Gníoṁarṫa 24
24
CAIBIDIOL XXIV.
Pól ’ġá ċosaint féin i láṫair Féilics, an Goḃernóir. An creideaṁ dá ṁúineaḋ aige ḋó.
1Ansan, i gcionn ċúig lá, ṫáinig uaċtarán na sagart, Ananías, anuas agur cuid de sna seanóiríḃ, agur cainnteóir dár ḃ’ainim Tertullus, agus ċuadar i láṫair an ġoḃernóra i gcoinniḃ Ṗóil. 2,3Do glaoḋaḋ Pól agur ċrom Tertullus ar é ḋaoraḋ: Adṁuiġmíd i gcóṁnuíġe agus ins gaċ ball, Agus le buiḋċas mór, a Ḟéilics oirḋeirc, méid na síoṫċána atá againn de d’ḃarr-sa agus liaċt na neiṫ atá d’á seólaḋ ar leas tréd’ ṁórċiall. 4Aċ, ionus ná cuirfinn a ṫuille ríġnis ort, iarraim ort éisteaċt, de d’ceannsaċt, le beagán focal uainn. 5Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanaṁ toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an doṁain agus ’n-a ċeann ar an aicme annrianta san, na Nasarénaċ. 6Do ṁeas sé an teampall do ṡárú agus do rugamair air agus ċeapamair breiṫ a ṫaḃairt air do réir án ndliġe. 7Aċ ṫáinig Lusias, an tribiún, agus neart slóġ aige agus ḃain sé as ár láṁaiḃ é. 8Agus d’órduiġ sé an ṁuinntir a ḃí ag cur ’n-a leiṫ do ṫeaċt ad’ láṫair-se, agus féadfair féin a ḋ’ḟáġail uaiḋ, ad ḃreiṫeaṁ, eólus ar na neiṫiḃ seo go léir atá againne á ċur n-a leiṫ. 9Ansan d’aontuiġ na Iúdaíġ mar an gcéadna agus duḃradar go raiḃ san aṁlaiḋ.
10Ansan d’ḟreagair Pól, (óir do ḃagair an Goḃernóir ċuige laḃairt):
Ó ’s eól dom go ḃfuilir-se ad ḃreiṫeaṁ ar an náisiún so le fada ’ḃliantaiḃ is móide sin is fonn liom sásaṁ a ṫaḃairt am ṫaoḃ féin. 11Is féidir duit a ḋ’ḟáġail amaċ ná fuil aċ ḋá lá ḋéag ó ċuas go Ierúsalem ċun aḋarṫa ḋéanaṁ, 12Agus ní ḃfuaradar me ag aiġneas le h-aoinne sa teampull, ’ná ag cruinniú na ndaoine, ins na sinagógaiḃ, Ná ar fuid na caṫaraċ; 13agus ni’l ar a gcumas a ṫaisbeáint duit-se gur fíor na neiṫe atá acu ’a ċur am leiṫ. 14Adṁuíġim an méid seo ḋuit, áṁṫaċ, i dtaoḃ ná slíġe seo ar a dtugaid siad eiriceaċt, sin mar a ḋeinimse seirbís do’n Aṫair agus do m’Ḋia, óir creidim gaċ uile níd atá sgríoḃṫa sa dliġe agus in sna fáiḋiḃ, 15Go ḃfuil mo ṁainiġin agam as Dia, fé mar atá acu so féin, go dtiocfaiḋ aiseiriġe na ndeaġ-daoine agus na ndroċ-ḋaoine. 16Táim féin ag déanaṁ mo ḋíċill air seo, mo ċoínsias a ċimeád glan i gcóṁnuiġe ċun Dé agus ċun daoine. 17Do ṫánag tar éis mórán blian ċun déarca ḋéanaṁ ar mo ḋaoine féin agus ċun ofrá-laċ a ḋéanaṁ agus ċun móid a ċóṁlíonaḋ. 18#Supra 21:26.Sa n-obair sin iseaḋ do fuaradar me am ġlanaḋ sa teampull, agus ní le sluaġ ná le collóid, 19Aċ rainnt Iúdaċ#24:19 .i. do laḃair am ċoinniḃ. ó Ásia, — agus ḃí sé ceart iad san a ṫaḃairt anso ad láṫair agus leogaint dóiḃ neiṫe ċur am leiṫ má ḃí aon rud am ċoinniḃ acu. 20Nú abraidís seo féin é, má fuaradar aon ċionntaċt ionam nuair a ḃíos am ṡeasaṁ i láṫair na cóṁairle, 21Aċ an t-aon ḟocal aṁáin úd a laḃras amaċ agus me am ṡeasaṁ eatarṫa: #Supra 23:6.Is i dtaoḃ aiseiriġe na marḃ atá breiṫ agaiḃse ’á ṫaḃairt ormsa indiu.
22Ansan do ċuir Féilics ar cáirde iad, óir do ṫuig sé go cnuinn i dtaoḃ na sliġe sin agus duḃairt sé: Nuair a ṫiocfaiḋ Lusias, an tribiún, anuas éistfead liḃ. 23Agus d’órduiġ sé do’n taoiseaċ céad eisean do ċimeád agus suaiṁneas a ṫaḃairt dó agus gan aoinne d’á muinntir a ċosg ar ḟriṫálaṁ a déanaṁ air.
24Ansan, tar éis suim laeṫanta, ṫáinig Féilics agus a ḃean, Drúsilla, — Iúdaċ aḃ eaḋ í, — agus ġlaoiḋ sé ċuige Pól agus d’éist sé le tuairisg uaiḋ ar an gcreideaṁ atá i n-Íosa Críost. 25Agus ḃí sé ag léiriú ḋó ar ċeart agus ar ġeanmnaiḋeaċt, agus ar an mḃreiṫeaṁantas atá le teaċt, agus ṫáinig criṫeagla ar Ḟéilics agus duḃairt sé: Imṫiġ anois, aċ nuair a ḃeid caoi agam cuirfead fios ort. 26Sa n-am gcéadna ḃí sé ag braṫ air ġo dtaḃarfaḋ Pól rainnt airgid dó, agus uime sin ċuir sé fios go minic air agus ḋein sé cainnt leis.
27Aċ d’imṫig ḋá ḃlain, agus ṫáinig Portius Féstus i n-inead Ḟéilics. Agus mar ṡásaṁ ar na Iúdaíġ d’ḟág Féilics Pól sa ṗríosún.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 24: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.