go raiḃ Pól ’ġá ráḋ é ḃeiṫ ḃeó. 20Níor ṁaiṫ liom féin aon ḃaint a ḃeiṫ agam le níḋ de’n tsórd san agus d’ḟiafraiġeas de ar ṁaiṫ leis dul go Ierúsalem ċun go dtaḃarfí breiṫ air ins na neiṫiḃ sin. 21Aċ do ḋein Pól gairm, go gcimeádfí é ċun go n-aireó-ċaḋ Augustus a ċúis, agus d’orduíġeas é ċimeáḋ go gcuirfead ag triall ar Ċaesar é.
22Ansan duḃairt Agrippa le Féstus: Ba ṁaiṫ liom féin, leis, an fear san do ċloisint. Cloisfir amáireaċ é, ar seisean.
23Amáireaċ a ḃí ċúġainn ṫáinig Agrippa agus Bernicé agus leaṫaḋ mór fuṫa, agus ċuadar isteaċ sa halla éisteaċta, iad féin agus na tribiúin agus maiṫe móra na caṫaraċ, agus d’órduiġ Féstus Pól a ṫaḃairt ’n-a laṫair. 24Ansan duḃairt Festus: Á rí Agrippa agus a ḟeara uile atá againn anso, ċíonn siḃ an duine sin. Nuair a ḃíos i nIerúsalem ṫainig an pobul Iúdaċ go léir ċúġam ’ġá iarraid orm agus ’ġá ráḋ i nguṫanaiḃ árda nár ċeart é ḃeiṫ beó a ṫuille. 25Aċ níor ḟéadar féin a d’ḟeisgint go raiḃ aon rud déanta aige do ṫuillfeaḋ bás. Aċ do ġairm sé féin Augustus agus tá socair agam ar é do ċur ċuige. 26Ní’l aon níd cruinn agam, áṁ, le sgrí ’n-a ṫaoḃ ag triall ar mo ṫiġearna. Uime sin do ṫugas anso ċúġaiḃ-se é, agus ċúgat-sa go mór mór, a rí Agrippa, go gceisteóċaḋ siḃ é agus go mbeaḋ rud agam a sgrífinn. 27Óir measaim gur obair ṁíréasúnta cime ċur uaim agus gan a ḋ’innsint cad ’tá ’n-a ċoinniḃ.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 25: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.