Lúcás 17
17
1Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Ní féidir naċ dtiocfaḋ scannail: aċt monuar do’n té sin tré n‐a dtigid! 2Ba ṁaiṫ ḋó dá gcroċtaiḋe bró muilinn ar a ṁuineál, agus dá gcaiṫtiḋe é isteaċ sa ḃfairrge, ’ná go scannlóċaḋ sé duine de’n ṁuinntir ḃig seo. 3Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ ḟéin: má ġní do ḋearḃrátair peacaḋ id’ aġaiḋ, ceartuiġ é; agus má ġní sé aiṫriġe ann, maiṫ ḋó é. 4Agus má ġní sé peacaḋ seaċt h‐uaire sa lá, agus má ḟilleann sé ċugat seaċt h‐uaire, g‐á ráḋ, Atá aiṫreaċas orm; caiṫfiḋ tú a ṁaiṫeaṁ ḋó.
5Agus aduḃairt na h‐abstail leis an Tiġearna, Méaduiġ ár gcreideaṁ. 6Agus aduḃairt an Tiġearna, Dá mbéaḋ oiread gráinne síl mustaird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do ḟréaṁaċaiḃ tú, agus curtar sa ḃfairrge ṫú; agus do‐ġéanaḋ sé de réir mar d’órduiġis. 7Aċt cia agaiḃ‐se go ḃfuil seirḃíseaċ aige ag treaḃaḋ nó ag aoḋaireaċt caoraċ, agus adéarfas leis, nuair ṫiocfas sé isteaċ ó’n bpáirc, Tar anois agus suiḋ síos ċum biḋ; 8agus naċ é adéarfaiḋ sé leis, Ullṁuiġ niḋ le n’ite ḋom, agus cuir crioslaċ ort, agus déan friotáileaṁ orm, go mbéiḋ iṫte agus ólta agam; agus ’n‐a ḋiaiḋ sin íosfair agus ólfair‐se? 9An dtugann sé buiḋeaċas do’n tseirḃíseaċ toisc go ndearna sé ar h‐órduiġeaḋ ḋó? 10Mar sin daoiḃ féin, nuair ḃéas gaċ ar h‐órduiġeaḋ ḋaoiḃ déanta agaiḃ, abraiḋ, Seirḃísiġ neaṁ‐ḟoġanta sinne; do‐rinneamar an níḋ ba ḋual dúinn do ḋéanaṁ.
11Agus ṫarla, sa tsliġe ḋóiḃ ag dul go h‐Iarúsalem, go raiḃ sé ag gaḃáil tré lár Ṡamária agus Ġalilé. 12Agus ag dul isteaċ i mbaile beag áiriṫe ḋó, do casaḋ air deiċneaḃar do ḃí ’n‐a loḃaraiḃ, agus do stadadar i ḃfad uaiḋ: 13agus d’éiġeadar go h‐árd‐ġlóraċ, g‐á ráḋ, A Íosa, a Ṁáiġistir, déan trócaire orainn. 14Agus nuair do ċonnaic sé iad, aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ agus taisbeánaiḋ siḃ féin do na sagartaiḃ. Agus ṫarla, sa tsliġe ḋóiḃ, gur leiġeasaḋ iad. 15Agus do ḃí duine aca, agus nuair ṫug sé fá deara go raiḃ sé leiġeasta, do ċas sé ar ais, agus é ag molaḋ Dé de ġuṫ árd; 16agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ ag a ċosaiḃ, ag gaḃáil a ḃuiḋeaċais leis: agus Samáritánaċ ab eaḋ é. 17Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé, Nár glanaḋ deiċneaḃar? aċt cá ḃfuil an naonḃar? 18An aṁlaiḋ naċ ḃfriṫ ag filleaḋ le buiḋeaċas do ṫaḃairt do Ḋia, aċt an coiṁiġṫeaċ so? 19Agus aduḃairt sé leis, Éiriġ agus imṫiġ leat: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú.
20Agus d’ḟiafruiġ na Fairisíniġ ḋe, Cá h‐uair ṫiocfaiḋ ríoġaċt Dé, d’ḟreagair sé iad agus aduḃairt, Ní h‐i rioċt go mbraiṫfear é ṫiocfas ríoġaċt Dé: 21agus ní abróċar, Féaċ annso í! nó, Féaċ annsúd í! óir, féaċ, is istiġ ionnaiḃ atá ríoġaċt Dé.
22Agus aduḃairt sé leis na deisceablaiḃ, Tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a mbéiḋ siḃ ag tnút le lá aṁáin de laeṫiḃ Ṁic an Duine o’ḟeicsin, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é. 23Agus adéarfaiḋ siad liḃ, Féaċ annsúd í! agus, Féaċ annso í! ná h‐imṫiġiḋ g‐á leanaṁain: 24óir fá mar lasann an teintreaċ ó áird aṁáin de’n spéir go dtí an áird eile, agus í ag splanncaḋ, mar sin is eaḋ ḃéas Mac an Duine ’n‐a lá féin. 25Aċt caiṫfiḋ sé ar dtús mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó’n slioċt so. 26Agus fá mar ṫarla i n‐aimsir Naoi, mar sin is eaḋ ḃéas i n‐aimsir Ṁic an Duine. 27Do ḃíodar ag ite, agus ag ól, agus ag pósaḋ, agus d’á dtaḃairt le pósaḋ, go dtí an lá ’n‐a ndeaċaiḋ Naoi isteaċ san áirc, agus ṫáinig an díle agus do ċreaċ sí iad go léir. 28Ar an gcuma ċéadna mar ṫarla i n‐aimsir Loṫ; do ḃíodar ag iṫe, agus ag ól, agus ag ceannaċ, agus ag díol, agus ag cur síl, agus ag tógáil tiġṫe; 29aċt an lá ’n‐ar imṫiġ Loṫ amaċ as Sodom, do ṫuit cioṫ teineaḋ agus ruiḃe ó neaṁ anuas, gur scrios sé iad go léir. 30Mar sin is eaḋ ḃéas, an lá ’n‐a ḃfoillseoċar Mac an Duine. 31An lá sin, an té ḃéas ar ḃárr an tiġe, agus a ṁaoin sa tiġ, ná téiġeaḋ sé síos ċum a tógála leis: agus an té atá ar an maċaire, ná casaḋ sé ar ais. 32Cuiṁniġiḋ ar ṁnaoi Loṫ. 33Cibé duine iarrfas a anam do ṡáḃáil, caillfiḋ sé é: agus cibé duine ċaillfeas a anam, sáḃálfaiḋ sé é. 34Adeirim liḃ, Béiḋ beirt ḟear i n‐aon leabaiḋ aṁáin, an oiḋċe sin; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile. 35Béiḋ beirt ḃan ag meilt i n‐éinḟeaċt; tógfar bean aca, agus fágfar an ḃean eile. 37Agus ag freagairt dóiḃ, aduḃradar, Cá h‐ionad, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leo, An áit ’n‐a mbíonn an conablaċ, is ann cruinneoċar na h‐iolair, leis.
Currently Selected:
Lúcás 17: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.