Marcus 8
8
Caibidil VIII
Coṫuiġeann Críost ceiṫre ṁíle. Leiġeasann sé dall. Ḃeir sé raḃaḋ ḟá n-a ṗáis.
1Ins na laeṫe sin#Mait. 15, 32. nuair a ḃí sluaġ mór ann, agus gan dadaṁ le h-iṫe acu, ag glaoḋaċ ar a ḋeisciobail le ċéile dó, deir sé leo:
2Tá truaiġe agam doʼn tsluaġ, óir féaċ, tá siad anois trí lá i mo ċuideaċta, agus ní ḟuil rud ar biṫ le h-iṫe acu;
3Agus má ċuirim aḃaile ina dtroscaḋ iad, raċaiḋ siad i laige ar an ḃealaċ; óir ṫáinic cuid acu i ḃfad.
4Agus dʼḟreagair a ḋeisciobail é: Cá h-as a dtiocfaḋ le h-aoinneaċ iad a ṡásaṁ le h-arán annseo san ḟásaċ?
5Agus dʼḟiafruiġ sé ḋíoḃ: Cá ṁéad arán agaiḃ? Agus duḃairt siad: Seaċt gcinn.
6Agus dʼórduiġ sé doʼn tsluaġ suiḋe síos ar an talaṁ. Agus ag glacaḋ na seaċt n-arán dó, agus ag taḃairt ḃuiḋeaċais, ḃris sé an t-arán agus ṫug dá ḋeisciobail le roinn é: agus ċuir siad-san ós cóṁair an tsluaiġ é.
7Agus ḃí beagán de éisc ḃeaga acu, agus ḃeannuiġ sé iad, agus dʼórduiġ iad a roinn amaċ.
8Agus dʼiṫ siad gur sásaḋ iad, agus ṫóg siad seaċt gcléiḃ deʼn ċonamar a ḃí fágṫa i ḃfuiġleaċ.
9Agus ḃí tuairim agus ceiṫre ṁíle acu ann a ḃí i ndiaiḋ iṫe, agus ċuir sé ar ṡiuḃal iad.
10Agus ar an ḃall ċuaiḋ sé san ḃád le n-a ḋeisciobail, agus ṫáinic sé go ceanntar Ḋalmanuta.
11Agus ṫáinic na Fairisíniġ#Mait. 16, 1; Lúc. 11, 54. amaċ agus ṫoisiġ siad a argáil leis, ag iarraiḋ cóṁarṫa ó neaṁ air, ġá ḟéaċáil.
12Agus ag osnaiġil san Spiorad dó, deir sé: Cad ċuige a n-iarrann an ġlúin seo cóṁarṫa? Amén adeirim liḃ, naċ dtaḃarfar cóṁarṫa doʼn ġlúin seo.
13Agus ġá ḃḟágáil dó, ċuaiḋ sé san ḃád arís, agus dʼimṫiġ sé trasna na mara.
14Agus rinne siad dearmad arán a ṫaḃairt leo,#Mait. 16, 5. agus ní raiḃ aċt aon ḃuilḃín aṁáin leo san ḃád.
15Agus dʼáiṫin sé dóiḃ, ag ráḋ: Feicigiḋ, agus seaċnaigiḋ deascaiḋ na ḃFairisíneaċ agus deascaiḋ Ioruaiḋ.
16Agus ḃí siad ag meaḃruġaḋ eatorṫa féin, ag ráḋ: De ḃríġ naċ ḃfuil arán againn.
17Mar go raiḃ a ḟios sin ag Íosa, deir sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag meaḃruġaḋ, de ḃríġ naċ ḃfuil arán agaiḃ? An é naċ eol díḃ go fóill agus naċ dtuigeann siḃ? An ḃfuil an croiḋe dall go fóill agaiḃ?
18Tá súla agaiḃ agus naċ ḃfeiceann siḃ? Tá cluasa agaiḃ agus naċ gcluin siḃ? Ní mó ná sin a ċuiṁniġeann siḃ.#Marc. 6, 41; Eoin 6, 11.
19Nuair a ḃris mé na cúig h-aráin doʼn ċúig ṁíle, cá ṁéad bascáid lán de ċonamair a ṫóg siḃ? Deir siad leis: Ḋá ċionn déag.
20Agus na seaċt n-aráin ar an ċeiṫre ṁíle, cá ṁéad cliaḃ de ċonamair a ṫóg siḃ? Agus deir siad leis: Seaċt gcinn.
21Agus duḃairt seisean leo: Cad é an ḟáṫ naċ dtuigeann siḃ go fóill?
22Agus tig siad go Beṫsaida, agus ḃeir siad dall ċuige, agus ġuiḋ siad é a láṁ a ċur air.
23Agus ag breiṫ ar láiṁ an daill dó, ṫreoruirġ sé as an ḃaile amaċ é, agus ag cur seileoige ar a ṡúla dó, ċuir sé a láṁa air, agus dʼḟiafruiġ de an ḃfaca sé aon níḋ.
24Agus dʼaṁarc sé suas, agus duḃairt: Tċím na daoine mar ḃéaḋ crainn ann ag siuḃal.
25Annsin ċuir sé a láṁa ar a ṡúla arís, agus ṫoisiġ an t-aṁarc a ṫeaċt ċuige, agus leiġeasaḋ é san ċruṫ go ḃfaca sé gaċ níḋ go soiléir.
26Agus ċuir sé aḃaile ċun a ṫiġe féin é, ag ráḋ: Imṫiġ aḃaile ċun do ṫiġe féin, agus má ṫéro tú isteaċ san ḃaile, ná h-innis dʼaoinneaċ.
27Agus ċuaiḋ Íosa agus a ḋeisciobail amaċ go bailte Ċaesarea Ṗilip,#Mait. 16, 13; Lúc. 9, 18. agus ar an ḃealaċ ċeistiġ sé a ḋeisciobail, ag ráḋ leo: Cé adeir na daoine is mise?
28Agus duḃairt siad leis, ġá ḟreagairt: Eoin Baiste, cuid acu Elías, aċt tuillead acu duine de na fáiḋe.
29Annsin deir sé leo: Aċt cé adeir siḃ-se is mé? Deir Peadar leis, ġá ḟreagairt: Is tú an Críost.
30Agus ḃagair sé orṫa gan innse dʼaoinneaċ fá dtaoíḃ de.
31Agus ṫoisiġ sé a ṫeagasc dóiḃ go mbʼéigean do Ṁac an Duine mórán neiṫe dʼḟuilstin, agus a ḋiúltaḋ ag na seanóirí, agus na príoṁṡagairt agus na Scríoḃaiḋṫe, agus a ċur ċun báis, agus éirġe arís i gcionn ṫrí lá.
32Agus laḃair sé an ċainnt go soiléir. Agus rug Peadar air agus ṫoisiġ sé ar iomardaḋ leis.#Mait. 16, 23.
33Aċt ag tionntóḋ ṫart agus ag féaċaint ar a ḋeisciobail dó, ḃagair sé ar Ṗeadar, ag ráḋ: Gaḃ siar i mo ḋiaiḋ, a Ṡatain, óir ní h-iaḋ na neiṫe is le Dia a ṫaitneas leat, aċt na neiṫe a ḃaineas le daoine.
34Agus ar ċruinniuġaḋ an tsluaiġ mar aon le n-a ḋeisciobail le ċéile dó, duḃairt sé leo: Máʼs toil le h-aoinneaċ mise a leanaṁaint,#Mait. 10, 38, agus 16, 24; Lúc. 9, 23, agus 14, 27. diúltaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.
35Óir cibé ar toil leis a anam a ṡáḃáil, caillfiḋ sé é; aċt an té a ċaillfeas#Lúc. 17, 33; Eoin 12, 25. a anam ar mo ṡon-sa agus ar son an tsoiscéil, sáḃlóċaiḋ sé é.
36Óir cad é an tairḃe do ḋuine an doṁan uilig a ġnóṫuġaḋ, má ċailleann sé a anam?
37Nó cad é ḃéarfas duine i n-éiric a anama?
38Óir an té a mbéiḋ náire air fúm-sa agus faoi mo ḃriaṫar san ġlúin aḋaltrannaiġ ṗeacaṁail seo, béiḋ náire ar Ṁac an Duine faoi-sean fosta, nuair a ṫiocfas sé le n-a aingle naoṁṫa i nglóir a Aṫar.#Mait. 10, 33; Lúc. 9, 26, agus 12, 9.
39Agus duḃairt sé leo: Amén adeirim liḃ, go ḃfuil cuid dá ḃfuil ina seasaṁ annseo naċ mblaisfiḋ bás go dtí go ḃfetciḋ siad ríoġaċt Dé ag teaċt i gcuṁaċt.#Mait. 16, 28; Lúc. 9, 27.
Currently Selected:
Marcus 8: ASN1943G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland