YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 3

3
1Agus sa gcúigeaḋ bliaḋain déag de réimeas Ṫiberius Céasar, an tráṫ ’n‐a raiḃ Point Píoláid ’n‐a ċeannṗort ar lúdaea, agus Ioruaṫ ’n‐a ṫetrarċa ar an nGaililé, agus Pilib a ḋearḃráṫair ’n‐a ṫetrarċa ar Itúraea agus ar Ṫraċónítis, agus Lusanias ’n‐a ṫetrarċa ar Abiléne, 2nuair do ḃí Annas agus Cáiafas ’n‐a h‐árd‐ṡagartaiḃ, ṫáinig briaṫar Dé ċum Eoin mac Ṡaċariais sa ḃfásaċ. 3Agus ṫáinig sé isteaċ sa gceanntar i dtimċeall Iornán, ag fógairt baistiḋ na h‐aiṫriġe ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ; 4mar atá scríoḃṫa i leaḃar Ésáiais fáiḋ,
Guṫ an té ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ,
Réiḋtiġiḋ sliġe an Tiġearna,
Déanaiḋ a ċosáin díreaċ,
5Líonfar gaċ gleann,
Agus ísleoċar gaċ sliaḃ agus cnoc;
Agus díreoċar an cam,
Agus déanfar na sliġṫe garḃa réiḋ;
6Agus do‐ċífiḋ an uile ḟeoil slánú Dé.
7Aduḃairt sé, d’á ḃriġ sin, leis an sluaġ do ċuaiḋ amaċ ċum go mbaistfeaḋ sé iad, A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cia d’ḟógair ḋaoiḃ‐se teiċeaḋ ó’n díḃfeirg atá le teaċt. 8Taḃraiḋ uaiḃ, d’á ḃriġ sin, torṫaí oireas do ḃúr n‐aiṫriġe, agus ná tosnuiġiḋ ar a ráḋ liḃ féin, Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ, gur féidir le Dia slioċt d’Abraċam do ṫógáil ó na cloċaiḃ sin. 9Agus ċeana féin atá an tuaġ curṫa ar ḟréiṁ na gcrann: gaċ uile ċrann, d’á ḃriġ sin, naċ dtugann toraḋ maiṫ uaiḋ, gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é. 10Agus d’ḟiafruiġ an sluaġ uile ḋe, g‐á ráḋ, Má’s eaḋ, créad atá le déanaṁ againn? 11Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, An té ag a ḃfuil ḋá ċasóig, taḃraḋ sé do’n té naċ ḃfuil casóg aige; agus an té ag a ḃfuil biaḋ, déanaḋ sé mar an gcéadna. 12Agus ṫáinig poibleacáin ċuige, leis, ċum go mbaistfiḋe iad, agus aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, créad atá le déanaṁ againne? 13Agus aduḃairt sé leo, Ná h‐éiliġiḋ níos mó ’ná an méid atá dlisteanaċ. 14Agus do ċuir saiġdiúirí ceist air, leis, g‐á ráḋ, Agus créad atá le déanaṁ againne? Agus aduḃairt sé leo, Ná déanaiḋ foiréigean ar aoinneaċ, agus ná h‐agraiḋ éinniḋ go h‐éagcóraċ; agus biḋiḋ sásta le n‐ḃúr dtuarastal.
15Agus nuair do ḃí na daoine ag feiṫeaṁ, agus iad uile ag maċtnaṁ ’n‐a gcroiḋṫiḃ i dtaoḃ Eoin, arḃ ḟéidir gurḃ é an Críost é; 16d’ḟreagair Eoin, agus aduḃairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce siḃ; aċt atá an té is treise ’ná mé ag teaċt, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a ḃróg: baistfiḋ seisean leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ siḃ: 17atá a ġaoṫaċán ’n‐a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ ’n‐a scioból; aċt dóiġfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ ḋó‐ṁúċta.
18Is iomḋa spreagaḋ eile ṫug sé do na daoiniḃ, ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil dóiḃ; 19aċt Ioruat, an tetrarċa, do ḃí smaċtuiġṫe aige i dtaoḃ Héródias, bean a ḋearḃráṫar, agus i dtaoḃ na ndroċ‐neiṫe uile do‐rinne Ioruaṫ, 20do ċuir sé leo mar ḃárr ar gaċ niḋ, Eoin do ċur fá ġlas bpríosún.
21Agus ṫarla, nuair do ḃí na daoine go léir baistṫe, agus ḃí Íosa baistṫe, agus ḃí sé ag guiḋe, gur fosclaḋ na flaiṫis, 22agus gur ṫuirling an Spiorad Naoṁ i rioċt corporḋa, i gcruṫ cuilm air, agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain; is ionnat‐sa atá mo ṁór‐aoiḃneas.
23Agus do ḃí Íosa féin, ag tosnú ar ḃeiṫ tuairim deiċ mbliaḋna fiċead d’aois, agus do ḃí sé (mar raoileaḋ) ’n‐a ṁac ag Seosaṁ, mic Héli, 24mic Ṁattat, mic Léḃi, mic Ṁelċi, mic Iannai, mic Ṡeosaiṁ, 25mic Ṁattatias, mic Amós, mic Naúm, mic Esli, 26mic Haggai, mic Ṁaát, mic Ṁattatias, mic Ṡemeí, mic Ióseċ, mic Ióda, 27mic Ióanan, mic Résa, mic Ṡorobábel, mic Ṡalatiél, mic Néri, 28mic Ṁelċi, mic Addi, mic Ċósam, mic Elmadam, mic Ér, 29mic Íosa, mic Eliéser, mic Iórim, mic Ṁattat, mic Léḃi, 30mic Ṡimeon, mic Iúda, mic Ṡeosaiṁ, mic Iónam, mic Eliacim, 31mic Ṁelea, mic Ṁenna, mic Ṁattata, mic Natán, mic Ḋáiḃi, 32mic Iesse, mic Óbéd, mic Ḃóos, mic Ṡala, mic Naasón, 33mic Aminadab, mic Admi, mic Arni, mic Esrón, mic Ṗares, mic Iúda, 34mic Iácóib, mic Íosóig, mic Abraċaim, mic Ṫára, mic Naċór, 35mic Ṡerúċ, mic Ragú, mic Ṗálec, mic Eber, mic Ṡalá, 36mic Ċainam, mic Arfacsad, mic Ṡeim, mic Naoi, mic Lameċ, 37mic Ṁatúsala, mic Enóċ, mic Iáret, mic Ṁaleleél, mic Ċainan, 38mic Enós, mic Ṡét, mic Áḋaiṁ, mic Dé.

Currently Selected:

Lúcás 3: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in