YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 7

7
Caibidil VII
Daorann Críost na Fairisíniġ. Leiġeasann sé inġean na mná as Canán, agus an fear a ḃí boḋar agus balḃ.
1Agus ċruinniġ ċuige na Fairisíniġ, agus cuid de na Scríoḃaiḋṫe, ag teaċt ó Ierusalem dóiḃ.
2Agus nuair a ċonnaic siad cuid dá ḋeisciobail ag iṫe aráin le láṁa coitċeanna,#Mait. 15, 2. is é sin, gan niġe, rinne siad gearán.
3Óir ní iṫeann na Fairisíniġ agus nah-Iúdaiġ uiliggan a láṁa a niġe go minic, ag coiṁéad sean-ġnás na sinnsear.
4Agus ag teaċt ó ṁargaḋ dóiḃ, muna raiḃ siad niġte, ní iṫeann siad. Agus tá mórán neiṫe eile a tugaḋ dóiḃ le coiṁéad, niġe cupán, agus potaí, agus soiṫiġ práis, agus leabṫaċ.
5Agus dʼḟiafruiġ na Fairisíniġ agus na Scríoḃaiḋṫe de: Cad ċuige naċ siuḃlann do ḋeisciobail do réir ṡean-ġnás na sinnsear, aċt go n-iṫeann siad arán le láṁa coitċeanna?
6Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: A ḃréag-ċráiḃṫeaċa, is maiṫ a rinne Isaias#Isaias 29, 13. tairngireaċt oraiḃ-se, mar atá scríoḃṫa: Molann an pobal seo mé le n-a mbeola, aċt is fada uaim a gcroiḋe.
7Agus is i n-aisciḋ a ḃeir siad aḋrad daṁ, ag múineaḋ teagasc agus aiṫeanta daoine#7, 7 Teagasc agus aiṫeanta daoine. Féaċ na Nótaí ar Mait. 15, 9-11..
8Óir ag tréigin aiṫne Dé díḃ, coiṁéadann siḃ sean-ġnás daoine; ġní siḃ niġeaċán ar ṗotaí agus ar ċupáin agus mórán neiṫe eile deʼn tseort sin.
9Agus duḃairt sé leo: Is maiṫ a ċuireas siḃ aiṫne Dé ar neiṁníḋ ċun ḃur sean-ġnás a ċoiṁéad.
10Óir duḃairt Maoise: “Táḃair onóir do dʼaṫair agus do do ṁáṫair,”#Ecs. 20, 12; Deut. 5, 16; Eṗ. 6, 2. agus, “cibé a ṁalluiġeas aṫair nó máṫair, cuirtear ċun báis é.”#Ecs. 21, 17; Leiḃ. 20, 9; Sean-ḟ. 20, 20.
11Aċt deir siḃ-se: Má deir duine le n-a aṫair nó le n-a ṁáṫair, Corban, (is é sin, tioḋlacaḋ) ar biṫ uaim-se, raċaiḋ sé i dtairḃe duit-se,
12Agus ní ċeaduiġeann siḃ dó níos mó aon rud a ḋéanaṁ dá aṫair ná dá ṁáṫair,
13Ag cur briaṫar Dé ar neiṁníḋ le ḃur sean-ġnás, a ċleaċt siḃ, agus ġní siḃ mórán neiṫe dá leiṫéro sin.
14Agus ar ġairm an tsluaiġ ċuige dó arís, duḃairt sé leo:#Mait. 15, 10. Éistigiḋ uilig liom, agus tuigigiḋ.
15Ní ḟuil dadaṁ taoḃ amuiġ deʼn duine, agus a ṫéid isteaċ ann, a dʼḟéadfaḋ é a ṡaluġaḋ, aċt na neiṫe a ṫig amaċ as an duine, is iad sin a ṡaluiġeas an duine.
16Má tá cluasa ċun éisteaċta ag aoinneaċ, éisteaḋ sé.
17Agus nuair a ṫáinic sé isteaċ i dtiġ óʼn tsluaġ, ċuir a ḋeisciobail ceist air fáʼn ḟáiṫscéal.
18Agus deir sé leo: An ḃfuil siḃ-se gan tuigse mar sin fosta? Naċ dtuigeann siḃ naċ féidir do níḋ ar biṫ a ṫéid isteaċ san duine óʼn taoiḃ amuiġ é a ṡaluġaḋ:
19Óir ní ṫéid sé isteaċ ina ċroiḋe, aċt téid sé san ġoile, agus imṫiġeann sé amaċ san ċamra, ag glanaḋ amaċ gaċ bíḋ?
20Agus duḃairt sé gurab iad na neiṫe a ṫig amaċ as an duine a ṡaltuiġeas an duine.
21Óir is óʼn taoiḃ istiġ amaċ as croiḋe na ndaoine a ṫig na droċ-smaointe,#Gein. 6, 5. aḋaltranas, drúis, dúnṁarḃaḋ,
22Goro, sainnt, rógaireaċt, feall, neaṁġlaine, droċ-ṡúil, diaṁasla, díomas, baois.
23Tig na droċ-neiṫe sin uilig óʼn taoiḃ istiġ, agus saluiġeann siad an duine.
24Agus ar éirġe as an áit sin dó dʼimṫiġ sé go críoċa na Tiora agus na Sídoine,#Mait. 15, 21. agus ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ agus níor ṁian leis go mbéaḋ a ḟios sin ag aoinneaċ, aċt níorḃ ḟéidir dó folaċ.
25Óir bean, a raiḃ spiorad neaṁġlan ma h-inġin, nuair a ċuala sí fá dtaoiḃ de, ṫáinic sí isteaċ láiṫreaċ agus ċaiṫ í féin ag a ċosa.
26Óir bean ṗáganda a ḃí inntí, Síreféinigeaċ do réir ċiniḋ. Agus ġuiḋ sí é an deaṁan a ṫeilgean amaċ as a h-inġin.
27Agus duḃairt sé léi: Leig a sáiṫ a ṫaḃairt doʼn ċloinn ar dtús; óir ní ḟuil sé maiṫ arán na cloinne a ṫógáil agus a ċaiṫeaṁ ċuig na madaiḋ.
28Agus dʼḟreagair sise agus duḃairt leis: Is fíor sin, a Ṫiġearna, óir iṫeann na coileám fosta faoiʼn tábla de ġraḃrógaí na bpáistí.
29Agus duḃairt sé léi: Mar ġeall ar an ċainnt sin, imṫiġ; ċuaiḋ an deaṁan amaċ as do inġin.
30Agus nuair a dʼimṫiġ sí aḃaile ċun tiġe, fuair sí a h-inġean ina luiġe ar an leabaiḋ, agus an deaṁan ar ṡiuḃal.
31Agus ag fágáil ċríoċa na Tiora arís dó, ṫáinic sé fríd an tSídoin go muir na Gailile fríd lár ċríoċa an Decapolis.
32Agus ḃeir siad ċuige duine a ḃí boḋar agus balḃ,#Mait. 9, 32; Lúc. 11, 14. agus ġuiḋ siad é a láṁ a ċur air.
33Agus ġá ṫaḃairt i leaṫ taoiḃ óʼn tsluaġ dó, ċuir sé a ṁéara ina ċluasa, agus ag caiṫeaṁ amaċ seileoige dó, ḃain sé le n-a ṫeangaiḋ,
34Agus ag aṁarc suas ar neaṁ dó, leig sé osna, agus deir leis: Eṗṗeta, is é sin, bí foscailte.
35Agus ar an ḃomaite ḟosclaḋ a ċluasa, agus scaoileaḋ an ceangal dá ṫeangaiḋ, agus laḃair sé i gceart.
36Agus dʼórduiġ sé dóiḃ gan é dʼinnse dʼaoinneaċ. Aċt dá ṁéid a dʼórduiġ sé dóiḃ, is aṁlaiḋ is mó a ċraoḃscaoil siad é,
37Agus is aṁlaiḋ is mó a rinne siad iongantas de, ag ráḋ: Rinne sé gaċ níḋ go maiṫ: ṫug sé éisteaċt do na boḋair agus cainnt do na bailḃ.

Currently Selected:

Marcus 7: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in