YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 19

19
Salm 19.
Coeli enarrant.
1Foilsíonn na spéarṫa glóir Dé: agus taispeánann an ḟirmimint saoṫar a láṁ.
2Bíonn lá á rá le lá: agus na hoíċeanta gá insint dá ċéile.
3Níl caint ná canúint acu: aċ cluintear a nglórṫa le ċéile.
4Ċuaiġ a ḃfuaim ar fuaid na dtíorṫa: agus a ḃfocail go deireaḋ an doṁain.
5Tá siad feistiṫe aige mar ṗailliún le haġaiḋ na gréine: a imíos mar ḟear nuaṗósta as a ṡeomra, agus a mbíonn lúċáir uirṫi mar lúċáir ḟaṫaiġ ag coiṁlint reaṫa.
6Téann sí amaċ ó uaċtar na spéarṫa, agus riṫeann sí ṫart go dtí íoċtar na spéarṫa: agus ní ċeileann sí a teas ar aon ní.
7Is dli gan smál é dli an Tiarna, a ḃíos ag iompú na hanama: is iontaofa í fianaise an Tiarna, agus bronnann sí eagna ar an duine ionraic.
8Is ceart iad reaċtanna an Tiarna, ag cur áṫais ar an gcroí: is geanmnaí í aiṫne an Tiarna, agus tugann sí solas do na súile.
9Is glan í eagla an Tiarna, agus maireann sí go buan: is fíor iad breiṫiúnais an Tiarna, agus is fíréanta ar fad iad.
10Is mó is fiú a n‑iarraiḋ ná ór, agus ná ór dá ġlaine agus dá ṁéid: is milse iad ná mil, agus ná cíor na meala.
11Múineann siad mar sin eolas do do ṡeirḃíseaċ: agus is mór an luaíoċt aċ iad a ċoinneáil.
12Cé a dʼinseoḋ cé ṁéid uair a ċiontaiġ sé: go nglana tú mo loċta folaiṫe díom.
13Cuṁdaiġ fós do ṡeirḃíseaċ ó ṗeacaí dána, ná lig dóiḃ an bua a ḟáil orm: is aṁlaiḋ a ḃeiḋ mé gan smál, agus neaṁċoirṫeaċ sa ċoir ṁór.
14Briaṫra mo ḃéil, agus smaointe mo ċroí, go mba leo ab ḟiú duit glacaḋ: a Ṫiarna, mo ċuṁaċt agus mʼḟuascailteoir.

Currently Selected:

Na Sailm 19: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in