YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 20

20
Salm 20.
Exaudiat te Dominus.
1Go dtuga an Tiarna cluas duit i lá an ḃuarṫa: go raiḃ Ainm Dé Iácóib do do ċosaint;
2Go gcuire sé caḃair ċugat as an Sanctóir: agus go neartaí sé leat as Síón;
3Go mba ċuiṁneaċ leis do ṫoirḃirtí uile: agus go nglaca sé le dʼíobairt loiscṫe.
4Go dtuga sé mian do ċroí duit: agus go gcoṁlíona sé a ḃfuil i dʼintinn.
5Cuirfiḋ do ṡlánú lúċáir orainn, agus beimid ag maíoṁ as Ainm ár dTiarna Dia: go gcoṁlíona an Tiarna gaċ aċainí dar ċuir tú air.
6Tá a ḟios agam anois, go gcuidíonn an Tiarna lena ungṫaċ, agus go n‑éistfiḋ sé leis óna neaṁa naofa: le slán‑neart a láiṁe deise.
7Cuireann drong a ndóċas i gcarbaid, agus drong eile a ndóċas in eaċraí: cuiṁneoimidne ar Ainm ár dTiarna Dia.
8Tugtar anuas iad agus titeann siad: aċ ardaítear sinne, agus fanaimid inár seasaṁ.
9Saor, a Ṫiarna, agus éist linn a Rí neiṁe: nuair a ġlaoimid ort.

Currently Selected:

Na Sailm 20: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in