Lúcás 2
2
1Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin go ndeaċaiḋ reaċt amaċ ó Ċéasar August go ndéanfaiḋe cóṁaireaṁ ar an doṁan uile. 2Ba é seo an ċéad ċóṁaireaṁ do‐rinneaḋ an tráṫ ’n‐a raiḃ Curénius ’n‐a ċeannṗort ar an tSiṫir. 3Agus do ċuadar uile ċum go n‐áirṁfiḋe iad, gaċ aoinneaċ ’n‐a ċaṫair féin. 4Agus do ċuaiḋ Seosaṁ, leis, ó’n nGalilé, ó ċaṫair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go ċaṫair Ḋáiḃi, ar a dtugtar Beiṫil, de ḃriġ gur de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Ḋáiḃi é; 5ċum go n‐áirṁfiḋe é mar aon le Muire, a ḃainċéile do ḃí ag iomċar clainne. 6Agus ṫarla, le linn dóiḃ ḃeiṫ annsin, go dtáinig am a seolta. 7Agus rug sí mac, a céad‐ġein; agus d’ḟill sí i n‐éadaiġiḃ é, agus do ċuir sí ’n‐a luiġe i mainséar é, toisc naċ raiḃ sliġe ḋóiḃ sa tiġ ósta.
8Agus do ḃí aoḋairí sa dúṫaiġ ċéadna ’n‐a gcóṁnaiḋe ar an maċaire, agus iad ag faire a dtréad san oiḋċe. 9Agus do ṡeas aingeal ó’n Tiġearna le n‐a n‐ais, agus do ṡoillsiġ glóir an Tiġearna ’n‐a dtimċeall: agus do ḃí eagla ṁór orṫa. 10Agus aduḃairt an t‐aingeal leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ; óir, féaċ, do‐ḃeirim daoiḃ deaġ‐scéala ar áṫas mór ḃéas i gcóṁair na ndaoine uile: 11óir atá Slánuiġṫeoir beirṫe ḋaoiḃ indiu, is é sin Críost an Rí, i gcaṫair Ḋáiḃi. 12Agus is é seo a ċóṁarṫa ḋaoiḃ; Do‐ġeoḃaiḋ siḃ naoiḋeanán, é fillte i n‐éadaiġiḃ agus ’n‐a luiġe i mainséar. 13Agus ar an láṫair do ḃí i ḃfoċair an aingil buiḋean ṁór de’n tsluaġ neaṁḋa, iad ag molaḋ Dé, agus g‐á ráḋ,
14Glóir do Ḋia ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde,
Agus ar talaṁ síoṫċáin do luċt déiġṁéine.
15Agus ṫarla, nuair d’imṫiġ na h‐aingil uaṫa ar neaṁ, go nduḃairt na h‐aoḋairí le ċéile, Téiġmis ċóṁ fada le Beiṫil go ḃfeicfimíd an niḋ seo ṫarla, mar d’ḟógair an Tiġearna ḋúinn. 16Agus ṫángadar go deifreaċ, agus fuaradar Muire agus Seosaṁ, agus an leanḃ ’n‐a luiġe i mainséar. 17Agus ar n‐a ḟeiesin sin dóiḃ, d’inniseadar a nduḃraḋ ḋóiḃ i dtaoḃ an leinḃ sin. 18Agus gaċ a gcuala é do ḃí iongnaḋ orṫa fá na neiṫiḃ d’innis na h‐aoḋairí ḋóiḃ. 19Aċt do ċoiṁéad Muire na neiṫe sin go h‐iomlán, ag maċtnaṁ orṫa ’n‐a croiḋe istiġ. 20Agus d’ḟill na h‐aoḋairí, agus iad ag glóiriú agus ag molaḋ Dé mar ġeall ar a gcualadar agus a ḃfacadar, de réir inar aduḃraḋ leo.
21Agus nuair do ḃí na h‐oċt laeṫe caiṫte ċum an leanḃ do ṫimċeall‐ġearraḋ, tugaḋ ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm ṫug an t‐aingeal air sarar geineaḋ é i mbroinn.
22Agus nuair do ḃí laeṫe a glanta caiṫte, de réir reaċta Ṁaoise, ṫugadar leo go h‐Iarúsalem é, ċum a ṫoirḃeart do’n Tiġearna; 23(mar atá scríoḃṫa i reaċt an Tiġearna, Gaċ fireann ḟosclas broinn, glaoḋfar naoṁṫa do’n Tiġearna air), 24agus ċum an íoḋbairt do ḋéanaṁ mar órduiġṫear i reaċt an Tiġearna, Cúpla féarán, nó ḋá ċolúr óga. 25Agus féaċ, do ḃí i nIarúsalem fear darḃ ainm Simeon; agus do ḃí an fear so fíréanta, diaḋa, agus é ag súil le sólás Israel: agus do ḃí an Spiorad Naoṁ air. 26Agus tugaḋ foillsiú ḋó ó’n Spiorad Naoṁ naċ ḃfeicfeaḋ sé bás nó go ḃfeicfeaḋ sé Críost an Tiġearna. 27Agus ṫáinig sé tríd an Spiorad isteaċ sa teampall: agus nuair ṫug an t‐aṫair agus an ṁáṫair an leanḃ Íosa isteaċ, ċum go ndéanfaidís ’n‐a ṫaoḃ de réir gnáṫ‐nóis na dliġe, 28do ṫóg seisean ċuige ’n‐a uċt é, agus do ṁol sé Dia, agus aduḃairt,
29Anois, a Ṫiġearna, cuireann tú do ṡeirḃíseaċ uait,
Le síoṫċáin, de réir do ḃriaṫair,
30De ḃriġ go ḃfaca mo ṡúile do ṡlánú,
31D’ullaṁuiġis i ḃfiaḋnaise na gciniḋeaċ uile;
32Solas ċum na Geinte do ṡoillsiú,
Agus ċum glóire do ṗobail Israel.
33Agus do ḃí a aṫair agus a ṁáṫair ag déanaṁ ionganta de na neiṫiḃ aduḃraḋ ’n‐a ṫaoḃ; 34agus do ḃeannuiġ Simeon iad, agus aduḃairt sé le Muire, a ṁáṫair, Féaċ, atá sé seo ceapṫa ċum leagṫa agus ċum aiséiriġṫe móráin i nIsrael, agus ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁarṫa go gcuirfear ’n‐a aġaiḋ; 35agus raċfaiḋ claiḋeaṁ tré lár t’anma féin; ionnas go noċtfar smaointe as mórán croiḋṫe. 36Agus do ḃí Anna, ban‐ḟáiḋ, inġean Ṗanuél, de ṫreiḃ Asér, do ḃí sí an‐aosta; do ċaiṫ sí seaċt mbliaḋna ag a fear tar éis a maiġdeanais, 37agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ. 38Agus ag teaċt di‐se, an uair ċéadna sin, ṫug sí buiḋeaċas do Ḋia, agus do laḃair sí ’n‐a ṫaoḃ le gaċ duine do ḃí ag tnúṫ le fuascailt Iarúsalem. 39Agus nuair do ḃí gaċ niḋ ċóiṁlíonta aca de réir dliġe an Tiġearna, d’ḟilleadar go dtí an Ġalilé, go dtí a mbaile féin Nasair.
40Agus d’ḟás an leanḃ, agus do neartuiġ sé, agus do ḃí sé lán d’eagna: agus do ḃí grás Dé air.
41Agus do ṫéiġeaḋ a aṫair agus a ṁáṫair suas go h‐Iarúsalem gaċ bliaḋain le linn féile na Cásca. 42Agus nuair do ḃí sé ḋá ḃliaḋain déag d’aois, do ċuadar suas mar ba ġnáṫaċ, aimsir na féile; 43agus nuair do ḃí na laeṫe ċaiṫte aca, agus iad ag filleaḋ, d’ḟan an gasúr Íosa i nIarúsalem; agus ní raiḃ a ḟios sin ag a aṫair ná ag a ṁáṫair; 44aċt do ṁeasadar gur ’n‐a gcuideaċtain do ḃí sé, agus do‐rinneadar aistear lae; agus do ḃíodar g‐á lorg i measc a ngaolta agus a luċt aiṫeantais; 45agus nuair naċ ḃfuaradar é d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem, g‐á lorg. 46Agus ṫarla, tar éis trí lá, go ḃfuaradar é sa teampall ’n‐a ṡuiḋe i measc na n‐ollaṁ, ag éisteaċt leo agus ag cur ceisteann orṫa: 47agus ba ṁór an t‐iongnaḋ do ḃí orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis, a ṁeaḃair agus na freagraí ṫug sé. 48Agus nuair do ċonnacadar é do ḃí iongnaḋ orṫa; agus aduḃairt a ṁáṫair leis, A ṁic, cad ċuige ḋuit é seo do ḋéanaṁ orainn? féaċ, do ḃí t’aṫair agus mise ar do lorg agus buaiḋirt an‐ṁór orainn. 49Agus aduḃairt seisean leo, Cad ċuige a raḃaḃar ar mo lorg‐sa? naċ raiḃ a ḟios agaiḃ go gcaiṫfinn gnóṫa m’Aṫar do ḋéanaṁ? 50Agus níor ṫuigeadar an niḋ aduḃairt sé leo. 51Agus do ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinig sé go Nasair; agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ċoiṁéad a ṁáṫair na briaṫra so uile ’n‐a croiḋe.
52Agus d’ḟás Íosa i n‐eagna, agus i n‐aois, agus i ngrás i ḃfiaḋnaise Dé agus daoine.
Currently Selected:
Lúcás 2: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.