Lúcás 18
18
1Agus do laḃair sé leo as saṁlaoid, g‐á ċur i dtuigsin dóiḃ go mba ċeart dóiḃ ḃeiṫ ag guiḋe i gcóṁnaiḋe, agus gan staonaḋ; 2g‐á ráḋ, Do ḃí breiṫeaṁ i gcaṫair áiriṫe, fear naċ raiḃ eagla Dé sir ná beann ar ḋaoiniḃ aige: 3agus do ḃí baintreaḃaċ sa gcaṫair sin; agus is minic do ṫigeaḋ sí ċuige, g‐á ráḋ, Déan ceart dom ar mo náṁaid. 4Agus ní ḋéanfaḋ seisean é ar feaḋ tamaill: aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin aduḃairt sé leis féin, Giḋ naċ ḃfuil eagla Dé orm, ná beann ar ḋaoiniḃ agam; 5ar a ṡon sin féin, de ċionn go ḃfuil an ḃaintreaḃaċ so ag déanaṁ buaiḋearṫa ḋom, déanfaiḋ mé ceart dí, ar eagla go gcráḋfaiḋ sí mé sa deireaḋ agus í ag sír‐ṫeaċt ċugam. 6Agus aduḃairt an Tiġearna, Éistiḋ le briaṫraiḃ breiṫeaṁan na h‐éagcóra. 7Agus an aṁlaiḋ naċ n‐agarfaiḋ Dia cruaḋ‐ċás a ṁuinntire toġṫa féin ḃíos ag glaoḋaċ air de ló agus d’oiḋċe? 8Adeirim liḃ go n‐agarfaiḋ sé go luaṫ. Aċt ċeana, nuair ṫiocfas Mac an Duine, an ḃfaiġiḋ sé creideaṁ ar talaṁ?
9Agus aduḃairt sé an tsaṁlaoid seo le dream a ḃí muiniġineaċ asta féin gur ḋaoine fíréanta iad, agus ag a raiḃ tarcuisne ar ċáċ eile: 10Do ċuaiḋ beirt suas do’n teampall ċum urnaiġe do ḋéanaṁ; Fairisíneaċ ab eaḋ duine aca, agus poibleacán ab eaḋ an duine eile. 11Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo. 12Do‐ġním troscaḋ ḋá uair sa tseaċtṁain, íocaim an deaċṁaḋ ar gaċ a ḃfaġaim. 13Aċt d’ḟan an poibleacán ’n‐a ṡeasaṁ i ḃfad siar, agus ní ḋéanfaḋ sé fiú aṁáin a ṡúile d’árdú ċum neiṁe, aċt do ḃí sé ag bualaḋ a uċta, agus g‐á ráḋ, A Ḋia, déan trócaire orm‐sa, peacaċ. 14Adeirim liḃ go ndeaċaiḋ sé seo síos aḃaile agus é fíréanuiġṫe de ḃreis ar an duine eile: óir gaċ duine árdóċas é féin uṁlóċar é, aċt an té uṁluiġeas é féin árdóċar é.
15Agus ṫug daoine a naoiḋeana ċuige go gcuirfeaḋ sé a láṁa orṫa: aċt nuair do ċonnaic na deisceabail é, do ċuireadar cosc leo. 16Aċt do ġlaoḋ Íosa ċuige iad, agus aduḃairt sé, Leigiḋ do na leanḃaiḃ teaċt ċugam, agus ná biḋiḋ g‐á gcosc: óir is le n‐a leiṫéidiḃ sin ríoġaċt Dé. 17Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ ḃig ní raċaiḋ sé isteaċ innti ar ċor ar ḃiṫ.
18Agus do ċeistiġ taoiseaċ áiriṫe é, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, céard atá le déanaṁ agam ċum go mbéiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt agam? 19Agus aduḃairt Íosa leis, Cad ċuige ḋuit maiṫ do ṫaḃairt orm‐sa? Ní maiṫ aoinneaċ aċt Dia aṁáin. 20Is eol duit na h‐aiṫeanta, Ná déan aḋaltrannas, Ná déan dún‐ṁarḃaḋ, Ná déan goid, Ná taḃair fiaḋnaise ḃréige, Taḃair onóir dot’ aṫair agus dod’ ṁáṫair. 21Agus aduḃairt seisean, Do ċóiṁlíonas na neiṫe sin uile óm’ óige. 22Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise. 23Aċt ar n‐a ċlos sin dó‐san, d’éiriġ sé brónaċ go mór; óir do ḃí sé an‐tsaiḋḃir. 24Agus nuair do ċonnaic Íosa é, aduḃairt sé, Cad é a ḋeacraċt do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríoġaċt Dé! 25Oir is fusa do ċamall dul tré ċró snátaide, ’ná do ḋuine saiḋḃir dul isteaċ i ríoġaċt Dé. 26Agus aduḃairt siad‐san do ḃí ag éisteaċt leis, Má’s eaḋ, cia h‐é an duine gur féidir a ṡaoraḋ? 27Aċt aduḃairt seisean, Neiṫe naċ féidir le daoiniḃ is féidir le Dia iad. 28Agus aduḃairt Peadar, Féaċ, d’ḟágamair‐ne ár mbailte féin, agus do leanamar ṫusa. 29Agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní ḟuil aon duine d’ḟág teaċ, nó bean, nó dearḃráiṫre, nó aṫair, nó máṫair, nó clann, 30ar son ríoġaċta Dé, naċ ḃfaġaiḋ i ḃfad níos mó san aois seo, agus sa tsaoġal atá le teaċt an ḃeaṫa ṡíorraiḋe.
31Agus do ṫarraing sé ċuige an dáréag, agus aduḃairt sé leo, Féaċ, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóiṁlíonfar gaċ uile niḋ d’á ḃfuil scríoḃṫa ag na fáiḋiḃ i dtaoḃ Ṁic an Duine. 32Oir do‐ḃéarfar é do na Págánaċaiḃ, agus déanfar fonoṁaid faoi, agus do‐ḃéarfar droċ‐íde air, agus caiṫfear seile air; 33agus sciúrsálfaid é, agus marḃóċaid é: agus éireoċaiḋ sé arís an treas lá. 34Agus níor ṫuigeadar‐san rud ar biṫ de’n méid sin; agus do ceileaḋ briġ na cainnte orṫa, agus níor léir ḋóiḃ an méid aduḃraḋ.
35Agus ṫarla, ag druidim le Ieriċó ḋó, go raiḃ dall ’n‐a ṡuiḋe ar leaṫ‐taoiḃ an ḃealaiġ ag iarraiḋ déirce: 36agus nuair d’airiġ sé an sluaġ ag gaḃáil ṫairis, d’ḟiafruiġ sé créad ba ḃun leis. 37Agus d’inniseadar dó gurḃ é Íosa Nasarḋa do ḃí ag gaḃáil ṫairis. 38Agus do liúiġ sé, g‐á ráḋ, A Íosa, a Ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm. 39Agus do ḃagair siad‐san do ḃí ar tosaċ air ḃeiṫ ’n‐a ṫost: aċt ba ṁóide do ġlaoḋ sé, A ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm. 40Agus do stad Íosa, agus d’órduiġ sé a ṫaḃairt ċuige: agus nuair ṫáinig sé i ngar dó, d’ḟiafruiġ sé ḋe, 41Créad ba ṁian leat mise do ḋéanaṁ ḋuit? Agus aduḃairt seisean, A Ṫiġearna, mo raḋarc ṫaḃairt dom. 42Agus aduḃairt Íosa leis, Bíoḋ do raḋarc agat: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. 43Agus ar an láṫair fuair sé a raḋarc, agus do lean sé é, agus é ag taḃairt glóire do Ḋia: agus na daoine go léir, nuair do ċonnacadar é, ṫugadar molaḋ do Ḋia.
Currently Selected:
Lúcás 18: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.