YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 21

21
Salm 21.
Domine, in virtute tua.
1Beiḋ do ċuṁaċt mar áḃar áṫais ag an rí, a Ṫiarna: agus beiḋ do ṡlánú mar ċúis mórlúċáire aige.
2Ṫug tú mian a ċroí dó: agus níor eitiġ tú aċainíoċa a ḃéil.
3Óir beiḋ an tús agat air á ḃeannú ċun a leasa: agus cuirfiḋ tú coróin ġlanóir ar a ċeann.
4Dʼiarr sé fad saoil ort, agus ṫug tú saol fada dó: ṁaireas trí ṡaol na saol.
5Taḃaionn do ṡlánú mórċlú dó: cuireann tú glóir agus mórġradam air.
6Óir taḃarfaiḋ tú sólás síoraí dó: agus cuirfiḋ aoiḃ do ġnúise lúċáir air.
7Agus cad ċuige? De ḃrí go gcuireann an rí a ḋóċas sa Tiarna: agus ní ligfiḋ trócaire an Té is Airde don ṁí‑áḋ éirí dó.
8Aireoiḋ do naiṁde uile meáċain do láiṁe: aimseoiḋ do láṁ ḋeas luċt dʼḟuaṫa.
9Déanfaiḋ tú iad mar ṡorn tintrí in am dʼḟeirge: scriosfaiḋ an Tiarna iad agus fíoċ air leo, agus slogfaiḋ an tine iad.
10Scriosfaiḋ tú a dtoraḋ de ḋroim an talaiṁ: agus a síol as ḃeiṫ i measc Ṡíl Áḋaiṁ.
11Óir bʼolc an rún a ḃí acu duit: agus ċumadar beart nár ḟéadadar a cur i gcríċ.
12Cuirfiḋ tú ruaig orṫu dá ḃrí sin: agus ullṁóiḋ tú sreanganna do ḃoġa ina n‑éadan.
13Ardaíoḋ do ċuṁaċt féin tú, a Ṫiarna: is aṁlaiḋ canfaimid, agus molfaimid do neart.

Currently Selected:

Na Sailm 21: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in