YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 57

57
LVII Psalm.
1Dean trócáre orm a Ḋé na ngrás,
Dean trócaire orm gaċ ré;
Oir ionadsa ta m’anam truaġ,
Ag cur á ḋóiġ go léir.
A’s raċuiġ me fáoi sgáil do sgéiṫ,
Mo ṫearmonn a’s mo neart;
Go tti a nuársin ann a dteid,
Ṫoram na huilc air fad.
2Eiġfiġ me ċum ann Dé is árd,
Ċum Dia ta láidir tréan;
A ċuireas leam gaċ cúis go críċ,
Mar ċi se ormsa féiḋm.
3Cuirfiḋ se neart o neaṁ, dom ḋion,
O ḃéim an ḟir ler ḃ’áil,
Mo ṡlugaḋ: cuirfiḋ Dia ċugam,
Ḟírin ’s a ġras gan dáil.
4Ṫa m’anam boċt a ccóṁnuiḋe fós,
A meoḋuin leóṁan ġairg;
A measg an drong na luiġ ata,
Air lasaḋ suas le feirg:
Dáoine ga ḃfuil a ḃfiacla fós,
Mar lann ’s mar ṡoiġde géur;
Mar ċloiḋṁe rinneaċ ’s aṁluiḋe sin,
A dteangṫa san go léir.
5Os cionn na neaṁ’, Ḋia tóg ṫu féin,
Os cionn gaċ tír do ġlóir;
6Fa ċoinne mo ċéim ġleus siad líon,
Ċrom m’anam sios go lár.
Sloċt reoṁam ṫoċladar a’s ṫuit,
Iad‐féin san log do rinn;
7Is gléusta mo ċroiḋe ’s gléusda a Ḋe,
Ḋuit cánfad molaḋ binn.
8Mosgail mo ġlóirse ṡaltair fós,
A ċlársuiġ duis’g gan ċáird;
Air maidin muisgil féin go moċ,
A’s seinneam ceól go hárd.
9Dia measg an ṗobuil molfad ṫú,
Ḋuit ċánfad ’measg an csluaġ:
10Oir t’fírinn a’s do ṫrócáre ṁór,
Go neaṁ na néul do ċuaiḋ.
11Arduiġṫir ṫúsa ’Ḋia na ḃfeart,
Os cionn ard‐neaṁ na spéur:
A’s tógṫar suas do ġlóir go hárd,
Os cionn gaċ tír go léir.

Currently Selected:

Psalm 57: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in