YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 8

8
Caibidil VIII
Fáiṫscéal an ċuradóra. Ciúineann Críost an stoirm ar an ḟairrge: teilgeann sé amaċ léigiún deaṁan: Leiġeasann sé bean a raiḃ cur fola uirṫí: agus tógann sé inġean Iairuis ó’n ḃás.
1Agus ṫárlá ina ḋiaiḋ sin gur ṫaisteal sé caṫraċa agus bailte, ag seanmóir agus ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċt Dé, agus mar aon leis an dáréag,
2Agus mná áiriṫe a leiġeasaḋ ó ainspioraid agus ó ġalair: Máire,#Marc. 16, 9. dá ngoirtear Magdailéin, as a ndeaċaiḋ seaċt ndeaṁain amaċ,
3Agus Ioanna, bean Ċúsa, stiuḃard Ioruaiḋ, agus Susanna agus mórán eile, a ḃíoḋ ag freastal air as a maoin féin.
4Agus nuair a ċruinniġ sluaġ an-ṁór le ċéile, agus ḋeifriġ siad amaċ ċuige as na caṫraċa, duḃairt sé i ḃfuirm saṁlaoide:
5Ċuaiḋ an curadóir#Mait. 13, 3; Marc. 4, 3. amaċ a ċur a ċuid síl, agus ag cur an tsíl dó, ṫuit cuid de ar ṫaoiḃ an ḃóṫair, agus brúiġeaḋ faoi ċois é, agus d’iṫ éanaċa an aeir é.
6Agus ṫuit cuid eile de ar an ċarraig, agus cóṁ luaṫ agus d’ḟás sé, ṡearg sé, de ḃríġ naċ raiḃ taisleaċ aige.
7Agus ṫuit tuilleaḋ de fríd na dreasógaí agus d’ḟás na dreasógaí suas i n-aoinḟeaċt leis gur ṁúċ siad é.
8Agus ṫuit tuillead de ar an talaṁ ṁaiṫ, agus ar ḟás dó, ṫug sé toraḋ fá ċéad. Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aiġe, scairt sé go h-árd: An té a ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air, éisteaḋ sé.
9Agus d’ḟiafruiġ a ḋeisciobail de cad é ba ċiall leis an ḟáiṫscéal seo.
10Agus duḃairt sé leo: Is díḃ-se a tugaḋ eolas a ḃeiṫ agaiḃ ar rúindiaṁra ríoġaċt Dé, aċt do’n ċuid eile i ḃfuirm fáiṫscéal, ionnas, ar ḟeiceáil dóiḃ,#Isaias 6, 9; Mait. 13, 14; Marc. 4, 12; Eoin 12, 40; Gníoṁ. 28, 26; Róṁ. 11, 8. naċ ḃfeiceaḋ siad#8, 10 Ar ḟeiceáil dóiḃ, naċ ḃfeiceaḋ siad. Féaċ nóta ar Marc. 4, 12., agus ar ċluinstin dóiḃ, naċ dtuigeaḋ siad.
11Is é seo an fáiṫscéal: Is é briaṫar Dé an síol.
12Iad sin ar ṫaoiḃ an ḃóṫair, is iad a ċluin, aċt tig an diaḃal ina ḋiaiḋ sin, agus tógann sé an briaṫar as a gcroiḋṫe, ar eagla go gcreideaḋ siad agus go slánuiġtí iad.
13Is iad sin ar an ċarraig, an dream a ġlacas an briaṫar le h-áṫas, nuair a ċluin siad é, aċt ní ḃíonn fréaṁaċa ar biṫ acu sin, óir creideann siad ar feaḋ tamaill, agus le linn an ċaṫuiġṫe téid siad ar gcúl.
14Agus an ċuid a ṫuit imeasc na ndreasóg, is iad sin an dream a ċuala, aċt ar imṫeaċt dóiḃ, múċtar iad le cúraim, le saiḋḃris agus le pléisiúirí an tsaoġail seo, agus ní ṫaḃrann siad aon toraḋ uaṫa.
15Aċt an ċuid a ṫuit ar an talaṁ ṁaiṫ, is iad sin na daoine a ġlacas an briaṫar le déaġ-ċroiḋe iomlán, a ċongḃuiġeas é, agus a beir toraḋ uaṫa fá ḟoiġid.
16Agus ní ḟuil aoinneaċ a lasas coinneal,#Mait. 5, 15; Marc. 4, 21. a ḟoluiġeas le soiṫeaċ ná a ċuireas faoi leabaiḋ í, aċt cuireann sé ar ċoinnleoir í, ċun go ḃfeiciḋ na daoine a ḃíos ag teaċt isteaċ an solus.
17Óir ní ḟuil dadaṁ foluiġṫe naċ ḃfoillseoċar,#Mait. 10, 26; Marc. 4, 22. ná ceilte, naċ ḃfuiġṫear a ḟios agus naċ dtiocfaiḋ ċun soluis.
18Coiṁéadáigiḋ, ar an aḋḃar sin, cad é mar ċluin siḃ. Óir an té a ḃfuil aige, ḃéarfar dó,#Mait. 13, 12, agus 25, 29. agus cibé ar biṫ naċ ḃfuil aige, bainfear uaiḋ fiú an méid a ṁeasas sé a ḃeiṫ aige.
19Agus ṫáinic a ṁáṫair agus a ḃráiṫre ċuige,#Mait. 12, 46; Marc. 3, 22. aċt níor ḟéad siad teaċt i ngaoḃar dó mar ġeall ar an tsluaġ.
20Agus h-innseaḋ dó: Tá do ṁáṫair agus do ḃráiṫre ina seasaṁ amuiġ, agus fonn orṫa tú d’ḟeiceáil.
21Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: An luċt a éisteas le ḃriaṫar Dé agus a ġní dá réir, is iad sin mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre.
22Agus ṫárla lá aṁáin go ndeaċaiḋ sé féin agus a ḋeisciobail isteaċ i mbád,#Mait. 8, 23; Marc. 4, 36. agus duḃairt sé leo: Téiġimís anonn trasna an lóċa. Agus ċuaiḋ.
23Agus nuair a ḃí siad ag cur na fairrge díoḃ ṫuit seisean ina ċodlaḋ, agus ṫáinic stoirm gaoiṫe anuas ar an loċ, agus ḃí siad dá líonaḋ suas agus i gcontaḃairt.
24Agus ag dul ċuige dóiḃ, ṁuscarl siad é, ag ráḋ: A Ṁáiġistir, támuid dár gcailleaḋ. Agus ar éirġe dó-san, ḃagair sé ar an ġaoiṫ agus ar ċonfaḋ an uisce; agus stad siad, agus ṫáinic ciúineas.
25Agus duḃairt sé leo: Cá ḃfuil ḃur gcreideaṁ? Agus ḃí eagla agus iongantas orṫa, agus duḃairt siad le n-a ċéile: Cé h-é, dar leat, é seo, óir ḃeir sé órduġaḋ do ġaoṫa agus do ṁuir, agus géilleann siad dó?
26Agus ṡeól siad go ceanntar na nGeraisíní atá tall ós coinne na Gailile.
27Agus nuair a ṫáinic sé amaċ ar an talaṁ ṫirim, casaḋ air fear áiriṫe a raiḃ deaṁan ann le fada an lá, agus ní ḃíoḋ aon tuinnte éadaig air, agus ní ḋéanaḋ sé cóṁnaiḋe i dtig, aċt ins na tuambaí.
28Agus nuair a ċonnaic sé Íosa, ċaiṫ sé é féin roiṁe, agus ag scairtiġ amaċ de ġuṫ árd dó, duḃairt sé: Cad é an ḃaint atá agam-sa agus agat-sa le ċéile, a Íosa, a Ṁic an Dé is áirde? Impiḋim ort gan mé a ṗianaḋ.
29Óir ṫug sé órduġaḋ do’n Spiorad neaṁġlan dul amaċ as an duine. Óir ḃeireaḋ sé air go minic, agus ċeangailtí le slaḃraí é agus ċongḃuiġṫí le cuiḃreaċa é, agus ḃriseaḋ sé na ceanglaċa agus ṫiomáineaḋ an deaṁan isteaċ ins na fásaiġ é.
30Agus ċeistiġ Íosa é, ag ráḋ: Cad is ainm duit? Agus duḃairt seisean: Léigiún, óir ċuaiḋ mórán deaṁan isteaċ ann.
31Agus d’iarr siad air ġan é órduġaḋ a ṫaḃairt dóiḃ dul isteaċ san aiḃéis.
32Agus ḃí tréad mór muc annsin ag inġeilt ar an tsliaḃ, agus d’iarr siad air cead a ṫaḃairt dóiḃ dul isteaċ ionnta. Agus ṫug sé cead dóiḃ.
33Ar an aḋḃar sin ṫáinic na deaṁam amaċ as an duine, agus ċuaiḋ siad isteaċ ins na muca, agus d’imṫiġ an tréad de ruaṫar ar ṁullaċ a gcinn, isteaċ san loċ, agus plúċaḋ iad.
34Agus nuair a ċonnaic an luċt a ḃí ag aoḋaireaċt an níḋ a ṫárla, ṫeiċ siad isteaċ go dtí an ċaṫair agus go dtí na feirmeaċa ġá innse.
35Agus ċuaiḋ siad amaċ a ḟeiceáil an níḋ a ṫárla, agus ṫáinic siad ċuig Íosa; agus fuair siad an duine, as a ndeaċaiḋ na deaṁain amaċ, ina ṡuiḋe ag a ċosa, a ċuid éadaiġ air agus a ṁeaḃair slán, agus ġaḃ eagla iad.
36Agus iad sin fosta a ċonnaic, d’innis siad dóiḃ cad é mar saoraḋ ó’n léigiún é;
37Agus d’iarr luċt ċeanntar na nGeraisíní go léir air imṫeaċt uaṫa, óir ġaḃ eagla an-ṁór iad. Agus ag dul isteaċ san luing dó-san ṗill sé ṫar ais.
38Agus an fear as a ndeaċaiḋ na deaṁain amaċ, ġuiḋ sé é leigin dó féin a ḃeiṫ ina ċuideaċta. Aċt ċuir Íosa ar ṡiuḃal é, ag ráḋ:
39Pill ċun do ṫiġe féin agus innis a ṁéid agus a rinne Dia duit. Agus d’imṫiġ sé, agus d’ḟuagair fríd an ċaṫair uilig a ṁéid agus a rinne Íosa dó.
40Agus ṫárla, nuair a ṗill Íosa, gur ġaḃ an sluaġ ċuca é; óir ḃí siad uilig ag feiṫeaṁ leis.
41Agus féaċ, ṫáinic fear, darḃ ainm Iairus,#Mait. 9, 18; Marc. 5, 22. agus b’é uaċtarán na smeagóige é, agus ṫuit sé ag cosa Íosa, ag iarraiḋ air teaċt isteaċ ċun a tiġe,
42Óir ḃí aon inġean aṁáin aige timċeall ar a dá ḃliaḋain déag, agus ḃí sí ag faġáil ḃáis. Agus ṫárla, nuair a ḃí sé ag imṫeaċt, go raiḃ sé dá ḃrúġaḋ ag na sluaiġte.
43Agus ḃí bean áiriṫe ann a raiḃ cur fola uirṫí le ḋá ḃliaḋam déag, agus a raiḃ a maoin go h-iomlán caiṫte aice le liaġa, agus nárḃ ḟéidir le h-aoinneaċ í leiġeas;
44Ṫáinic sí taoḃ ṫiar agus ḃain sí le feaiṫim a éidiḋ, agus ar an ḃomaite stad a cur fola.
45Agus duḃairt Íosa: Cé h-é ḃain liom? Agus nuair a ḃí siad uilig ġá ṡéanaḋ, duḃairt Peadar agus an méid a ḃí leis: A Ṁáiġistir, tá na sluaiġte do ḃrúġaḋ agus do ċiapaḋ, agus an aḃair tú: Cé ḃain liom?
46Agus duḃairt Íosa: Ḃain duine éigin liom; óir tá a ḟios agam go ndeaċaiḋ cuṁaċt amaċ uaim.
47Agus nuair a ċonnaic an ḃean naċ raiḃ folaċ aice, ṫáinic sí agus í ar criṫ, agus ċaiṫ sí í féin ag a ċosa, agus d’innis sí ós cóṁair na ndaoine go léir cad ċuige ar ḃain sí leis, agus mar a leiġeasaḋ í ar an ḃomaite.
48Agus duḃairt seisean: A inġean, rinne do ċreideaṁ slán ṫú; imṫiġ fá ṡíoṫċáin.
49Le linn é ḃeiṫ go fóill ag cainnt ṫáinic duine áiriṫe ċuig uaċtarán na sineagóige, agus duḃairt leis: Tá do inġean marḃ; ná bí ġá ḃoḋraḋ.
50Agus nuair a ċuala Íosa an focal sin duḃairt sé le h-aṫair an ċailín: Ná bíoḋ eagla ort; creid aṁáin, agus béiḋ sí slán.
51Agus nuair a ṫáinic sé go dtí an teaċ, níor leig sé d’aoinneaċ dul isteaċ leis aċt Peadar agus Séamus agus Eoin, agus aṫair agus máṫair an ċailín.
52Agus ḃí siad uilig ag gol, agus ġá caoineaḋ. Aċt duḃairt seisean: Ná bígiḋ ag gol, ní marḃ atá an cailín, aċt ina codlaḋ.
53Agus rinne siad gáire fonaṁaide faoi, mar go raiḃ a ḟios acu go raiḃ sí marḃ.
54Agus ag breiṫ greim láiṁe dó uirṫí laḃair sé de ġuṫ árd, ag ráḋ: A ċáilín, éiriġ.
55Agus ṫáinic a spiorad ṫar ais, agus d’éiriġ sí ar an ḃall. Agus d’órduiġ sé rud a ṫaḃairt le h-iṫe dí.
56Agus ġaḃ uaṫḃás a h-aṫair agus a máṫair, agus d’aiṫin sé orṫa gan an níḋ a rinneaḋ d’innse do ḋuine ar biṫ.

Currently Selected:

Lúcas 8: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in