YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 16

16
1Agus aduḃairt sé fós le n‐a ḋeisceablaiḃ, Do ḃí duine saiḋḃir ann, agus do ḃí maor aige; agus do‐rinneaḋ gearán leis ’n‐a ṫaoḃ, go raiḃ sé ag cur a ṁaoine amuġa. 2Agus do ġlaoḋ sé ċuige é, agus aduḃairt sé leis, Créad é seo do‐ċluinim id’ ṫaoḃ‐sa? taḃair cunntas do ṁaoirseaċta; óir ní ḟéadfair ḃeiṫ id’ ṁaor agam feasta. 3Agus aduḃairt an maor ’n‐a aigne féin, Créad do‐ġéanad, agus mo ṁáiġistir ag baint na maoirseaċta ḋíom? Ní ḟuil neart agam ċum róṁar do ḋéanaṁ; is nár liom ḃeiṫ ag iarraiḋ déirce. 4Atá a ḟios agam créad do‐ġéanad, ar ṁoḋ, nuair cuirfear mé as an maoirseaċt, go nglacfaid mé ’n‐a dtiġṫiḃ. 5Agus ag glaoḋaċ gaċ duine ċuige go raiḃ fiaċa ag a ṫiġearna orṫa, aduḃairt sé leis an gcéad duine, Cá ṁéid atá ag mo ṫiġearna ort? 6Agus aduḃairt seisean, Céad feircín ola. Agus aduḃairt sé leis, Faiġ do ḃille, agus suiḋ síos go luaṫ, agus scríoḃ caogad feircín. 7Aduḃairt sé annsin le duine eile, Agus cá ṁéid atá ort‐sa? Agus aduḃairt seisean, Céad ceaṫraṁaḋ cruiṫneaċtan. Aduḃairt sé leis, Glac do ḃille, agus scríoḃ ceiṫre fiċid ceaṫraṁaḋ. 8Agus do ṁol an tiġearna an feallaire maoir toisc go ndearna sé é go cliste: óir is glice clann an tsaoġail seo de réir a gcinéil féin ná clann an tsolais. 9Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ. 10An té ḃíos dílis san rud beag, bíonn sé dílis i rud mór: agus an té ḃíos mí‐ḋílis sa rud beag, bíonn sé mí‐ḋílis i mórán, ċóṁ maiṫ. 11D’á ḃriġ sin, muna raḃaḃar dílis i saiḋḃreas na ceilge, cia ċuirfeas fá n‐ḃúr gcúram an saiḋḃreas fírinneaċ? 12Agus muna raḃaḃar dílis i gcuid duine eile, cia ḃéarfas daoiḃ an niḋ is liḃ féin? 13Ní ḟéadann aon tsearḃónta seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile; nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ fóġnaṁ do Ḋia agus do Ṁamón.
14Agus do ḃí na Fairisíniġ, dream do ḃí tugṫa do’n tsainnt, do ḃí siad ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin uile; agus do‐rinneadar magaḋ faoi. 15Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é. 16Do ḃí an reaċt agus na fáiḋe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráṫ sin atá soiscéal ríoġaċta Dé d’á ċraoḃscaoileaḋ, agus atá gaċ aoinneaċ ag teannaḋ isteaċ innti. 17Aċt is fusa do raċaḋ neaṁ agus talaṁ ar ceal, ná go dtuitfeaḋ ponnc dá laiġead de’n reaċt. 18Gaċ aoinneaċ ċuireas uaiḋ a ḃean, agus ṗósas bean eile, do‐ġní sé aḋaltrannas: agus an té ṗósas an ḃean do cuireaḋ ó n‐a fear, do‐ġní seisean aḋaltrannas.
19Agus do ḃí fear saiḋḃir ann, ar a mbíoḋ éadaċ corcra agus línéadaċ mín, agus é ag déanaṁ fleiḋe le sáiṁe gaċ lá: 20agus do ḃí boċtán darḃ ainm Lasár sínte ’n‐a luiġe le h‐ais a ḋorais, é lán de ċneaḋaċaiḃ, 21agus é ag tnúṫ le ’n‐a ṡáiṫ d’ḟáġáil de’n ḃroscar do ṫuiteaḋ ó ḃórd an duine ṡaiḋḃir; agus do ḃíoḋ na madraí féin ag teaċt agus ag liġeaḋ a ċneaḋ. 22Agus ṫarla go ḃfuair an boċtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐uċt Abraċaim: agus fuair an duine saiḋḃir bás, leis, agus do h‐aḋlacaḋ é. 23Agus i Hades dó, agus é beo‐ṗianta, d’árduiġ sé a ṡúile, agus do ċonnaic sé Abraċam i ḃfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a uċt. 24Agus do liúiġ sé agus aduḃairt. A aṫair Abraċam, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiriḋ sé bárr a ṁéire i n‐uisce, ċum mo ṫeanga d’ḟuaraḋ: óir atáim fá ċráḋ sa lasair seo. 25Aċt aduḃairt Abraċam, A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuarais‐se deaġ‐neiṫe le linn do ṡaoġail, fá mar fuair Lasár droċ‐neiṫe: aċt anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin. 26Agus ṫairis sin agus uile, atá duiḃeagán mór suiḋte eadrainn: i dtreo naċ ḃféadann siad‐san gur mian leo é dul ċugaiḃ‐se anonn, ná teaċt as sin anall ċugainne. 27Agus aduḃairt sé, Aṫċuinġim ort, d’á ḃriġ sin, a aṫair, é do ċur go tiġ m’aṫar, óir atá cúigear dearḃráṫar agam; 28go dtiuḃraḋ sé foláireaṁ ḋóiḃ, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine. 29Aċt aduḃairt Abraċam, Atá Maois agus na fáiḋe aca; éistidís leo‐san. 30Agus aduḃairt seisean, Ní ḋéanfaid, a aṫair Abraċam: aċt má ṫéiḋeann duine ó na marḃaiḃ ċuca, do‐ġéanaiḋ siad aiṫriġe. 31Agus aduḃairt sé leis, Muna n‐éistid le Maois agus leis na fáiḋiḃ, ní mó ’ná sin do ċreidfidís, dá n‐éiriġeaḋ duine ó na marḃaiḃ.

Currently Selected:

Lúcás 16: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in