Gníoṁarṫa 26
26
CAIBIDIOL XXVI.
Cúntas ag Pól ḋá ṫaḃairt d’ Agrippa ar a ḃeaṫa, ar conus a h-iompuigeaḋ ċun an ċreidiṁ é, agus ar an obair a ḃí le déanaṁ aige.
1Ansan duḃairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar do ṡon féin agat. Do ṡín Pól a láṁ agus ċrom sé ar a sgéal a ḋ’innsint.
2Is maiṫ an ḃail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur ad laṫair-se atá orm me féin a ċosaint indiu ar na neiṫiḃ seo go léir atá ag na Iúdaíġ ’á ċur am leiṫ, 3Go mór mór, toisg eolus a ḃeiṫ agat ar na nósaiḃ agus ar na ceisteanaiḃ atá ameasg na n-Iúdaċ. Uime sin iarraim ort éisteaċt go foiḋneaċ liom.
4Tá aiṫne ag na Iúdaíġ go léir ar an saġas ḃeaṫa ċaiṫeas ó m’óige, óir is ameasg mo náisiúin féin i nIerúsalem a ċaiṫeas í. 5Tá ḟios acu, (dá mba maiṫ leó é ḋ’innsint i ḃfiadnuise), gur ṁaireas, do réir na h-aicme is deiṁniġṫíġe i n-ár gcreideaṁ, am Ḟairisíneaċ. 6Agus tá breiṫ ’á ṫaḃairt orm anois mar ġeall ar an mainiġin atá agam as an ngeallaṁaint a ṫug Dia d’ár n-aiṫreaċaiḃ, 7An ġeallaṁaint sin go ḃfuil an dá ṫreiḃ déag againn, atá ann, ag déanaṁ réir Dé do ló agus d’oiḋċe, ag braṫ ar í ḋ’ḟagáil. Isí an ṁainiġin sin atá ag na Iúdaíġ ’á ċur am leiṫ-se, a rí. 8Cad ’n-a ṫaoḃ náċ féidir, dar liḃse, a ċreideaṁaint go n-aiṫḃeóḋann Dia na mairḃ?
9Ḃí sé buailte isteaċ am aigne-se féin go raiḃ ceangailte orm mórán neiṫe ḋéanaṁ i gcoinniḃ ainime Íosa Nasareit. 10#Supra 8:3.Agus do ḋeineas, i nIerúsalem. Ċuireas mórán daoine naoṁṫa isteaċ i bpríosúnaiḃ. Fuaras úġdarás ó uaċtaránaiḃ ná sagart agus nuair a ḃídís (na naoiṁ) le cur ċun ḃáis is mise ṫugaḋ an t-órdú liom ċuige. 11Agus ins na sinagógaiḃ go léir ḃínn go minic ag cur pionóis orṫa, agus ċuirinn ḟiaċaiḃ orṫa diaṁaslaḋ ḋéanaṁ, agus do méaduiġeaḋ mo ḃuile ’n-a gcoinniḃ i dtreó go mḃínn ’ġá ngéarleanṁaint isteaċ ins na caṫaraċaiḃ iasaċta féin.
12 #
Supra 9:2. Agus ḃíos ag dul go Damascus ar an inntinn sin agus úġdarás agus cead agam ó uaċtaránaiḃ na sagart, 13Agus, a rí, do ċonnac ar an sliġe i lár an lae, ag taiṫneaṁ am ṫímpal agus ṫimpal ar na daoine a ḃí le m’ċois, solas as na flaṫais agus é níos treise ná solus na gréine. 14Agus ṫuiteamair go léir ċun tailiṁ, agus d’airiġeas-sa an ġuṫ ag laḃairt liom sa teangain Eaḃra: A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’am ġéarleanṁaint? Is deacair duit ḃeiṫ ag speaċuíol i n-aġaiḋ an ṗriocaire.
15Agus duḃart-sa: Cia h-é ṫu, a Ṫiġearna? Agus duḃairt an Tíġearna: Mise Íosa atá agat d’á ġéarleanṁaint. 16Aċ eiriġ agus seasaiṁ ar do ċosaiḃ, óir is ċuige ṫaisbeánas me féin duit ċun go ndéanfainn díot seirḃíseaċ agus fínné ar na neiṫiḃ a ċonnaicís agus ar na neiṫiḃ ’na ḃfeicfir me, 17’Gat ṫaḃairt saor ó’n bpobul agus ós na geinte na ḃfuilim ’ad ċur ċúċa anois, 18Ċun a súl a osgailt dóiḃ ionus go n-iompóċaidís ó’n ndoirċeaċt ċun an tsoluis agus ó ċóṁaċt Ṡátain ċun Dé, ionus go ḃfaiġdís maiṫeaṁnaċas peacaí agus inead ameasg naoṁ tríd an gcreideam atá ionamsa.
19Dá ḃríġ sin, a rí Agrippa, níor ṫugas-sa diúlta do’n raḋarc ó neaṁ, 20#Supra 9:20.Aċ do ċraoḃsgaoileas é, do’n ṁuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcríċ Iúdaea ar fad, agus do sna Geintiḃ ionus go ndéanfaidís aiṫríġe agus go n-iompóċaidís ar Ḋia, ag déanaṁ diongaḃála na h-aiṫriġe d’oibreaċaiḃ. 21Mar ġeall air sin iseaḋ #Supra 21:31.do rug na Iúdaíġ orm nuair ḃíos sa teampull agus ṁeasadar me ṁarḃú. 22Aċ do ċaḃruiġ congnaṁ Dé liom agus táim am ṡeasaṁ go dtí an lá indiu, ag déanaṁ fiaḋnuise do ḃeag a’s do ṁór, gan aon rud do rád lasmuiġ de sna neiṫiḃ aduḃairt na fáiḋe a ḃí le teaċt agus Maois, 23Go ndéanfaḋ Críost fulag agus gur ḃ’é an ċéad duine é d’eireóċaḋ ós na mairḃ agus do noċtfad an solus do’n ṗoḃul agus do sna Geintiḃ.
24Le linn na cainnte sin do rád ḋó agus é ġá ċosaint féin duḃairt Féstus do ġuṫ árd: As do ṁeaḃair ataoi, a Ṗóil. Tá iomad léiġinn ’ad ċomáint as do ṁeaḃair. 25Nílim as mo ṁeaḃair, a Ḟéstuis oirḋeirc. Táim ag innsint na fírinne gan ḃaois. 26Tá eolus ar na neiṫiḃ seo ag an rí atá ag éisteaċt le m’ċainnt gan sgáṫ; óir ní ṁeasaim gur féidir aon níd acu ḃeiṫ lasmuiġ d’á eólus. Ní h-i gcúinne a deineaḋ aon níḋ acu. 27An gcreideann tú na fáiḋe, a rí Agrippa? Tá ‘ḟios agam go gcreideann tú. 28Ansan duḃairt Agrippa le Pól: Is ḃeag ná go n-áitíġeann tú orm iompáil am Críostaíde. 29Agus duḃairt Pól: Go dtugaid Dia ḋom, ’n-a ḃeag a’s ’n-a ṁór, ní h-aṁáin tusa aċ gaċ a ḃfuil de ḋaoiniḃ anso ag éisteaċt liom d’iompáil ar an gcuma san agus iad a ḃeiṫ mar me féin, aċ gan na slaḃraí seo ḃeiṫ orṫa.
30Ansan d’eiriġ an rí agus an goḃernóir agus Bernícé agus a raiḃ ’n-a suiḋe ’n-a ḃfoċair. 31Agus d’imṫíġdar i leiṫ taoiḃ agus ḃíodar ag cainnt, agus duḃradar: Ní’l aon rud déanta ag an nduine sin a ṫuillfeaḋ ḃás ná braiġdineas dó. 32Agus duḃairt Agrippa le Féstus: D’ḟéadfí an duine sin do leogaint ċun siúḃail mura mbeaḋ gur ġairm sé Caesar.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 26: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.