Lúcás 1
1
1Ó ṫarla go dtug mórán iarraċt fá ċunntas do ċur le ċéile ar na neiṫiḃ go ḃfuil lán‐eolas againn orṫa, 2de réir mar atá siad taḃarṫa ḋúinn aca‐san dc ċonnaic ó ṫosaċ le n‐a súiliḃ iad, agus do ḃí ’n‐a seirḃíseaċaiḃ do’n ḃriaṫar, 3do ṁeasas féin, tar a éis dom gaċ uile niḋ do ḃreaṫnú go cruinn ó ṫosaċ, go mba ḋual daṁ‐sa iad do scríoḃaḋ i n‐eagar duit‐se, a Ṫéofiluis uasail; 4ċum go mḃeiṫeá lán‐deiṁniġṫe de na neiṫiḃ do múineaḋ ḋuit.
5Le linn loruaiṫ, rí Iúdaea, do ḃí sagart áiriṫe darḃ ainm Saċarias, de roinn Abia: agus do ḃí bean de ṡlioċt Aaróin aige, agus Elisabet ab ainm dí. 6Agus do ḃíodar, beirt, fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, ag siuḃal gan loċt de réir gaċ aiṫne agus reaċta an Tiġearna. 7Agus ní raiḃ aon ċlann aca, óir do ḃí Elisabet aimrid, agus do ḃíodar beirt aosta go mór.
8Agus ṫarla, nuair do ḃí sé ag déanaṁ a ḋualgais sagairt i ḃfiaḋnaise Dé, 9de réir gnáta a ranna, gur ṫuit sé de ċrann air, de réir nóis na sagart, dul isteaċ i sanctóir an Tiġearna agus an túis do ḋóġaḋ ann. 10Agus do ḃí an pobal uile amuiġ ag guiḋe le linn uaire na túise. 11Agus do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna ḋó ’n‐a ṡeasaṁ ar an taoḃ deas d’altóir na túise. 12Agus ar n‐a ḟeicsin do Ṡaċarias; ṫáinig buaiḋreaḋ agus eagla air. 13Aċt aduḃairt an t‐aingeal leis, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṡaċariais: óir do h‐éisteaḋ led’ ġuiḋe, agus béarfaiḋ do ḃean Elisabet mac duit, agus glaoḋfair Eoin mar ainm air. 14Agus béiḋ áṫas agus luṫġáir ort; agus béiḋ gáirdeaċas ar ṁórán de ḃárr a ḃreiṫe. 15Óir béiḋ sé mór i ḃfiaḋnaise an Tiġearna, agus fíon nó deoċ meisneaṁail ní ólfaiḋ sé; agus béiḋ sé lán de’n Spiorad Naoṁ ó ḃroinn a ṁáṫar. 16Agus iompóċaiḋ sé mórán de ċlainn Israel ċum an Tiġearna, a nDia. 17Agus gluaisfiḋ sé roiṁe i gcuṁaċt Éliais, ċum croiḋṫe na n‐aṫar d’iompóḋ ċum na clainne, agus ċum an luċt easuṁal d’iompoḋ ċum eagna na ḃfíréan, agus ċum pobal fíréan d’ullṁú do’n Tiġearna. 18Agus aduḃairt Saċarias leis an aingeal, Cionnas ḃéiḋ a ḟios sin agam? Óir atáim‐se im’ ṡeanduine, agus atá mo ḃean aosta go mór. 19Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé leis, Is mise Gaibrial ḃíos im’ ṡeasaṁ i láṫair Dé; agus do cuireaḋ mé ċum laḃarṫa leat‐sa, agus ċum na deaġ‐scéala so d’innsin duit. 20Agus féaċ, béid tú id’ ṫost, agus ní ḟéadfair laḃairt, go dtí an lá ’n‐a dtiocfaiḋ na neiṫe seo ċum críċe de ċionn nár ċreidis mo ḃriaṫra‐sa cóiṁlíonfar ’n‐a n‐am féin.
21Agus do ḃí an pobal ag fuireaċ le Saċarias, agus do b’iongnaḋ leo é ḃeiṫ ag déanaṁ moille sa teampall. 22Agus nuair ṫáinig sé amaċ, níor ḟéad sé laḃairt leo; agus do ḃí a ḟios aca go ḃfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanaṁ cóṁarṫa ḋóiḃ, agus d’ḟan sé balḃ. 23Agus ṫarla, nuair do ḃí laeṫe a ḋualgais críoċnuiġṫe aige, gur imṫiġ sé ċum a ṫiġe féin.
24Agus tar éis na laeṫe sin, do ġaḃ Elisabet, a ḃean, gein; agus d’ḟan sí fá ċeilt ar feaḋ cúig mí, g‐á ráḋ, 25Mar so do‐rinne an Tiġearna liom ins na laeṫiḃ ’n‐ar ḟéaċ sé orm, ó ṫóg sé ḋíom an aiṫis do ḃí orm i measc na ndaoine.
26Agus sa séṁaḋ mí do cuireaḋ an t‐aingeal Gaibrial ó Ḋia go caṫair sa nGalilé darḃ ainm Nasair, 27ag triall ar ṁaiġdin do ḃí luaiḋte le fear darḃ ainm Seosaṁ, duine de ṡlioċt Dáiḃi; agus Muire ab ainm do’n ṁaiġdin. 28Agus ṫáinig sé ċúiċi isteaċ, agus aduḃairt sé léi, Go mbeannuiġṫear duit‐se atá lán de ġrása, atá an Tiġearna id’ ḟoċair. 29Aċt do ḃí buaiḋreaḋ mór uirṫi de ḃarr na cainnte, agus do ḃí sí ag maċtnaṁ ’n‐a h‐intinn ar cad ba ċiall do’n ḃeannú sin. 30Agus aduḃairt an t‐aingeal léi, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṁuire, óir fuarais grás ó Ḋia. 31Agus féaċ, geoḃair gein id’ ḃroinn, agus béarfair mac, agus glaoḋfair ÍOSA mar ainm air. 32Béiḋ sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde ḋe; agus do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó rí‐ċaṫaoir Ḋáiḃi, a aṫair: 33agus béiḋ sé ’n‐a riġ ar ṫeaġlaċ Iácóib go deoiḋ; agus ní ḃéiḋ deireaḋ le n‐a ríoġaċt. 34Agus aduḃairt Muire leis an aingeal, Cionnas ḃéiḋ sin aṁlaiḋ agus gan aiṫne fir agam? 35Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé léi, Tuirlingeoċaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an Té is Aoirde ṫú: agus, d’á ḃriġ sin, an té béarfar, glaoḋfar naoṁṫa air, Mac Dé. 36Agus féaċ, Elisabet, do ṡiúr, do ġaḃ sise gein ’n‐a sean‐aois, agus is é seo an séṁaḋ mí aici‐se go dtugaḋ bean aimrid uirṫi. 37Óir ní ḃéiḋ éinniḋ do‐ḋéanta do Ḋia. 38Agus aduḃairt Muire, Féaċ, mise banóglaċ an Tiġearna; go ndéantar dom de réir t’ḟocail. Agus d’imṫiġ an t‐aingeal uaiṫi.
39Agus d’éiriġ Muire ins na laeṫiḃ sin, agus do ċuaiḋ sí le deifir fá ḋéin na gcnoc, go caṫair i nIúda; 40agus do ċuaiḋ sí isteaċ i dtiġ Ṡaċariais, agus do ḃeannuiġ sí d’Elisabet. 41Agus ṫarla, nuair do‐ċuala Elisabet beannaċaḋ Ṁuire, gur ḃíoḋg an naoiḋeanán ’n‐a broinn; agus do líonaḋ Elisabet de’n Spiorad Naoṁ; 42agus do ġlaoḋ sí amaċ de ġuṫ árd, Is beannuiġṫe tú idir ṁnáiḃ, agus is beannuiġṫe toraḋ do ḃroinne. 43Agus cionnas d’éiriġ ḋaṁ‐sa go dtiocfaḋ máṫair mo Ṫiġearna ċugam? 44Óir féaċ, ċóṁ luaṫ agus táinig guṫ do ḃeannaċta im’ ċluasaiḃ, do ḃíoḋg an naoiḋeanán le h‐áṫas im’ ḃroinn. 45Agus is aoiḃinn di‐se do ċreid; óir cóiṁlíonfar ar h‐inniseaḋ ḋí ó’n Tiġearna. 46Agus aduḃairt Muire,
Aḋṁolann m’anam an Tiġearna,
47Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeaċas i nDia mo Ṡlánuiġṫeoir.
48Óir d’ḟéaċ sé ar isleaċt a ḃan‐óglaiġe:
Óir féaċ, as so amaċ déarfaiḋ na geinealaiġ uile gurb aoiḃinn dom,
49Óir an té atá cuṁaċtaċ, do‐rinne sé neiṫe móra ḋom;
Agus is naoṁṫa a ainm.
50Agus bíonn a ṫrócaire ó aois go h‐aois.
51Do‐rinne sé móir‐ġníoṁ le neart a láiṁe:
Do scaip sé luċt intinne an uaḃair.
52Do leag sé luċt ceannais ó n‐a rí‐ċaṫaoireaċaiḃ,
Agus d’árduiġ sé luċt na h‐uṁlaiḋeaċta.
53Do líon sé luċt an ocrais d’oll‐ṁaiṫeasaiḃ;
Agus do ċuir sé folaṁ uaiḋ luċt an tsaiḋḃris.
54D’ḟóir sé ar Israel, a ṡeirḃíseaċ,
Ag cuiṁniú dó ar a ṫrócaire
55(Fá mar aduḃairt sé le n‐ár sinnsearaiḃ)
Ar Abraċam agus ar a ṡlioċt go deoiḋ.
56Agus d’ḟan Muire ’n‐a foċair timċeall trí mí, agus d’ḟill sí ċum a tiġe féin.
57Agus ṫáinig am seolta Elisabet; agus rug sí mac. 58Agus do‐ċuala a cóṁarsana agus a gaolta i dtaoḃ na mór‐ṫrócaire do‐rinne an Tiġearna uirṫi; agus do‐rinneadar cóṁ‐ġáirdeaċas léi.
59Agus ṫarla ar an oċtṁaḋ lá, go dtáinig siad ċum timċeall‐ġearraḋ do ḋéanaṁ ar an leanḃ; agus do ḃíodar ar tí Saċarias, ainm a aṫar, do ṫaḃairt air. 60Aċt d’ḟreagair a ṁáṫair, agus aduḃairt sí. Ní h‐eaḋ, aċt Eoin glaoḋfar air. 61Agus aduḃradar léi, Ní ḟuil aon duine ded’ ġaoltaiḃ‐se go ḃfuil an t‐anim sin air. 62Agus d’ḟiafruiġeadar d’á aṫair le cóṁarṫaiḃ cia an t‐ainm ba ṁaiṫ leis do ġlaoḋaċ air. 63Agus d’iarr sé taiḃléad scríoḃnóireaċta, agus do scríoḃ sé, Eoin is ainm dó. 64Agus do ḃí iongnaḋ orṫa go léir. Agus do fosclaḋ a ḃéal agus a ṫeanga ar an láṫair, agus do laḃair sé, ag molaḋ Dé. 65Agus do ġaḃ eagla iad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe ’n‐a dtimċeall: agus do leaṫ tuairisc na neiṫe sin go léir ar fud na sléiḃte i nIúdaea ar fad. 66Agus gaċ uile ḋuine do‐ċuala iad, do ṫaisceadar ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ iad, g‐á ráḋ, Créad atá i ndán do’n leanḃ so? Óir do ḃí láṁ an Tiġearna leis.
67Agus do líonaḋ Saċarias, a aṫair, de’n Spiorad Naoṁ, agus do‐rinne sé fáiḋeadóireaċt, g‐á ráḋ,
68Go moltar an Tiġearna, Dia Israel;
Óir do ċuṁduiġ sé a ṁuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóiḃ,
69Agus do ṫóg sé fuascaltóir mór‐ċumasaċ dúinn I dteaġlaċ Ḋáiḃi, a ṡeirḃíseaċ
70(Fá mar laḃair sé tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an doṁain),
71Le n‐ár saoraḋ ó n‐ár náiṁdiḃ, agus ó láiṁ na ndaoine ṫug fuaṫ ḋúinn;
72Ag déanaṁ trócaire ar ár n‐aiṫreaċaiḃ,
Agus ag cuiṁniú ar a ṫiomna naoṁṫa;
73An mionn ṫug sé d’Abraċam, ár n‐aṫair,
74Go dtiuḃraḋ sé ḋúinn go saorfaiḋe sinn ó láiṁ ár náṁad
Ċum go ndéanfaimís seirḃís gan eagla ḋó
75I naoṁṫaċt agus i ḃfíréantaċt ’n‐a láṫair gaċ lá d’ár saoġal.
76Agus tusa, a leinḃ, glaoḋfar ort fáiḋ an Té is Aoirde;
Óir raċair roiṁ an Tiġearna ag réiḋteaċ na sliġe ḋó:
77Ċum eolas ar ṡlánú do ṫaḃairt d’á ṁuinntir
Tré ṁaiṫeaṁnas a bpeacaḋ,
78Tré ṁór‐ṫrócaire ár nDé,
Tré n‐a dtiocfaiḋ gealaḋ gréine anuas orainn,
79Ag soillsiú orṫa‐san atá ’n‐a suiḋe i ndorċadas agus i scáile an ḃáis;
Ag seolaḋ ár gcos i sliġe na síoṫċána.
80Agus d’ḟás an leanḃ, agus do neartuiġ sé ’n‐a spioraid, agus d’ḟan sé ins an ḃfásaċ go dtí an lá ’n‐a raiḃ air a ḟoillsiú féin d’Israel.
Currently Selected:
Lúcás 1: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.